Bhí a fhios a’m, chomh luath agus a dhúisigh mé an mhaidin sin, go raibh sé imithe. D’airigh mé i bhfuacht na leapan é. Bheadh orm pluid níos troime a fháil ón áiléar. B’shin coicís ó shin, agus tá roinnt cuairteanna tugtha a’m ar an áiléar céanna ó shleamhnaigh an fómhar uainn ag tús na míosa seo caite. Tháinig fuacht an gheimhridh i bhfad roimh an am, shílfeá, gan fiú deireadh na míosa tagtha fós. Ach, cá bhfios dúinn - b’fhéidir go dtagann deireadh an fhómhair ag tús mhí Dheireadh Fómhair seachas ag a deireadh? Go deimhin, cá bhfios dúinn nach bhfuil baint éigin ag athrú aeráide leis an scéal!? Pé scéal é, chomh luath agus a airím fuacht an gheimhridh i mo chnámha, bíonn a fhios a’m go bhfuil sé in am dom slán a fhágáil ag éadaí éadroma an tsamhraidh agus éadaí troma an gheimhridh a chur ina n-áit.
Sula gcuirim éadaí an tséasúir san áiléar, is cuma samhradh nó geimhreadh ann, roinnim ina dhá chuid iad; cuirim i mála amháin na cinn as ar bhain mé úsáid i rith an tséasúir ar leith sin, agus cuirim i mála nó dhó eile na héadaí agus rudaí eile nár baineadh úsáid astu, ar chor ar bith, an séasúr sin. Téann an chéad mhála suas san áiléar, agus téann na málaí eile chuig siopa carthanachta. Bíonn líon na málaí ag athrú chuile bhliain. De réir a chéile, táim ag gearradh siar agus ag glanadh amach; ag fáil réidh leis na nithe sin nach bhfuil gá leo i mo shaol níos mó, agus ag coinneáil na rudaí a theastaíonn uaim.
Nuair a thosaigh mé ar dheighilt-éadaí an tséasúir seo, rith sé liom go mbíonn séasúir phearsanta a’inn fhéin, séasúir ina n-athraíonn tréith éigin dár meon nó dár saol, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tagann briseadh croí le tragóid nó le drochscéala, mar shampla, ach tagann ardú croí le grá, le cairdeas, le tacaíocht. In amanna mar sin, tagann athrú i saol an duine. Athraíonn an comhchaidreamh. Tagann cairde, imíonn cairde. Go comhfhiosach nó go fo-chomhfhiosach, tarlaíonn deighilt nó athruithe de shaghas éigin.
I láthair na huaire, tá daoine ag fulaingt i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá easaontas ag tarraingt athrú saoil gan choinne sa mullach ar dhaoine. Tá fir, mná agus páistí soineanta neamhchiontacha sáinnithe i lár cogaí nach féidir leo éalú uathu. Níl thart orthu ach fuacht an fhuatha. Nára fada go mbeidh teocht na síochána ina saol.
*******************************************
Foilsíodh leagan den scéal seo i bhforlíonadh Súil Thart na míosa seo, forlíonadh atá le fáil uair sa mhí sa nuachtán Donegal News. Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh.
No comments:
Post a Comment