I láthair na huaire, táim i gCeantar na nOileán, in áit
nach bhfuil leathanbhanda ar fáil agam an t-am ar fad, mar sin maithigí dom mo mhoill ag
teacht ar ais chugaibh, a léitheoirí.
Bhí am
an-deas againn i gCeatharlach, agus táim buíoch díbh uilig as na beannachtaí a sheol
sibh chugainn, don amhrán Le Do Thaobh. Mo chuimhne, agus ó tharla gur cuireadh ceist orm faoi seo, tá leaganacha den amhrán le fáil ar Amazon MP3, Spotify agus iTunes, chomh fada agus is eol dom. Déan cuardach leis na focail 'Le Do Thaobh' agus tiocfaidh sibh air, seans.
Mar atá
le feiceáil agaibh ón scórchlár thuas, níor éirigh linn an chéad áit sa chomórtas amhránaíochta ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a thabhairt linn, ach oíche ar dóigh a bhí ann, agus bhí na
duaiseanna tuillte acu siúd a bhuaigh sa chomórtas sin agus, go deimhin, i
chuile chomórtas i rith na féile – comhghairdeachas ó chroí leo uilig, agus le
chuile dhuine a ghlac páirt sna comórtais a eagraíodh don fhéile.
Ba mhaith
liom mo bhuíochas a ghabháil le coistí na Féile chomh maith céanna, mar bhí
clár iontach curtha le chéile acu, agus bhain mé sult nach beag as an méid a
chonaic agus a chuala mé agus mé thíos ann.
Ní amháin
sin, ach chaith an coiste áitiúil go hiontach liom am ar bith ar labhair mé leo
ar an bhfón nó ag an bhféile; daoine uaisle cumasacha fáilteacha iad, daoine a
dhéanann gach uile iarracht ar chultúir, ar theangacha agus ar thraidisiúin na
gCeilteach a choinneáil beo beathach. Molaim go
hard na spéire iad, agus tá áthas orm gur éirigh liom bualadh leo uilig i
gCeatharlach.
Mo
chuimhne, bhí Ollie Hennessy, stiúrthóir an cheoil, agus a chomhghleacaithe, ag
obair go dian i rith an ama, ag cinntiú go mbeadh an fhuaim agus an fhís mar ba
chóir ar an stáitse, agus rinne siad jab iontach, caithfidh mé a rá – maith
sibh, a fheara!
D’fhan mé
sa Talbot Carlow, óstán atá i Co. Laois, creid é nó ná creid, agus bhí na
hoibrithe ansin thar barr ar fad – Magda sa bhialann, Stephen sa bheár, agus
Lisa ag an bhfáiltiú, na daoine ar leith a thug mé faoi deara ann. Cén fáth?
Mar gheall ar an gcaoi ar chaith siad linn. Bhí siad cumasach agus cairdiúil, agus b'amhlaidh le hoibrithe na bialainne ann, ag an mbricfeasta, maidin lá arna mhárach.
Is cuma
cén áit a dtéim, bíonn daoine sa chúlra ag obair
go dian, agus bíonn comhghleacaithe acu a
chaitheann go hiontach leis an bpobal. Ach, mar a thug mé faoi deara agus mé ag
plé le hoibrí nó dhó i mBus Éireann an tseachtain seo caite, tá oibrithe ann a
chaitheann go tuirsiúil cuma-liomach leis an bpobal, chomh maith céanna. Ach, ní raibh a leithéidí romham i gCeatharlach - maith sibh uilig, a chairde!
Agus, go
raibh céad míle maith agaibh. Beidh mé ar ais libh arís.
3 comments:
Tá bhur n-amhrán aimsithe agam ar Spotify agus, dar fia, tá sé níos fearr fós ná mar a raibh mé ag súil leis.
Cuireann sé chansons na Fraince i gcuimhne dom, iad siúd le Georges Moustaki, mar shampla.
Gan dabht, cloisfear ar an raidió go minic é amach anseo.
maith sibh, an bheirt agaibh. Rinne Seoirse an-jab ar an oíche!
@ tá sé níos fearr fós ná mar a raibh mé ag súil leis.
Go raibh maith agat...ceapaim!:-)
@ Réaltán
Bhí sé iontach thú a fheiceáil arís, a chara, agus go raibh céad míle maith agat as do thacaíocht ar an oíche. Bhain mé an-sult as do chomhluadar, agus áthas ó chroí orm gur éirigh leat bheith ansin linn..:-)
Post a Comment