Tuesday, July 17, 2012

Scéal Ghaeilge Bhocht


Na Carachtair:

An Cat:                    Gaeilge
An Madra:                Béarla
Úinéir Ghaeilge:        Séamaisín 
Úinéir Bhéarla:        Bill

Bhí an cat, Gaeilge bhocht, iontach buartha. Bhí Bill théis bogadh isteach sa teach léi féin agus le Séamaisín, agus bhí a mhadra, Béarla, in éineacht leis.

Cé gur lean Séamaisín air ag labhairt le Gaeilge go minic, de réir mar a chuaigh na laethanta thart, is minice a labhródh sé le Bill agus le Béarla; madra a bhí de shíor ag rith i ndiaidh Ghaeilge, agus á ruaigeadh amach as an teach.

Chuir sé iontas ar an gcat nár thug Séamaisín suntas ar bith don chaoi a raibh Béarla ag caitheamh léi. Murach an doras beag a bhí gearrtha ag bun an dorais cúil, an cat flap mar a thug Bill air, bheadh Gaeilge bhocht maraithe ag Béarla. Thug an cat flap sin deis saoirse don chat, deis di éalú amach go Garraí na Gaeltachta, áit nach raibh aon mhadra eile le feiceáil.

Agus í amuigh sa gharraí sin, mhothaigh sí go raibh sí slán ón madra contúirteach sin, Béarla. Agus í ag spraoi ann, labhródh na comharsana le Gaeilge, ó am go chéile. Bhí siad an-bháúil léi. Bhí cait acu féin, agus ní raibh mórán measa acu ar mhadraí, ó chonaic siad an damáiste a d’fhéadfadh siad a dhéanamh, mura gcoinneofaí faoi smacht iad.  

Lá amháin, nuair a ruaig Béarla Gaeilge amach as an teach arís eile, céard a bhí le feiceáil amuigh sa gharraí aici ach madra eile! Ba léir gur leis an bhfear óg béal dorais é, mar go raibh sé á pheataireacht, ag rá ‘Good boy! leis an madra nua.  Bhí díomá ar Ghaeilge. Anois, ní bheadh sí in ann fanacht sa gharraí fiú! Cá rachadh sí?  

Thuig Gaeilge, go rómhaith, nach raibh mórán áiteanna eile a d’fhéadfadh sí a dhul. Bhí an domhan taobh amuigh de Gharraí na Gaeltachta an-mhór, gan ach corr áit ann le dúil acu i gcait amháin. 

Bhí a fhios aici, freisin, gur iomaí teach, fearacht a tí féin, ina raibh madraí móra láidre, agus ní raibh na madraí céanna, ná a n-úinéirí, róbháúil le cait. Bhí sí tuirseach. Thosaigh sí a siúl fada ar chosa laga. 

De réir mar a chuaigh na laethanta thart, níor thug Séamaisín faoi deara nach raibh Gaeilge sa teach níos mó, agus níor thug na comharsana faoi deara go raibh sí ar iarraidh ón ngarraí. Faoin am sin, thaitin Béarla go mór leosan agus lena bpáistí, iad uilig den bharúil go raibh madraí níos áisiúla agus níos deise, after all.

6 comments:

aonghus said...

Treise leat!

Néidí said...

Is maith liom seo ach ba chóir go mbeadh Gaeilge ina madra.

Nuair a bhogas abhaile, bhí ar mhadra mo mhamaí bogadh amach thréis dhá mhí.

Ní ligfidh Mise dó rud ar bith a dhéanamh agus mar sin bhog sé isteach le mo dheartháir.

Máire Burns said...

Tá seo ar dóigh. Scéal beag simplí a léiríonn an fhírinne faoin tsaol mór ina bhfuil muid beo.
Bail ö Dhia ort.

Mise Áine said...

@ Aonghus @ Mháire

Go raibh maith agaibh!

@ Néidí

Ní ligeann Sióg s'againne na madraí isteach sa teach ach an oireadh. Cait chiallmhara..;-)

ormondo said...

Bhaineas an-taitneamh as sin.

Agus ní foláir nó gur fhan Séamaisín go dtí nach raibh baol ar bith ann ach go raibh a chat imithe ar fad as chun luí isteach ar a bheith ag caitheamh ina dhiaidh agus ag rá "shur, if I had only known..."

Mise Áine said...

@ "shur, if I had only known..."

Is deacair ceann críonna a chur ar chloigeann óg ná aosta in amanna, a Fhearghuis..:-)