Tá sé de nós agam súil laethúil a chaitheamh ar shuíomh Nuacht1.com le go bhfeice mé céard iad na hailt ar na meáin ba mhaith liom a léamh. Cúpla lá ó shin, tháinig mé ar an nasc chuig an alt 'Baol stoirme geallta faoi Cháisc,' atá le fáil ar shuíomh nuachta RTÉ. Níl a fhios agam cé hé nó cé hí a bhíonn ag tuairisciú ar an suíomh sin, ach tá saibhreas na Gaeilge sna hailt uaidh nó uaithi, caithfidh mé a rá.
Luaite san alt faoin aimsir ghránna atá romhainn don deireadh seachtaine seo, thug mé suntas ar leith don líne 'Tá rabharta mór na n-éan linn...' mar nach raibh ainm an rabharta sin cloiste agam, cheana. Is léir nach mé amháin a thug suntas don rabharta sin, mar thosaigh comhrá eadrainn thall ar 'Bluesky,' áit a mbím fhéin agus na Spéiríní eile ag plé nithe a bhaineann le cultúr na tíre, i dteanga na tíre.
Tháinig Séamus ar an eolas seo agus ar an eolas seo faoi Rabharta Mór na nÉan, i gcartlann.ie, d'aimsigh Conchúr an t-eolas seo faoi rabhartaí (tá Rabharta Mór na nÉan luaite ann) ar duchas.ie, agus is féidir an giota seo thíos a fháil i leabhar Thomáis Uí Mháille, An Béal Beo, ar leathanach 86,
Labhair mé le hiascaire thiar sa mbaile, fear a bhí in ann a dheimhniú dom go dtugtar Rabharta Mór na nÉan ar Rabharta Mór an Earraigh, mar gurb é an rabharta sin an rabharta is mó, agus b'shin an t-am a roghnaíodh na báid mhóra a athsheoladh ar an bhfarraige, théis seal a bheith caite acu ar thalamh tirim, tar éis Rabharta Mór an Fhómhair; idir Rabharta Mór an Fhómhair agus Rabharta Mór na nÉan, bhíodh na báid tarraingthe suas ar thalamh tirim le hiad a dheisiú nó a tarráil mar ba ghá.
Is ag an am sin, théis an rabharta, a thosaíonn na héin ag tógáil a gcuid neadacha ar na carraigeacha. Bíonn snáth mara fágtha ag rabharta mór na n-éan, agus tógann gach éan a nead níos airde ná an líne sin, mar go nglacann siad leis, is dócha, nach mbeidh aon rabharta eile ann a bheas níos airde agus, dá bhrí sin, nach ndéanfaidh an fharraige damáiste don nead; cuimhne ghéiniteach éigin ag feidhmiú, seans. Ó tharla go mbíonn feamainn caite ar an gcladach tar éis an rabharta, agus giotaí de rópaí agus d'eangacha, freisin, is as na hábhair sin agus tuilleadh a dhéanann éin na mara a gcuid neadacha.
Ach, san áit a mbíonn nead bíonn ubh, agus is maith a bhíodh a fhios ag na hiascairí é sin. Nuair a thógfaidís sos ón iascaireacht, isteach leo ar na carraigeacha le hubh a fháil le hithe. Ní mó ná sásta a bhíodh na héin, agus chaithfidís clocha beaga sa mullach ar na hiascairí, ag iarraidh iad a chur dá ngoile, is dócha. Níorbh fhéidir na huibheacha a ithe théis coicís a bheith caite acu sa nead, mar bheadh éinín ag fás san ubh faoin am sin, is dócha.
Tarraingíonn scéal scéal eile. Go raibh maith agat, a Mhichael. Bhain mé an-taitneamh as ár gcomhrá, inné, agus táim thar a bheith buíoch díot as na scéalta, agus as an eolas sa bhreis, a roinn tú liom.
No comments:
Post a Comment