Seans maith go bhfuil aithne agat ar a leithéid de dhuine
agus cancrán - an duine sin nach bhfeiceann ach an ghloine leathlán, agus a
déarfadh chomh sciobtha céanna nach é an leacht atá sa ngloine leathlán sin a
bhí uaidh ar an gcéad dul síos! I bhfocla eile, ní féidir é a shásamh. Ach
amháin, b’fhéidir, má chastar é ar chancrán eile. Ansin, bheadh an bheirt acu
ag sciolladh agus ag feannadh, ceann ag baint bairr den cheann eile, iad sona
sásta i gcomhluadar a chéile. É sin ráite, seans nach n-admhóidís go raibh siad
sona sásta; ní ligfeadh an cantal dóibh sonas a aithint ná a admháil, sílim.
Fadó agus muide óg, an chlann ar fad inár suí chun boird am dinnéir, bhíodh caint agus comhrá eadrainn faoi seo ‘gus siúd. Go minic, bhíodh scéalta comhaimseartha faoi chaibidil a’inn agus d’éistfeadh m’athair is mo mháthair linn ag cabaireacht, gan mórán le rá acu ach amháin nuair a cheap siad go raibh duine a’inn ag dul thar fóir lenár mbreithiúnas. Is ansin a chloisfeá an glór stuama tuisceanach ag rá,
‘Ar shiúl tú i mbróga an duine sin, riamh?’
Chuidigh báúlacht agus dea-chroíúlacht mo thuismitheoirí liom, go mór, thar na blianta. Thuig mé, luath go maith i mo shaol, go gcaithfinn a bheith fíor chúramach faoin mbarúil a thabharfainn, nó faoin scéal a d’inseoinn faoi shaol éinne eile, mar nár shiúl mé riamh ina bhróga. Teastaíonn cúram nuair nach léir scéal ina iomláine. Ní féidir linn a bheith cinnte céard atá ag tarlú i saol duine ar bith, cén easpa atá ina shaol, fiú má shíleann muid fhéin a mhalairt. Is minic a chloistear ‘money follows money’ ráite nuair a bhuann duine duais airgid, ach an féidir a bheith cinnte go raibh an buaiteoir saibhir roimh a bhua? Cá bhfios dúinn nach raibh sé domhain i bhfiacha roimhe, fiú mura raibh aon dealramh d’easpa le feiceáil? Ní mar a shíltear a bítear, go minic.
Níor bhris focal maith fiacail riamh, ach is féidir leis an leathfhírinne an-damáiste a dhéanamh. Táthar ann a chreideann gach a gcloiseann siad, nó gach a léann siad, agus roinnfidh siad an scéal le daoine eile amhail is gur fíorscéal atá ann, beag beann ar aon fhianaise ach fianaise na foinse atá díreach théis an scéal a roinnt leo. Ní theastaíonn, go minic, ach abairt dhiúltach amháin nó teoiric chomhcheilge le tine na míshástachta a fhadú. Is ar an gcaoi sin a ghríosaítear fearg, cáineadh, milleán agus locht, shílfeá.
Más fíor an seanfhocal nach mbíonn tine ach san áit a mbíonn ábhar, b’fhéidir go bhfuil sé thar am cúiseanna na míshástachta a scrúdú le gur féidir dul i ngleic leo, agus stop a chur le lucht an ghríosaithe.
No comments:
Post a Comment