Thursday, December 2, 2021

An Eilifint

Bhí dearmad glan déanta agam den eilifint. Go dtí an tseachtain seo caite, nuair a tháinig sí ar ais, gan súil ar bith agam léi.

Bhíodh sí linn ar feadh blianta fada, nuair a bhíodh mo pháistí fhéin ina bpáistí. Thiocfadh sí linn sa charr, go rialta, agus bhíodh sí linn ag dul chuig an siopa, nó ar laethanta saoire, ach go háirithe. Go deimhin, áit ar bith ina raibh mise agus na páistí ag taisteal le chéile, ní raibh an eilifint i bhfad uainn.

Ar ndóigh, níor thug na páistí í faoi deara. Ní raibh aon duine in ann í a fheiceáil ach mise.

Tá neart bealaí ann le heilifint a choinneáil i bhfolach, seans, ach is é an cleas as a mbainfinn fhéin úsáid ná cinnte a dhéanamh de go raibh mé ag labhairt le daoine soineanta, daoine a chreidfidh gach scéal áiféiseach as mo bhéal...am ar bith a raibh gá le haird a tharraingt i dtreo eile, abair.

Nuair a bhíodh sé ina réabadh, na páistí in adharca a chéile, ag argóint faoi rud éigin, bíodh muid i gcarr nó i gcruachás éigin eile ag an am, déarfainn,

‘Look! Where did that elephant come from?’

Ar ndóigh, ní shínfinn mo mhéar in aon treo. B’in an cleas. Stopfadh an réabadh, ar an bpointe, agus thosódh na páistí ag breathnú i chuile threo, teann iontais a leithéid de rud agus eilifint a bheith le feiceáil. Ba chuma cén treo inar bhreathnaigh siad, áfach, ní fhaca mo pháistí an eilifint sin riamh, cé go raibh sé, ahem, soiléir domsa go raibh sí ann.

D’fhreagair mé chuile cheist a cuireadh orm faoin eilifint, le díograis agus le fírinne, amhail is gurb é Santaí fhéin a bhí feicthe agam.

B’in ansin, seo anois. An tseachtain seo caite, bhí na garpháistí sa teach, ar cuairt. Thosaigh an réabadh. Smaoinigh mé ar an eilifint sin. Níor fhág sí an seomra riamh. 

“Féach!..” a scairt mé amach, agus iontas orm…

                                                                 ***************

Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News, san fhorlíonadh 'Súil Thart,' níos luaithe i mbliana. 

Beidh an scéilín is déanaí uaim, Cinnín Óir - An Fíorscéal, i bhforlíonadh na seachtaine seo chugainn. 

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh Súil Thart.

No comments: