"Tá mo chuid brístín orm, agus tá mé réidh!," arsa mo chara liom, agus í ag léim isteach i mo charr.
An chéad smaoineamh a rith liom (théis an gheit a bhí bainte asam a bheith caite go leataobh agam) ná gur fiú buíochas a thabhairt do dhia éigin go raibh an tóin infheicthe le mo thaobh clúdaithe, mar a bheifí ag súil; agus an dara smaoineamh a rith liom ná 'réidh le haghaidh céard?'
Bhuel, b'fhéidir nach raibh sa dara smaoineamh sin, i dáiríre, ach ceist; agus b'fhéidir gurb é sin an fáth gur thug sí na cosa léi, mar cheist, ó áit na smaointe, agus d'éalaigh sí, de ruathar, amach trí mo bhéal,
"Réidh le haghaidh céard?"
"Nach bhfuil a fhios agat..." arsa mo chara, "...nach bhfaighidh tú pingin rua ag an mbiongó, mura mbeidh na brístíní cóiriúla á gcaitheamh agat?" ar sí.
"Ach..." arsa mé féin..."...cén sórt brístíní iad na brístíní cóiriúla?"
"Ní haon ionadh nár bhuaigh tusa aon cheo ag an mbiongó riamh..." arsa bean an bhrístín chóiriúil (le hiontas, ceapaim),
"...mura bhfuil na huimhreacha cearta scríofa ar do bhrístín, cén chaoi a mbeidh an fear bocht atá i gceannas ar na duaiseanna in ann do 'check' a sheiceáil, agus an duais a thabhairt duit?"
"An bhfuil tusa ag rá liomsa..." a d'fhiafraigh mé, "...go mbeidh orm mo chuid brístín a thaispeáint, mar chruthúnas go bhfuil 'ceart' nó 'mícheart' i gceist?"
Bhreathnaigh mo chara orm, amhail is nach raibh ciall dá laghad agam.
"Ar ndóigh, cén tslí eile a bheadh aige cinneadh a dhéanamh faoi do ghlaoch, mura bhfeicfidh sé do chuid brístín?"
Fianaise i mbrístín! Sa lá atá inniu ann? Cé a chreidfeadh é...
No comments:
Post a Comment