Meas tú an dtagann cantal, nó easpa foighne, ar dhuine le haois?
Ní hé gur duine cantalach mé, chomh fada agus is eol dom, ach thug mé faoi deara, le blianta beaga anuas, go mbím ag rá 'Ochón!' níos minice ná mar a bhínn, tráth den tsaol.
Bhí am ann agus ní thabharfainn aird dá laghad ar éagsúlachtaí an tsaoil. Dá mba rud é go ndearna/go ndúirt duine rud éigin le nach n-aontóinn, scaoilfinn tharam é. Bhí fáth leis sin, agus tá fós - ní hionann mo dhearcadhsa ar chúrsaí an tsaoil agus dearcadh duine eile, b'fhéidir; an rud atá seafóideach, nó brónach, nó sotalach, nó míchothrom, nó iontach/ar fheabhas/dána/maith i mo thuairimse, a mhalairt ar fad a d'fhéadfadh bheith mar thuairim ag duine eile.
Sin éagsúlachtaí an tsaoil. Ní lia duine ná tuairim, mar is eol daoibh, a léitheoirí.
Ach, agus seo m'fhadhb le déanaí, ní dóigh liom gur ag feabhsú atá cúrsaí an tsaoil, ar chor ar bith, ach ag dul i ndonacht. Sin mo thuairim. Ní mhothaím go bhfuil cineáltas ná carthanacht ann, mar a bhíodh; go bhfuil dearmad déanta, go minic, ar thábhacht an duine; go bhfuil reiligiúin, polaitíocht, teorainneacha agus maoin shaolta ag treorú (nó ag míthreorú, más mian leat), meonta daoine.
Fágann sé sin go bhfuil go leor daoine bochta san fhaopach, go rómhinic. Tá go leor daoine ar an imeall. Tá go leor daoine ag fulaingt.
Ochón agus ochón ó...
No comments:
Post a Comment