Thursday, March 24, 2016

Tragóid

'Nach postúil mar bhreathnaíonns tú inniu
Gan díomú, gan cás ort ná náire
Tar éis bean bhocht a fhágáil gan fear
Agus teaghlach a fhágáil gan gáire'

Sin thuas véarsa as an dán *Soitheach na nDeor, dán ón bhfile Johnny Choil Mhaidhc, dán a scríobh sé faoi thragóid eile a tharla ar an bhfarraige lena bhfuil sé ag labhairt, blianta fada ó shin, nuair a bádh cara leis. 

Is dán é a rith liom, nuair a chuala mé faoin tragóid ar an gcéibh anseo i mBun Cranncha. Sí an fharraige chéanna a sciob cúigear, go míthrócaireach, ón saol, Dé Domhnaigh seo caite;  Seán, Mark, Evan, Ruth agus Jodie Lee. 

A bhuí leis an bhfear uasal cróga sin, Davitt Walsh, tá Rionaghac-Ann lena máthair, Louise, anois. Solas, de shaghas, i ndorchadas an bhróin. Go bhfaighe Louise bhocht sólás éigin i mbarróga an linbh a sábháladh. 

Arú inné, théis an chuid is measa den fhliú a bhí do mo chrá a chur díom, cheannaigh mé bláthanna, agus shúil mé i dtreo na céibhe. D'fhág mé na bláthanna ann, in aice na mbláthanna uilig a bhí ann romham, agus léigh mé na nótaí a bhí scríofa ag na daoine a d'fhág ann iad. Bhrisfeadh siad do chroí, a léitheoir, mura raibh do chroí briste cheana.  
Agus, ar ndóigh, níl duine ná deoraí nach bhfuil croíbhriste mar gheall ar an tubaiste uafásach seo. Tá a fhios agam é sin, mar gur chuala mé an brón agus an bhuairt á roinnt ag daoine lena chéile, amhail is dá mbeadh muid uilig ag iarraidh ciall ná réasún a dhéanamh den tubaiste a tharla. Ach, ní féidir. Níl focail ann len í a mhíniú, ná bealach ann len í a thuiscint. 

Shuigh mé ar an mballa, taobh leis an bhfánán ar an gcé, agus dúirt mé paidir nó dhó...ceann uaimse, ceann uaibhse. Níl a fhios agam cá dtéann gathanna na bpaidreacha agus na mbláthanna, a léitheoirí, ach is gathanna tacaíochta iad, a thagann ón gcroí. Go dtuga siad sólás don chroí nó don anam óna dteastaíonn siad, in am seo na buartha. 


*Ón leabhar Buille Faoi Thuairim Gabha, @ Cló Iar-Chonnachta Teo., 1987.

No comments: