Sunday, November 29, 2015

Focail Féilire

The time you enjoy wasting is not wasted time. 

Ar maidin, siad na focail sin thuas a bhí ar m'fhéilire deisce agus, thíos, tá an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin, agus mé ag cumadh liom,

Ní cur amú ama é am curtha amú go sultmhar. 

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur n-iarrachtaí féin, más mian libh. 

Dar leo anseo, tháinig an leagan Béarla ó Bertrand Russell, agus tá neart athfhriotal suimiúil eile aige ar leathanach sin brainyquote.com, feictear dom. 

Seanfhocal nó dhó, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Is maith an t-am nach gcloífidh. (Bás)

Ní thigeann an t-am a chaitear. (Cur i gCéill)

Tá an t-am á chaitheamh is gan an mhaith á déanamh. (Faillí)

Nuair a thiocfas an t-am tiocfaidh an chlann. (Flaithis)

An t-am is an taoille ní fhanann le éinne. (Moill)

Ní liom an t-am, ach is orm atá é a chaitheamh. (Saol)

Thursday, November 26, 2015

Bronntanas Uait?

Tá an Nollaig ag druidim linn, a léitheoirí, agus má tá bronntanais nó cártaí na Nollag le ceannacht agaibh fós, is féidir libh súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna ar an ábhar sin, ón mbliain seo caite anseo, agus ón mbliain roimhe sin anseo, más mian libh. 

Tá formhór na dtáirgí déanta in Éirinn, agus tá go leor acu le fáil i nGaeilge, nó le Gaeilge, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Mo chuimhne, sula ndéanfaidh mé dearmad orthu, agus ó tharla go bhfuil fear as Dún na nGall, Ian Harkin, bainteach leo, beidh an 'Irish-designed Lottie doll, with its more childlike features..' (tá na bábóga aoisiriúnach) le feiceáil ar an Late Late Toy Showsan oíche amárach, agus '...the Lottie Doll will be wearing a superhero outfit designed by a real-life child.' 

Ná fiafraigh díom cén sórt eile páiste a bheadh ann seachas ceann atá 'real life'... ní bhaineann sé sin leis an mblagmhír seo. Taitníonn na Lottie Dolls liom...tá teachtaireacht níos aoisoiriúnaí á tabhairt do pháistí ag an gcomhlacht, agus is maith liom é sin. 

I mbliana, nuair a bhí mé i Halla na Seastán ag Oireachtas na Samhna i mBaile Átha Cliath, chonaic mé táirgí a thaitin liom, agus b'fhéidir go mbeadh suim agaibh féin rud éigin mar iad a cheannacht, mar bhronntanas um Nollaig seo. 
Más cluichí don teaghlach atá uait, b'fhiú go mór duit súil a chaitheamh ar na táirgí Gaeilge atá ar shuíomh idirlín udar.ie. Tá Scrabble, Monopoly agus cluichí boird eile acu, iad uilig i nGaeilge, mar aon lena bpóstaeir agus leabhair do pháistí. 
Bhí neart smaointe do bhronntanais agus cártaí na Nollag le feiceáil ag seastán Gnó Mhaigh Eo, mar a bhí...
...éadaí do pháistí ó A Stóirín, agus tá siopa éadaí A Stór i gCaisleán an Bharraigh...tá cártaí i nGaeilge le fáil ó...
...nó is feidir leat cárta ar leith a fháil déanta, dá mba mhian leat, ach labhairt leis an ealaíontóir...
Tá Eolaire Ghnó Mháigh Eo le léamh anseo, más mian libh súil a chaitheamh ar tháirgí/síopaí Gaelacha eile. 

Más t-léinte nó dlúthdhíoscaí atá uait...

cheannaigh mé na cinn thuas, ag an Oireachtas, ar mhaithe le Scoil Chaitlín Maude i dTamhlacht, ach is féidir t-léinte Gaeilge a fháil ó hairybaby.com, ó gaelshirt.spreadshirt.ie, ó t-leine.ie, ó spailpin.com, ó deirse.com, nó ón siopacultúr.com, mar shampla. 
Maidir le dlúthdhioscaí, tharla sé go raibh An Crann Óg ag seoladh an dlúthdhiosca nua s'acu. Fuaim An Chiúnais, ag an Oireachtas i mbliana, agus cheannaigh mé é. Tá Mairéad Ní Mhaonaigh ag casadh traic amháin leo ar an dlúthdhiosca nua, ach tá na daoine óga iad féin thar barr mar amhránaithe, chomh maith, mar a chloisfidh sibh anseo

Is féidir meascán de dhlúthdhioscaí (scéalta, ceol, seanfhocla, amhráin srl.) a fháil ar an idirlíon; Futa FataMuintearasCló Iar-ChonnachtAn Siopa LeabharGael LinnDoimnicFios FeasaSpailpín, ach fios a bheith agat céard atá uait! 

Lá an Altaithe

Mar a dhéanaim chuile bhliain, ar an lá mór-le-rá seo, seolaim mo bheannachtaí chuig na daoine sin uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe, inniu. 

Ach, ar dtús, scéilín. 

Roinnt blianta ó shin, chuaigh scaifte de mo mhuintir thiar, agus scaifte de mo chlann féin abhus, anonn go Bostún, áit ar chaitheamar uilig Lá an Altaithe, leis an dream thall. 

Níl a fhios agam cé mhéad againn a shuí chun boird an lá sin, ach bhí muid uilig ann, trí ghlúin ar a laghad, agus b'aoibhinn an t-am a bhí againn, le chéile...ag ithe, ag ól 's ag comhrá, an seandream ag roinnt cuimhní cinn leis an dream óg; cuid de na cuimhní sin, bhí siad an-bhrónach ar fad, ach, formhór na gcuimhní...bhuel, rinneamar go leor gáirí. 

Tharla sé gur chuir deirfiúr amháin againn leabhráin d'amhráin le chéile, seanamhráin a bhformhór, agus bhíomar ag gabháil fhoinn, tar éis an dinnéir, go dtí nach aon amhrán ó na leabhráin nach raibh canta againn. Ar ndóigh, bhí fonn orainn tuilleadh óil amhráin a chasadh, agus chinn duine den dream óg go mba chóir dúinn tabhairt faoi 'Someone Like You' le Adele

Bhuel, thosaíomar...mar a dhéanfadh aon duine leathsteamáilte le leathamhrán ar eolas acu. Nuair a bhí an t-amhrán, ahem, casta againn, arsa m'iníon,

'OMG, Mum! Ye killed it!'

Ní dóigh liom gur moladh a bhí ann. 

Pé scéal é, a léitheoirí, cibé áit ina bhfuil sibh ag ceiliúradh inniu, go raibh sibh uilig ar bhur suaimhneas i gcuideachta bhur gcairde agus i gcuideachta bhur muintire; go raibh sibh uilig faoi shíocháin agus saor ó bhuairt. 

Agus... hello!...b'fhéidir gurbh fhearr amhráin Adele a sheachaint...

Thursday, November 19, 2015

Lá Idirnáisiúnta na bhFear

Murach gur chaith mé súil ar Ghréasán An Ghiolctha (GAG), ar maidin, ní bheadh a fhios agam gurb é inniu Lá Idirnáisiúnta na bhFear (Linbh), ach sea, a léitheoirí; agus ó tharla mé iontach mór le go leor acu, chinn mé mo bheannachtaí a sheoladh ina dtreo, inniu...go maire sibh bhur lá mór speisíalta, a fheara, agus na 364 gach lá eile atá, agus a bheas, speisialta in bhur saol!

Ar aon nós, tharla sé gur chuir an lá mór seo comhrá i gcuimhne dom; comhrá a bhí agam le fear, mar a tharlaíonn sé, fear atá, fearacht na mná seo, ina fhocalghráthóir. Ach an oiread liom féin, tá sé de nós aige, nuair a chastar cainteoirí dúchasacha na Gaeilge air, focal nó dhó, Béarla agus Gaeilge, a phlé leo, le go bhfeictear an bhfuil aon fhocal dúchasach Gaeilge ann don fhocal ar leith sin. 

An geábh seo, sé an focal 'aerach' a bhí faoi chaibidil acu. Anois, sula dtéim níos faide le mo scéal fada, ba mhaith liom an méid seo a rá libh...daoibhse atá ar chomhaois liom féin, tuigfidh sibh, go maith, cén míniú atá leis an bhfocal sin ach, de réir mar a chloisim, tá míniú eile ann don fhocal sin anois, creid é nó ná creid; ceann nach raibh ann, agus mise ag fás aníos, fadó, fadó, fadó. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, thosaigh an comhrá caidéiseach, mar a leanas,

'Bhfuil aon fhocal dúchasach agat don fhocal sin 'aerach?' a d'fhiafraigh an focalghráthóir den chainteoir dúchasach.

'M'anam, ach sin ceist mhaith!' arsa an cainteoir dúchasach, agus a mhachnamh á dhéanamh aige. 

Tar éis dó píosa a chaitheamh ag cogaint na círe, bhreathnaigh sé go dúchasach díchéillí dícheallach ar an gceistitheoir, agus d'fhreagair,

'Fan na bhFear, b'fhéidir...'

Bhuel, caithfidh mé a rá, a léitheoirí, gur baineadh geit asam féin, nuair a chuala mé an méid sin, mar is cosúil go bhfuilim aerach ó rugadh mé, agus ní raibh a fhios agam é! 

Bíodh lá maith agaibh, a fheara..:-) 

Friday, November 13, 2015

Seanfhocal

Na seanfhocail seo a leanas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht; na grianghraif uaimse, cinn a thóg mé anseo, i bPáirc Swan, le déanaí. 
Lúb leis an gcrann a lúbfas leat. (Cairdeas) 

Ní thagann duilliúr ar an gcrann a chríonas. (Aois)

Leagfaidh tua bheag crann mór. (Bás)

Nuair a ghearrtar géaga an chrainn is furasta an crann féin a leagadh. (Cúnamh)

Crann na foighde an crann is airde. (Flaithis)

Ní hé an crann a bhíos i bhfad ag crith an chéad chrann a thuitfeas. (Eolas)

Maireann an crann, ach ní mhaireann an lámh a chuir é. (Saol)

Wednesday, November 11, 2015

Oireachtas na Samhna 2015 - An Chúirt Filíochta

Mar a fheicfidh sibh ón ngrianghraf thuas, bhí scaifte breá d'fhilí na tíre i láthair ag an gCúirt Filíochta, arís i mbliana. Ó chlé, 

Art Ó Maolfeabhail, Seán Ó Muireagáin, Irene Ní Fhlanagáin, Gréagóir Ó Dúill, James Lawless, Celia de Fréine, Stiofán Ó Díreáin, Róisín Sheehy, Mise, Mícheál Ó hUanacháin, Máire Burns, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Máire Uí Eidhin, Dairena Ní Chinnéide, Bríd Ní Mhoráin, Proinsias Mac a'Bhaird, agus Labhras Ó Finneadha. 

Cé go rabhadar ann, ach nach raibh mé in ann theacht orthu nuair a bhí an grianghraf thuas á thógáil, bhí duine nó dhó eile i láthair a d'aithris a gcuid dánta ag an ócáid, agus ba iadsan,
Áine Ní Ghlinn, bean ar chuir mé aithne phearsanta uirthi, den chéad uair, ag Oireachtas na bliana seo. Is bean í a chuaigh i bhfeidhm go mór orm, caithfidh mé a rá, mar scríbhneoir agus mar dhuine, agus tá súil agam go gcasfar sinn ar a chéile arís, go luath; 
William Howard, leaid óg atá ag staidéar (ceol traidisiúnta, más buan mo chuimhne) in Ollscoil Luimnigh i láthair na huaire; duine eile a thaitin go mór liom, mar scríbhneoir agus mar dhuine, agus táim ag súil go mbeidh an bheirt againn ag obair le chéile ar thogra Gaeilge eile, amach anseo. (Ar bhealach, chuir sé Tomaí Ó Conghaile agus Séamus Barra Ó Súilleabháin i gcuimhne dom, fir eile le pearsantachtaí uaisle, agus cumas ar leith acu, i mo thuairim.)
Agus, ó tharla mé ag scríobh faoi dhaoine uaisle, ní féidir liom an Sirriam Gníomhach é féin, Proinsias Mac a'Bhaird, a fhágáil ar lár. Mar is léir ón ngrianghraf thuas, bíonn sé gníomhach, i gcónaí, ag déanamh cinnte de go bhfuil gach rud ag obair mar is cóir, ag an gCúirt Filíochta. Murach a chuid oibre díograisí (agus an tacaíocht a fhaigheann sé ó Fhoras na Gaeilge, agus ó fhoireann an Oireachtais) ní bheadh An Chúirt Filíochta ann, agus ag dul i dtreise chuile bhliain, mar atá sí. Maith iad uilig!  

Bhí mé féin agus Bríd Ní Mhoráin inár mná tí ag an ócáid, agus bhaineamar an-sult as an gcraic uilig, mar is iondúil. Tá go leor cairde ag an gCúirt, idir fhilí agus lucht éisteachta, agus a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, bhíomar uilig in ann theacht le chéile théis na Cúirte, freisin, am a chaitheamar ag ól, ag ibhe agus ag ithe. Deile!

Proinsias le teilgeoir na ndánta (a dhán féin le feiceáil thuas) agus, ar an mbord, Féiríní na bhFilí! ('dram beag uisce beatha, pins snaoisín agus crag duilisc')

James Lawless

Gréagóir Ó Dúill

Labhras Ó Finneadha

Áine Ní Ghlinn

Seán Ó Muireagáin

Bríd Ní Mhoráin

Art Ó Maolfabhail
 Stiofán Ó Díreáin

 Máire Burns

 Mise Áine

 Celia de Fréine

 Róisín Sheehy

 Irene Ní Fhlanagáin

 Ailbhe Ní Ghearbhuigh
Dairena Ní Chinnéide

 Mícheál Ó hUanacháin

 William Howard

Máire Uí Eidhin

Thursday, November 5, 2015

Sliocht Luimneach

Seans go raibh an t-ádh le cuid agaibh agus go raibh an deis agaibh bheith i láthair don 'Léamh agus Comhrá' a bhí ar bun ag 'Sliocht Gaillimh' in Áras na nGael i nGaillimh aréir, ach más rud nár éirigh leat bheith ansin, agus go bhfuil tú áit éigin i Luimneach anocht, b'fhiú go mór duit freastal ar 'Sliocht Luimneach,' ócáid a bheas ag siúl in Halla Íde, at 8:00 i.n.


Mar a fheicfidh sibh thuas, beidh Jackie MacDonncha, Micheál Ó Conghaile agus Réaltán Ní Leannáin (blagálaí 'Turas Amháin') ag léamh as na leabhair atá curtha i gcló acu leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht, an dream atá ag reáchtáil na hócáide i gcomhar leis An Siopa Leabhar, le Conradh na Gaeilge agus le Halla Íde Luimneach.

Go n-éirí go geal leo uilig!