Friday, September 11, 2015

Éan Scéal

 Tá sé deacair í a fheiceáil, gan dabht ar bith, ach tá sí ann....
...an chailleach dhubh ag móradh na haimsire áille, ar Loch Súilí, i mBun Cranncha, ar maidin inniu. 

Feictear dom, go deimhin, go bhfuil ainm nó dhó eile ag an cormorant, mar atá broigheall, duibhéan, murúchailltreathlach, fiach mara agus amplóir, ach cailleach dhubh an t-ainm a chuala mé féin, thiar i gConamara. 

An méid sin ráite, tá rogha nó dhó eile le feiceáil anseo, ainmneacha a chonaic mé i bhfoclóir Lane's Larger English-Irish Dictionary chomh maith, mar atá cabhail scréachóg, scarbh, seagadh, agus gairg, mar aon le fiach farraige, gairgéan, ballaire, gairrfhiach, agus glaimhfhiach! 

Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'a picture paints a thousand words'...

4 comments:

Denis said...

Tá sí riomú a heiteoga. Tá Broighill go leor anseo í Locha Cuan, ar an carraigheacha le lag trá.

Mise Áine said...

Deas cloisteáil uait, a Denis!

@ riomú a heiteoga

Níl an focal sin 'riomú' agam, ach is maith liom an focal sin 'eiteog'...'Chuir sé eiteoga ar mo chroí.'...nach bhfuil sé sin go deas!?

http://www.teanglann.ie/ga/fgb/eiteog

Denis said...

iontach maith, is deas bualadh leatsa fosta. Gabh mo leiscuil ach tá beagan Gaeilge agam - agus is tuaisceartach mé! Tá na tuaisceartaigh aisteach - aisteach agus iontach.! An focal 'eiteog' as canúint Uladh = sciathán as canúint Chonnacht. Bhí dearmad cló agam fein, tá sé triomú! .... tá an broigheall ag deanamh tirim a eiteoga... Is maith liom go mór 'Fiach Mara'...
ar chor a bith.....!
bb7b - beir bua

Mise Áine said...

Tuigim anois! ☺