Bhí mé ag ithe dinnéir le mo dheartháir i nGaillimh...cúpla lá eile, agus bheadh muid thall i mBostún, ag ithe dinnéir leis an gclann uilig ann...lá breithe mór-le-rá le ceiliúradh, an dtuigeann sibh...ag súil go mór leis...ach ansin, chonaic mé é...an nuacht ar an teilifís...buamáil ar Boylston Street...daoine trí chéile...daoine gonta...daoine caillte...tubaiste uafásach...siopaí scriosta...croíthe briste.
Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, bhí mé féin ar Boylston Street...dúirt mé paidir do mhuintir na háite sin...dúirt mé paidir do na daoine a chaill, agus do na daoine a cailleadh...dúirt mé paidir do na daoine a gortaíodh.
Ansin, trí fhuinneog an chairr, chonaic mé é...trasna an bhóthair...an teach tábhairne, Sólás...agus thuig mé, ag an bpointe sin, céard a thug ansin mé...bhí mé ag súil go dtabharfadh mo ghuí sólás de shaghas éigin dóibh siúd uilig a d'fhulaing ansin ar an lá seo anuraidh.
Más fiú a dhath mo phaidir, tá siad uilig i mo smaointe, agus i mo phaidreacha, arís, inniu.
2 comments:
Mar a déarfá, ní raibh déanta acu ach a bheith "san áit mhícheart ag an am mícheart"... Tá súil agam go n-éireoidh leo sa deireadh saol fiúntach a bhaint as tromluí an mhí-áidh seo.
Dála an scéil, cá mhinice a théann tú anonn?
Téim anonn má bhíonn ócáid chlainne ar leith ann, a chara...tá mo mháthair, agus cúigear síblíní liom, thall, mar sin bíonn ócáidí rialta ann, mar a thuigfeá.
@ Tá súil agam go n-éireoidh leo sa deireadh saol fiúntach a bhaint as tromluí an mhí-áidh seo.
Áiméan.
Post a Comment