Blianta ó shin, bhí mé cláraithe le suíomh idirlín, suíomh a bhain le poist a bhíodh le fáil sa seirbhís phoiblí, más buan mo chuimhne, agus gheobhainn ríomhphost ón láithreán gréasáin sin dá mbeadh post nua ar fáil.
Dá mbeadh suim agam sa phost, d'fhéadfainn brú ar an gcnaipe cuí ar an scáileán, an fhoirm chuí a líonadh isteach, ar líne (réamh-iarratas...liosta ceisteanna...freagraí le ticeáil) agus í a sheoladh chuig an eagraíocht ar leo an suíomh, eagraíocht a dhéanfadh anailís láithreach ar mo réamh-iarratas, ba chosúil. Rud éigin mar sin. Tagann fial le haois, an dtuigeann sibh.
Ar aon nós, sí mo chuimhne ná go mbrúfainn an cnaipe 'Send' agus, i gcónaí, gheobhainn teachtaireacht ar ais a déarfadh nach raibh mé feiliúnach don phost; nó, b'fhéidir go ndúradh nach raibh an post feiliúnach domsa - ní cuimhin liom - ach, pé scéal é, níor éirigh liom, riamh, dhul níos faide ná an réamh-iarratas sin.
Pé scéal é, tharla sé go raibh grúpa ban óga éirimiúla ina suí sa chistin liom lá amháin, agus bhí mé ag insint dóibh nach raibh ag éirí liom sna réamhiarratais. Arsa duine acu,
'You're probably being too honest in your replies?'
Bhuel, a léitheoirí, baineadh siar asam, caithfidh mé a rá. Ach, de réir cosúlachta, b'fhearr 'Yes' a thiceáil, fiú dá mba 'No' m'fhreagra ionraic, dá mba rud é go raibh uaim bogadh ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Bíodh sé sin fíor nó ná bíodh, ní dheachaigh mé i muinín na teicneolaíochta sin a thuilleadh. Sin mise. Fuair mé post as mo stuaim féin.
Ar maidin, bhí me ag léamh faoin gcraic seo, agus faoin gcraic seo, agus faoin gcraic seo. Táim i mo shuí ag an mbord sa chistin, agus tá mo thrust ag teitheadh...arís is arís is arís eile.
5 comments:
Bhí trust fágtha agat. Is mór an éacht í sin sa lá atá inniu ann. Agus níl misneach agam go reiteofar cúrsaí. Nuair atá airí ina suí go te teolaí ina ... ach níl me chun dul síos an bealach seo ar na blaganna - rachaidh me go politics ponc ie go bhfaighe mé amach smidiríní den fhírinne taobh thiar de na scéalta seo anseo is ansiúd ann.
@Is mór an éacht í sin sa lá atá inniu ann
Is mór, go deimhin, a Réaltán, ach bím dóchasach, ag súil go bhfuil airí ann nach bhfuil dearmad déanta acu ar bhochtanas, ar ghanntan, ar chrá.
Bhí líne amháin i m'amhrán 'Imirce' a chuaigh mar seo a leanas,
'Cá raibh an riaradh, an tsúil ghéar ‘s an cíoradh, a choinneodh boic mhóra faoi smacht?'
...táim den bharúil go bhfuil 'dearmad' nó dhó le ceartú fós..:-(
Ná caill do thrust, a Áine, ach ná bíodh trust agat as na daoine nach mbíonn de rún acu (go minic) ach an tír a chrú. Ní nach ionadh go mbíonn siad de shíor ag móradh an dlí mar is cosantóir mór dóibh an dlí céanna, de réir dealraimh.
@ cosantóir mór dóibh an dlí céanna
Bíonn an chuma sin ar an scéal, ó am go chéile - 'bealach éalaithe' eile, is dócha..:-(
Post a Comment