Dé Luain seo caite, tháinig meantán gorm isteach, agus chaith sé súil timpeall na háite...
...tháinig sé ar ais ar an gCéadaoin agus...
...thug sé leis a pháirtí, an geábh seo.
Ní fhaca mé ceachtar acu ó shin. Tá an teachín éan sin folamh fós, faraor, ach bhí an gheáitsíocht chéanna ar bun ag na meantáin anuraidh, mar a fheicfidh sibh anseo, mar sin tá neart ama fágtha acu le nead a thógáil fós, más mian leo. Chroch An Garraíodóir an seanteachín éan ar chrann eile, giota maith siar ón gceann nua, agus bhain sé dó an clúdach tosaigh, le spideoga a mhealladh. Ón méid atá léite agam anseo, is fearr le spideoga nead oscailte, an dtuigeann sibh.
Tá an ceamara infridhearg istigh sa seanteachín éan i gcónaí, ach tá sé ceangailte le teilifís na hoifige anois, áit a mbeidh mé in ann súil a choinneáil ar an gcraic uilig. Mar atá le feiceáil thíos, níl, ahem, éin-ne sa nead go fóill.
Go deimhin, ní dheachaigh aon éan i bhfoisceacht scread asail den seanteachín go dtí seo. Cén fáth? Níl leid dá laghad agam, a chairde, ach, tá foighid agam. Ceapaim. Beidh le feiceáil.
1 comment:
Iontach suimiúil, beidh orm súil a choimead ar seo!
Post a Comment