Ní maith liom gnéasachas. Ní maith liom ábharachas. Ní maith liom barbarachas. Ní maith liom lámhachas. Ní maith liom seicteachas. Ní maith liom aon -achas a fhágann duine gan a chearta daonna. Is cuma liom cén reiligiún/deachtóir/polaiteoir atá i gceannas ar aon náisiún/stát/tír, ba cheart go mbeadh a gcearta daonna ag chuile fhear, ag chuile bhean agus ag chuile pháiste, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad. Ach, ní mar sin a bhíonn an scéal, faraor.
Mo chuimhne, alt suimiúil ag mo chomhbhlagálaí, An Croiait, anseo, más mian le haon duine agaibh é a léamh.
Ach, ar ais liom chuig an tachtadh teanga, an Gaeltachtadh (m'fhocal féin) sin a luaigh mé ar dtús. Is Gael mé, atá Gaelach, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é. Ní le Gaeilge a tógadh mé, ach sí an Ghaeilge an teanga is ansa liom, seachas aon teanga eile. Sí mo mhian í a labhairt, í a scríobh, agus í a roinnt, aon deis a fhaighim. Sin mise.
Níl aon pholaitíocht i gceist le mo mhian, níl ann ach go mothaím bá le agus grá don teanga; mar go mbaineann sí linn féin, mar Ghaeil, is dóigh liom. Bhí sí sa tír ó thús ama, agus seans go bhfuil sí i mo ghéinte, dá bhrí sin. Ní féidir an dúchas a sheachaint, cé gur léir go bhfuil Gaeil ann atá a shéanadh, gan dabht. Tá an rogha sin acu. Ní fúmsa atá sé mo ghrá do, ná mo bhá le, mo dhúchas a bhrú ar aon duine. Cé go bhfuil cónaí orm i nGalltacht, tá mise i mo Ghaeltacht féin anseo i gCeann Scríbe, dar liom féin. Sin mise.
An méid sin ráite, fearacht Sheáin Uí Chuirreáin, An Comisinéir Teanga, goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais. Bíodh mé i nGaeltacht nó i nGalltacht, feictear dom go bhfuil an ceart sin tuillte agam, mar Ghael, gan trácht ar mo chearta bunreachtúla, mar atá siad luaite ag uimhir 1, 2 agus 3 anseo. Ní dóigh liom nach mbeadh fáil ar an bhFraincis in oifig phoiblí sa Fhrainc, mar shampla, ná nach mbeadh fáil ar an Spáinnis in oifig phoiblí sa Spáinn, abair, mar sin cén fáth nach bhfuil fáil ar an nGaeilge i ngach oifig phoiblí sa tír seo?
Ach, ní chaillfidh mé codladh na hoíche mar gheall air seo. Leanfaidh mé orm, in ainneoin an 'tachtadh' teanga sin a mhothaím ó na páirtithe polaitíochta éagsúla thar na blianta, agus in ainneoin mheath na teanga sna Gaeltachtaí, mar go gcreidim féin gur fúinn uilig atá sé ár dteanga a chaomhnú, más mian linn go mairfidh sí. Ní féidir brath ar aon rialtas, feictear dom. Is féidir linn ár nGaeltacht féin a chruthú, is cuma cá mbeimid; bíodh muid inár n-aonar, nó ná bíodh.
Beannóidh mé do na hoibrithe sna siopaí, agus sna hoifigí poiblí, trí mheán na Gaeilge, agus déanfaidh mé chuile iarracht ar mo ghnó a dhéanamh leo sa teanga sin, ach ní bhrúfaidh mé mo theanga dhúchais ar aon duine. Mura dtuigeann an Gael é féin a dhúchas, nó más mian leis a dhúchas a shéanadh nó a sheachaint, tá an ceart sin aige. Mura mian le hoibrí na tíre an teanga dhúchais a fhoghlaim, tá an ceart sin acu.
Ach, idir an dá linn, ná baintear mo chearta díomsa, le bhur dtoil.
9 comments:
Aontaím ar fad leat i dtaobh ár gceartanna cainte. Ní amháin go bhfuil an ceart agam mé féin a chur in iúil, tá an ceart agam mé féin a chur in iúil i mo rogha theanga. Níl aon cheart agam iachall a chur ar dhaoine eile an teanga sin a thuiscint ná a labhairt liom, ar ndóigh, ach tá an ceart 'am a bheith ag babbláil away.
Shílfeá, áfach, go mbeadh an cheart agat iachall a chur ar státseirbhísí agus polaiteoirí (aicme polaitiúil) in Éirinn an teanga a lábhairt leat mar go bhfuil tú ag íoc astu faoi bhagairt. Níl an ceart ag duine ar bith san aicme polaitiúil thú a dhiúltú agus iad ag sarú do cheartanna maoine.
Sílim gur mór an trua é gur ligeadh an rialtas thall an dlí iná thaobh a scriosadh.
Mura mian le hoibrí na tíre an teanga dhúchais a fhoghlaim, tá an ceart sin acu.
Is fíor sin faoin duine aonair. Ach ní fíor é faoi áisíneacht a bhfuil ceangal dlí orthu seirbhís trí Ghaeilge a chuir ar fáil. Tá muid ag íoc cáin. Tá seirbhís cuí dlite dúinn.
Mura mian le hoibrí teanga dhúchais na tíre a fhoghlaim, tá an ceart sin aige - ach ar chóir go mbeadh sé/sí fostaithe in oifig phoiblí 'a bhfuil ceangal dlí orthu seirbhís trí Ghaeilge a chuir ar fáil' - bhuel, sin í an cheist, go deimhin!
Tá mo chearta bainte díomsa, mura bhfuil séirbhís chuí curtha ar fáil, nach bhfuil?
Agus, ar ndóigh, shílfeá go mbeadh na polaiteoirí ag cinntiú go bhfuil siad ag cloí lenár gcearta bunreachtúla, ar a laghad. Meas tú cén fáth nach bhfuil an teanga dhúchais ag dó na geirbe acu?
Agus, meas tú an bhfuil an pobal, ag a bhfuil Gaeilge, ag baint úsáide as an teanga agus iad i mbun gnó sna hoifígí poiblí ar fud na tíre?
Agus, mura bhfuil lucht labhartha na teanga á labhairt sna hoifigí poiblí, bhfuil baol ann go gceapfadh na polaiteoirí/an rialtas nach bhfuil suim ag daoine sa teanga agus, dá bhrí sin, nach bhfuil gá oibrithe le Gaeilge a fhostú?
Ceisteanna, ceisteanna, ceisteanna...
"Gaeltachtadh"--is breá liom an focal, agus is focal cuí é ar go leor bealaí. Ag an am céanna, mar a deir tú, ní féidir linn brath ar "Ghaeltacaíocht" ón rialtas atá tar éis a thaispeáint arís agus arís eile nach bhfuil sé le trust.
@ gasuirlegaeilge
Maidir le Gaeltacaíocht, an féidir an locht uilig a fhágáil ar leac dorais na Dála? An bhfuil na Gaeil iad féin, pobal an tíre, ag tacú leis an teanga, go hairíthe na daoine sin ag a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu - bhfuil siad á húsáid sna hoifígí poiblí? Agus, mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? Nach gcothaíonn úsáid gá?
Agus, meas tú an bhfuil an pobal, ag a bhfuil Gaeilge, ag baint úsáide as an teanga agus iad i mbun gnó sna hoifígí poiblí ar fud na tíre?>>>>>>
B'fhéidir go mbeidís dá mbeadh a fhios acu go mbeadh Gaeilge ag an státseirbhíseach os á gcomhair??? Sílim fós gur mór an trua é nach bhfuil sé riachtanach dó státseirbhisí Gaeilge a bheith acu roimh post poiblí a fháil sa lá atá inniu ann.
Mothaíonn daoine rud beag amaideach ag baint úsáid as an teanga nach mbeidh ag an duine eile, nach mothaíonn?
(Ó agus ní dhéanfaidh muid trácht ar an bpolaitíocht a bhaineanns léi.)
{Ar ndóigh, bheadh sé go deas dá mbeinn in ann ag an teanga. Iallach a bhí mé ag iarraidh a scríobh thuas. Níl aon mhaith ionamsa ag a 4:30 gan mo chuid chaffeine. : / )
Ceart agat, a Áine, cothaíonn úsáid gá.
@ B'fhéidir go mbeidís dá mbeadh a fhios acu go mbeadh Gaeilge ag an státseirbhíseach os á gcomhair
Ach, mura labhraítear Gaeilge leis na hoibrithe, ní bheidh a fhios an bhfuil Gaeilge acu nó nach bhfuil! Níl sé de nós ag daoine ar m'aithne, a bhfuil Gaeilge mhaith acu, (chuir mé ceisteanna!) an teanga a úsáid in aon oifig phoiblí, mar go bhfuil Béarla acu féin, dar leo, agus 'nach cuma'. An rud nach dtuigtear, feictear domsa, ná mura mbainfear úsáid as an nGaeilge san hoifigí poiblí, beidh leithscéal ag na fostaitheoirí/ag an rialtas gan daoine le Gaeilge a fhostú, nach gceapfá? Cá bhfuil an 'riachtanas' mura mbainfidh lucht labhartha na Gaeilge úsáid as an teanga sna hoifígí seo - agus is minic nach mbaineann.
@ Mothaíonn daoine rud beag amaideach ag baint úsáid as an teanga nach mbeidh ag an duine eile
Cén fáth? An mothaíonn aon oibrí poiblí amaideach nuair a thagann duine gan Béarla isteach chucu? An fhadhb atá ann, ceapaim féin, ná go nglactar leis go bhfuil sé ceart go leor nach bhfuil Gaeilge ag go leor de na hoibrithe, ach, más buan mo thuiscint, is í 'an phríomhtheanga oifigúil í' agus níl sí ag formhór na n-oibrithe oifigúla, is cosúil - agus níl aon fhadhb ag daoine leis sin? An nglacfaí lena leithéidí in aon tír eile, meas tú?
Agus, tuigim do chás, maidir le caiféin..;-)
Post a Comment