Saturday, September 7, 2013

Cearc Go Leor!


Má bhíonn cearc leat ag breith, caithfidh tú cur suas lena glagarnaigh. 

Tháinig mé ar an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, agus thóg mé an pictiúr thuas i dTír An Fhia, níl sé i bhfad ó shin, am a raibh mé ar thóir Áilleacht na Gaeltachta. Mo chuimhne, tá agaibh go dtí 5 i.n. Dé Máirt seo chugainn le bhur vótaí a chaitheamh anseo, a léitheoirí, más mian libh bhur dtuairim faoi áilleacht na Gaeltachta a roinnt, trí 'Like' a bhrú ar an ngrianghraf is fearr libh. 

Ar aon nós, tá neart seanfhocal sa leabhar céanna ina bhfuil cearca luaite iontu, ach tháinig an ceann ar leith sin thuas faoin gceannteideal Brabach, mar a thuigfeá .i. an craiceann agus a luach, mar a déarfá, ó tharla gur fiú an tairbhe an trioblóid, is dócha. 

Cibé scéal é, thug mé faoi deara, agus mé ag útamáil liom tríd an leabhar thuasluaite, go bhfuil giota scríofa ann faoi chiall an tseanfhocail 'Cearca samhraidh agus crábáin fómhair, níl aon mhaith leo.' Deirtear ann, faoin éanlaith a thagann amach mall sa bhliain, nach bhfásann an éanlaith sin mar is ceart, agus go mbíonn siad 'giortach.' 

Maidir le 'crábán', sin coileach le drochghlaoch aige, nó gan glaoch ar bith aige - focal é crábán nach ionann é agus an focal crabadán, ón leabhar Cén Sórt É, focal a chiallaíonn cantalach. Cúpla sampla eile uaim, ón leabhar sin, anseo, a léitheoirí. 

Dar leis an seanscéal atá scríofa ar leathanach 92 den leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá pisreoga ag baint le coiligh agus cearca an Mhárta. Is ionann é coileach Mártain agus coileach a rugadh i Mí Márta (mar aon lena athair agus a mháthair roimhe); tá an bua aige go bhfuil sé 'in ann duine a shábháil ó spiorad.

Má bheirtear coileach, a athair agus a sheanathair i Mí an Mhárta, dar leis an bpisreog, 'nuair a ghlaonn sé, tá dainséar na hoíche thart agus níl diabhal ná sióga in ann baint le daoine.' 

Is cosúil nach bhfuil sé ceart 'coileach a thiocfadh amach faoi Fhéile Mhártain a ithe' agus go bhfuil 'coileach firinnach Márta in ann namhaid a aithint fad garraí ón teach.' 

Más rud go bhfuil sibh ag iarraidh tuilleadh den seanchas béil maidir le Oíche Fhéile Mártain, agus féilte eile, a léamh, a léitheoirí, tá siad le fáil faoin gceannteideal Féilte sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, nó b'fhéidir go mbeadh eolas ar an bhféile le fáil áit éigin ar an suíomh seo


4 comments:

Dennis King said...

“gan ghlaoch” - Sin dóigh thimchainteach le rá gur “cábún” atá ann, .i. capon, nach ea?

Mise Áine said...

Ceist mhaith, a Dennis! Is focal é 'crábán' a fuair mé sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, ach ní focal é a chuala mise riamh (ná an focal sin 'capon' mar a tharlaíonn sé!) - ach, chuir mé ceist nó dhó ar an dream thiar, ar son na cúise, an dtuigeann tú, mar ní raibh cearc ná coileach thart orm féin, agus mé ag fás aníos. Pé scéal é, cé gur chuala duine nó dhó faoin 'coileach gan glaoch' ní raibh aon fhocal ar leith acu ar a leitheidí. Nuair a labhair mé leo faoin 'capon' agus an chiall 'castrated cock' a fuair mé in Chambers English Dictionary maidir leis, cuireadh an cheist orm cén chaoi a bhféadfadh duine coileach a choilleadh! Ceist mhaith eile, arsa mé féin liom féin..:-)

Mise Áine said...

Mo chuimhne, séard a chuala mé, maidir leis an 'coileach gan glaoch' go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh coileach in ál, ach gur cruth an choiligh a bheadh air, go mbeadh sé 'idir cearc agus coileach' .i. nach coileach mar is ceart é, mar a déarfá, nach mbeadh aon 'teacht aniar ann,' mar a dúradh liom.

Mo chuimhne eile, ní 'gan ghlaoch' atá sa leabhar, ná i mbéal na gcainteoirí dúchasacha lenar labhair mé..:-)

Dennis King said...

“cén chaoi a bhféadfadh duine coileach a choilleadh”

Níl a fhios agam ach oiread, ach déantar é, is cosúil, agus is dócha go bhfuil ceacht céim-ar-chéim air seo le fáil áit éigin ar YouTube!