Maithiúnas i do chroí, cuimhneamh i do cheann.
Forgive your enemies, but never forget their names.
An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ó John F. Kennedy.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí.
Seanfhocal nó dhó as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Comhairle, mar a leanas:
Éist go glic le comhairle an tseanduine.
Is ionann comhairle is cúnamh.
Is fusa comhairle a thabhairt ná a ghlacadh.
Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán.
Ná cuir méar trí do shúil féin.
Is fearr comhairle in am ná dhá chomhairle ar ball.
Scrúdaigh go maith an chomhairle atá ag dul i bhfabhar smaointe.
3 comments:
"Fág do mhaithiúnas leis an namhaid, agus fág a ainm greanta ar do chuimhneamh."
Ní fheadar an bhfuil sé inráite mar sin.
Do naimhde maite agat
A n-ainmneacha greanta
Maith sibh..:-)
Post a Comment