Ar an 19 Bealtaine, bhí trí ubh sa nead, péire acu inti ón 4 Bealtaine, agus an ceann eile inti ón 5 Bealtaine. Bhí an meantán mór ag goradh go laethúil, agus bhí a páirtí ag teacht chuici le bia, go rialta.
Ar m'éirí dhom ar an 20 Bealtaine, chonaic mé ubh amháin sa nead, agus dhá éinín; iad ina gcodladh ar dtús, ach ansin...
...tháinig a Mamaí ar ais, agus d'oscail siad a mbéil ocracha, ag fanacht le beathú uaithi. Cé go bhfuil sé deacair é a fheiceáil ón ngrianghraf thuas, tá seilide ina béal aici - nó cruimh, b'fhéidir. Nílim cinnte céard a bhíonn ina mbéil acu, ach tagann na meantáin mhóra le feithidí éagsúla chuig na héiníní, go minic, chuile lá.
Nuair a d'éirigh mé inné, ar an 21 Bealtaine, bhí an tríú ubh imithe, agus éinín eile sa nead ina háit. Deacair na trí éinín a fheiceáil, a léitheoirí, ach tá siad ann, geallaim daoibh.
Clanna Éan
Beidh tuilleadh uaim, amach anseo, mar beidh an t-ál ag fás, de réir a chéile. is dóigh liom. Meas tú an dtabharfá meantáin mhóra bheaga ar an héiníní sin? Hmmm...
3 comments:
Cén chaoi is féidir le rud chomh gránna le héinín a bheith chomh gleoite sin ag an am céanna?!
(Deacair a chreisdiúint go bhfuil na héiníní ann cheana féin, DAS.)
meantáin mhóra bheaga bhídeacha
@ April
Is minic áilleacht i ngránnacht, ag brath ar dhearcadh an bhreathnóra..:-)
@ Réaltán
MMBB atá ag fás faoi luas!
Post a Comment