Táim ag leanúint ar aghaidh le m'fhocail nuachumtha, a léitheoirí, agus seo chugaibh ceann nua a rith liom inniu:
Cráifteachán: duine atá ciaptha ag reiligiún.
Mar is iondúil, níl ach athrú beag amháin déanta agam ar fhocal ón bhfoclóir, agus tá mo shainmhíniú féin tugtha agam, freisin.
2 comments:
Cráifteachán: duine atá ciaptha ag reiligiún = An Pápa féin, is dócha?
An féidir gur chum tú an ceann seo faoi anáil na n-imeachtaí sa Róimh?
Is iomaí cráifteachán sa domhan atá, óg agus aosta, fir agus mná...dán beag uaim ansin duit, a Fhearghuis..:-)
@ faoi anáil na n-imeachtaí sa Róimh?
Ar fheiceáil na fir uilig thall ansin, agus iad ag umhlú d'fhear eile, seans go raibh baint éigin aige sin leis an mír, ceart go leor.
Post a Comment