Láithreoir na hócáide, Daithí Ó Sé
Ní dhéanfaidh mé scéal fada den dea-scéal, a léitheoirí, mar sin níl le rá agam libh anois ach go ndearna an t-amhránaí Seoirse Ó Dochartaigh, éacht oibre ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach i gCeatharlach oíche Déardaoin seo caite, agus bhain ár n-amhrán, Le Do Thaobh, an chéad duais sa chomórtas sin. Wúhúúúú!
Seán Ó Sé, Daithí Ó Sé, David Wilkinson (IMRO), Mise Áine, Seoirse, Antoine Ó Coileáin (Gael Linn)
IMRO, i
gcomhar le Gael Linn, a bhí i mbun urraíochta ar an gcomórtas, (go raibh céad
MÍLE maith agaibh, a dhaoine uaisle!) agus b’iad Séan Ó Sé, Colm Mac Séalaigh
agus Traic Ó Braonáin a bhí ar an bpainéal moltóireachta – mo bhuíochas ó chroí
libhse, freisin, a fheara! Bhí jab iontach crua le déanamh acu, a léitheoirí,
mar bhí caighdeán an-ard ag na hamhráin uilig, agus bheadh duais tuillte ag
chuile amhrán beo acu, cheap mé féin.
Cá raibh sibh, a Raidió na Gaeltachta agus TG4, am a raibh deis agaibh an tallann sin uilig a thaifeadadh?
Cá raibh sibh, a Raidió na Gaeltachta agus TG4, am a raibh deis agaibh an tallann sin uilig a thaifeadadh?
Daithí, Áine, Seoirse
Daithí Ó Sé a bhí ina fhear an tí. Níor casadh Daithí orm riamh roimhe, agus is fear iontach deas, dathúil cumasach é, a léitheoirí, caithfidh mé a rá - cé gur dóigh liom nach bhfuil bean ar bith atá á léamh seo anois nach raibh ar an eolas cheana faoin, ahem, dathúlacht sin. Ná fiafraigh díom cén comhrá a bhí agam leis, agus mé thuas ar an stáitse faoi agallamh aige, mar ní cuimhin liom! Tá fáth go dtugtar Rámhaille ar an mblag seo, an dtuigeann sibh.
Beidh mé
féin agus Seoirse i gCeatharlach arís ar an 4ú Aibreán, am a mbeidh Seoirse, ar son
na hÉireann, ag casadh Le Do Thaobh arís. Beidh an t-amhrán ag dul in iomaíocht
leis na cúig náisiún Cheilteacha eile: An Mhanainn, Albain, An Bhriotáin, An
Bhreatain Bheag agus Corn na Breataine; déanfar chuile iarracht ar an gcraobh
ar leith sin a choinneáil sa tír seo, geallaim daoibh, a chairde.
An méid
sin ráite, guím gach rath ar na leaids a bheidh in iomaíocht sa gcraobh-eile-mór-le-rá
inniu – Éire Abú!
Tuilleadh faoin bhFéile Pan Cheilteach le léamh anseo, a
chairde, agus b’fhiú go mór súil a chaitheamh ar réimse leathan na n-imeachtaí
a bheidh ar siúl ann, ón 2ú - 7ú Aibreán, mar tá clár iontach curtha le chéile ag na coistí dúthrachtacha.
Feicfidh mé ann sibh!
13 comments:
Go híontach! Ar bís leis an amhrán a cloisint!
Treise libh!
B'fhéidir ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín ar RnaG amárach, a Eoin, má éiríonn leis greim a fháil ar chóip..:-)
@ Aonghus
Go raibh maith agat, a chara!
Treise libh a Áine. Comhghairdeachas!
Comhghairdeachas.
Aon seans go mbeidh sé le clos ar Youtube?
Comhghairdeachas libh!
Agus tá cur síos breá déanta agat ar na himeachtaí. Níor aimsigh mé aon cheo faoi ar Youtube ach b'fhéidir amach anseo. Tá súil agam go mbeidh na craoltóirí Gaelacha i láthair an chéad bhabhta eile.
Go raibh an t-ádh libh.
@ Mhíshásta @ Ormondo
Go raibh maith agaibh, a fheara!
Beidh an t-amhrán, mé féin agus Seoirse, le cloisteáil ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín, Ardthráthnóna, ar RnaG, tráthnóna amárach, Dé Luain.
Bhuel, sin an plean, pé scéal é..:-)
maith sibh beirt, a Áine. Go maire sibh an bua agus go n-éirí libh ar an 4ú Aibreán
Comhgairdeachas
MNiTh
@ Réaltán @ Sceolan
Go raibh maith agaibh!
Comhghairdeas ó chroí leat. An mbeifeá in ann físeán den amhrán a chur suas anseo b'fhéidir amach anseo?! ;)
@ John
Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceadaithe fós, a chara, ó tharla an comórtas idirnáisiúnta fós romhainn.
Beidh le feiceáil, amach anseo. Idir an dá linn, cloisim an t-amhrán ar RnaG, ó am go chéile..:-)
Post a Comment