Sunday, February 24, 2013

Smaointe ag Rith


Ar maidin, agus mé ag léamh an leabhair Seanfhocla Chonnacht, bhí Sióg ina luí le mo thaobh; go deas sona socair sásta, an bheirt againn.

Ansin, chuala Sióg ceol éin, a bhí ag teacht tríd an bhfuinneog oscailte, agus chuir sé cluas air féin ar an bpointe. An dúchas ag briseadh trí chluasa an chait, is dócha, arsa mé féin liom féin.

Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith. Blianta ó shin, lá dá raibh mé féin agus An Garraíodóir ag breathnú ar chuain coileán, thug mé faoi deara go raibh coileán amháin acu le heireaball fada air, rud nach raibh ar na coileáin eile.

Insíodh dom, ag an am, go mbíodh eireabaill fhada ar an gcineál sin coileán tráth den saol, ach go raibh a n-eireabaill á sciotadh leis na cianta agus, dá thoradh sin, rugadh formhór dá gcineál gan eireaball anois.

Céim éabhlóide, seans, an smaoineamh a rith liom an lá úd, ach amháin gur éirigh le cuimhne na bunghéine an t-eireaball fada ar leith sin a thabhairt léi fós, shílfeá, rud a d’fhág an coileán nuabheirthe úd lena eireaball éagsúil. Meas tú an féidir ‘éagsúil’ a thabhairt ar an ní sin atá, i ndeireadh an tsaoil, dúchasach?

Giota faoi Lamarkism nó faoi nithe eipiginiteacha le léamh anseo agus anseo, más rud go bhfuil fonn ort roinnt taighde a dhéanamh ar an ábhar, a léitheoir. Ní raibh caife na maidine agam féin fós, an dtuigeann sibh, mar sin níl fonn taighde orm. 

I, ahem, leaba an taighde sin, díreoidh mé m’aire ar chúpla seanfhocal ón leabhar thuasluaite, ó tharla é i mo lámh agam – bhuel, níl sé i mo lámh agam agus mé ag clóscríobh, mar a thuigfeá, ach tá an leabhar in aice láimhe, agus fuair mé na seanfhocail seo a leanas faoin gceannteideal, Dúchas:

An rud atá beirthe sa bhfuil is deacair a bhaint as an bhfeoil.

An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas.

Is mar a shiúileas an seanphortán is ea a shiúileas an portán óg.

An fíon a bhíos sa mbaraille, fanann cuid de sna cláir.

Bionn beirt in aon bhroinn is ní hionann iad.

Is deacair lacha a bhá.

Dá airde a theas an priompallán sa lá, i gcac a chaitheas sé an oíche.

Is fusa deoch a bhaint as sruth ná greim as cloch.

Ní buí ón ngréin ach buí ó nádúr. 

4 comments:

ormondo said...

"Giota faoi Lamarkism nó faoi nithe eipiginiteacha..."

Is ceist iontach domhain an ceann sin. Feictear dúinn, b'fhéidir, go bhfuil ár dtréithe greanta go síoraí inár nDNA ach, ar an taobh eile de, mura mbeadh deis ann don athrú bheimís uile mar a chéile.

Mise Áine said...

@ bheimís uile mar a chéile

Is maith an t-athrú an éagsúlacht..:-)

Brenda said...

Is maith liom na seanfhocla sin - nílid againne i gCúige Mumhan.

Mise Áine said...

Fáilte go Rámhaille, a Brenda!

Is dóigh liom go bhfeilfeadh na seanfhocla do chuile dhuine, a chara, agus go bhfuil cinn agaibhse nach bhfuil i gcúigí eile, go deimhin..:-)