Chuile bhliain, cuirim an phlaic Nollag sin thuas suas ar an
mballa sa halla i gCeann Scríbe, agus chuile bhliain cuirim an cheist chéanna
orm féin,
‘Céard is maitheas ann?’
B’fhéidir nach bhfuil freagra cinnte ann; go bhfuil cuspóir na
maitheasa claonta, nó fiú teoiriciúil!
Pé scéal é, go dtéimid chun maitheasa, seachas chun olcais,
a chairde!
5 comments:
Bhí freagra ag Erich Kaestner.
Es gibt nichts Gutes, Ausser man tut es.
(Ní ann don rud maith, ach é a dhéanamh)
M'anam, ach sin ceann maith, a Aonghuis!
É sin ráite, más rud go bhfuil gníomh na maitheasa 'claonta,' abair, b'fhéidir nach rud maith atá ann, ach amháin i dtuairim an té a cheapann gur rud maith atá déanta aige nó aici!
Bhuel, anois.
Mura bhfuil riail ann, ní ann don chlaonadh.
Sin comhrá eile ar fad.
@ Mura bhfuil riail ann, ní ann don chlaonadh.
Hmmm...suimiúil. Tá rialacha ann, shílfeá, agus ní ag Daidi na Nollag amháin atá siad - nach bhfuil rialacha leagtha síos ag stáit agus ag eaglaisí éagsúla ar fud an domhain?
Agus, baineann daoine a dtuiscint féin as rialacha go minic i.e. cuireann siad a gclaonadh féin ar riail, ar mhaithe na maitheasa, mar a déarfá - ach cé a bhaineann tairbhe as an maitheas sin, más maitheas é, go deimhin!
Post a Comment