Chonaic mé go raibh Dennis agus a thráchtairí ag roinnt
oideas nó dhó linn le déanaí, oidis nach raibh agam an mhí seo caite nuair a
bhí mé tinn le fliú fánach, faraor, ach tá na moltaí uilig, a roinneadh ar an
mblagmhír sin, breactha síos agam anois, ar fhaitíos na bhfaitíos go dtiocfadh
aon fhrídín fliú eile i mo threo an séasúr seo. Míle buíochas, a fheara!
Pé scéal é, agus mé i mo shuí anseo ar an tolg ar maidin, ag smaoineamh ar mo bheannachtaí, rith sé liom gur iomaí frídín ag Dia, agus go
bhfuil ceann nó dhó acu ar m’aithne féin i.e. na daoine sin a bhíonn diúltach
an t-am ar fad i.e. na daoine sin nach bhfeiceann dearfacht in aon áit.
Tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfeiceann an duine
diúltach dearfacht an tsaoil in aon chúinne dorcha, ná in aon scéal ná in aon scríbhinn,
is cuma cén t-ádh atá air nó uirthi ina saol féin. Ídíonn an duine sin
dearfacht an éisteora/léitheora, mar a bheadh súmaire ann, ag sú fhuil na
dearfachta as cibé duine atá ina theannta.
Cibé scéal é, tá bealach faighte agam timpeall ar an
bhfadhb/bhfrídín seo, agus táim chun m’oidis a roinnt libh, mar go bhfuil sé
tugtha faoi deara agam go n-oibríonn sé, formhór an ama: mura bhfuil de rogha
agat ach éisteacht leis an duine diúltach, sé sin le rá, mura bhfuil bealach
éalaithe as a gcomhluadar agat, bhuel, a luaithe is a stopann siad ag caint,
tosaigh tusa, a léitheoir, ag labhairt faoi nithe dearfacha an tsaoil.
Agus sibh á léamh seo, a léitheoirí, beidh cuid agaibh ag
ceapadh nach n-oibreodh a leithéid de sheift go brách, ach oibríonn sé, mar
nach maireann an duine diúltach gan diúltachas, agus is gearr go bhfágfaidh
siad an áit nach bhfuil cluas na héisteachta diúltaí le fáil acu.
Roimhe sin, áfach, déanfaidh an diúlach diúltach chuile
iarracht ar an scéal dearfach a dhéanamh diúltach, ach coinnigh tusa ort, a
léitheoir, agus aimsigh ábhar dearfach áit éigin i do smaointe, agus cuir tríd
an gcomhrá é, chuile sheans a fhaigheann tú. Fiú mura mbeidh ann ach ‘Is maith
liom do gheansaí..,’ cuir tríd an gcomhrá é. Má leanann an diúltachas
ar aghaidh, coinnigh tusa ort, a léitheoir, agus fiafraigh ‘Cár cheannaigh
tú é..,’ nó ‘An maith leat milseáin..,’ – is cuma céard a déarfaidh tú, ach
cuir stop leis an diúltachas, le do dhearfacht féin.
Maidin mhaith, a chairde, agus go n-éirí go geal libh!
5 comments:
Leigheas amháin = citalopram. Saol níos fearr trí cheimic!
http://en.wikipedia.org/wiki/Better_Living_Through_Chemistry
tá citalopram go hiontach, a Dennis. Ghlac mé é go leor blianta ag pointí áirithe de mo shaol. Agus áit ann don dea-chaint chomh maith. Aontaím leat,a Áine, cothaíonn diúltachas diúltachas, agus aithníonn cantalán cantalán eile.
Ar ndóigh, tá'n ceart agaibh, agus tá amanna ann nuair a theastaíonn a leithéidí citalopram, mar is eol dom féin go rómhaith.
Ach, is ar an gcantalán a bhí mo mhírse dírithe - an duine sin a bhíonn de shíor ag gearán faoi chuile ní beo, ar mhaithe le bheith ag gearán, shílfeá.
Má theipeann ar gach seift eile, d'fhéadfá a fhiafraí den chantalán ar bhain sé riamh triail as miongháire-Duchenne. Cad é?
Nuair a bhíonn lúcháir ar dhuine, seolann an intinn (suíomh na lúcháire) teachtaireacht (comhartha néaróige) chuig an aghaidh, agus déanann an aghaidh miongháire, le teann áthais.
Anois má dhéantar an rud go léir droim ar ais ba chóir go n-oibreodh sé freisin, de réir na teoirice. Níl agat ach miongháire-Duchenne a dhéanamh (ba chóir, áfach, gur aoibh bhreá ionraic í an miongháire céanna) agus seolfadh d'aghaidh drithlín néarach siar chuig an intinn agus d'adhanfaí an lúcháir inti. Hé presto!
Ach is dócha nach ndéarfadh an cantalán ina thaobh ach nach bhfuil sa mhiongháire ach ceannaithe atá tarraingthe as a riocht.
@ ba chóir, áfach, gur aoibh bhreá ionraic í an miongháire céanna
ASG! Déanfaidh mé chuile iarracht, a chara..:-)
Post a Comment