Lá
Gníomhaíochta na mBlag inniu, (bhuel, inniu inné anois, feicim ón dáta thuas!) gan deis agam bheith chomh gníomhach san earnáil agus
ba mhaith liom a bheith.
Ach,
sin é an saol, agus sin mar a bhíonn an saol in earnáil na mblaganna.
Súil agam gur bhain sibh sult as an lá, a chomhbhlagálaithe!
Súil agam gur bhain sibh sult as an lá, a chomhbhlagálaithe!
Blagáil Abú!
7 comments:
Déanta na fírinne, táimse ag éirí iontach tuirseach de. Agus níos tuirsí fós de na captchas a thugann Blogger dúinn. Tá tuíteáil i bhfad níos éasca! Ach má bhíonn rud éigin casta le mhíniú agam, bainfidh mé feidhm as an seanbhlag fós.
Tá na captchas sin uafásach, a Dennis! Is minic go gcaithim iad a athscríobh arís is arís eile, mar nach bhfuilim in ann na diabhal rudaí a léamh i gceart - agus ní dóigh liom go bhfuilim caoch, ná caochta!
@ Tá tuíteáil i bhfad níos éasca!
Níl aon locht agam ar Twitter, mar mheán, ach ní bhíonn am agam bacadh leis, go minic, agus is fearr liom giota níos faide a scríobh, nuair a bhíonn aon aga agam ar smaoineamh/eolas/trácht a roinnt.
@ bainfidh mé feidhm as an seanbhlag fós.
Ag súil go mór le na giotaí 'casta' sin uait, a chara..:-)
Caithfidh mé imeacht anois, agus leathuair a chaitheamh ag iarraidh an captcha thíos a léamh agus a líonadh isteach - b'fhéidir go mbeadh Twitter níos gasta. ASG!
Is féidir an CAPTCHA úd a mhúchadh. Tá sé déanta agam féin anois do mo bhlag. Cuirfidh mé suas píosa ar ball ag míniú conas. Is beag turscar a bhí á fháil agam roimhe; mar sin sílim gur fiú dul sa tseans.
Sea, sinne na seanbhlagadóirí, bailithe timpeall an scáilleáin ag insint scéalta dá chéile faoi laethanta geala ár n-óige...
@ Aonghus - Mínigh, led thoil!
@ Cuirfidh mé suas píosa ar ball ag míniú conas
Ag súil go mór leis, a Aonghuis!
@ seanbhlagadóirí, bailithe timpeall an scáilleáin
Airneál na mBlag, a Shéamais..:-)
Post a Comment