Mar a tharla anuraidh, agus arú anuraidh, beidh mé ag
freastal ar an Oireachtas i mbliana, tá súil agam. Is i Leitir Ceanainn a
bheidh na himeachtaí ar siúl, agus táim ag súil go mór leo.
A bhuí, arís, lenár mBard féin, Proinsias, an fear a chuaigh
i mbun eagraíochta ar an ócáid, agus a sheol Barántas chun cúirte chugam le
déanaí, beidh an Chúirt Filíochta ar siúl ag 1:00 i.n. ar an Satharn, i Seomra
Glencar, in Óstán an Mount Errigal.
Beidh ar na scríbhneoirí a bheidh i láthair ár gcuid ‘fianaise
a thabhairt i dtaobh cluichí, cleasaíocht agus i dtaobh na ceardaíochta féin’
dar leis an mBarántas. Agus iarradh orainne, ‘nach de bhunadh Chlann Chonaill’
sinn, ahem, ár ‘móid measa a ghlacadh do Jim McGuinness agus d’fhoireann buacach
Dhún na nGall.’ Hmmm…
Chuaigh mé i mbun pinn ar an bpointe, agus anois tá trí dhán
beagnach réidh agam le go mbeidh deis agam m'fhianaise féin a roinnt leis an gCúirt: Jimmy na Míle Scór, Caoineadh
Sheáin Chuinn agus Iníon.
Más mian libh mo mheas, nó, ahem, mo dhímheas a chloisteáil,
agus saothair na scríbhneoirí eile a chloisteáil chomh maith nó, ahem, chomh
dona/dána céanna, mholfainn daoibh bualadh isteach chuig an gCúirt Filíochta úd
in Óstán an Mount Errigal, ar an 3ú lá de Mhí na Samhna; nó, mar a thug
Proinsias ar an mí, ina Bharántas, ar an 3ú lá de ‘mhí na nDuilleog Dreoite….’
Más mian leat féin ‘finné’ a thabhairt ag an gCúirt, a léitheoir, téigh i
dteagmháil le Proinsias ag proinsias ag arainnmhor ponc com, agus seans go
bhfaighidh tú do Bharántas, agus cóip de ‘Deasghnátha na Cúirte,’ ina
bhfuil scríofa, go sábhála ár gCé sinn uilig, rud éigin faoi ‘cathaoireacha a
chaitheamh ar an fhinné!’
2 comments:
Éad orm. Bain sult as an gCúirt. Faraor, ní bheidh mé ag freastal. Ach beidh mé ag súil le léirmheas ón bhféile anseo go luath.
@ ag súil le léirmheas ón bhféile
Má bhíonn am agam, a John!
Post a Comment