Ní raibh pingin rua agam féin,
ag an am, ach rith sé liom gur theastaigh siúcra uainn sa bhaile, agus dúirt mé
leis,
'Would you have the price of a
bag of sugar on you, by any chance?'
Chuir sé a lámh ina phóca,
tharraing sé 50c amach as, shín i mo threo é, agus dúirt,
'Is ten shillings enough? '
Ní bhfaighfeá mórán as deich scillinge na laethanta seo, ach is cuimhin liom an t-am nuair a d'fhéadfá neart a cheannacht as 50c, fadó fadó fadó...
Lón machnamh daoibh, a léitheoirí…gan siúcra.
Lón machnamh daoibh, a léitheoirí…gan siúcra.
2 comments:
is cuimhin liom bualadh trasna chuig an siopa le flóirín leis an siúcra a cheannach. Ansin d'ardaigh siad an praghas go leathchoróin!
Cuimhne agam ar an bhflóirín agus ar an leathchoróin, freisin - agus ar an réal!
Aois ag teacht orainn, a chara..:-)
Post a Comment