Sunday, August 5, 2012

Cárta Ceachta

Tá ceann de na cártaí breosla seo ag an nGarraíodóir, ach níl agamsa. Ní bhacaim leis, mar ní theastaíonn peitreal uaimse chomh minic agus a theastaíonn díosal uaidhsean.

Mar sin féin, an lá cheana, ó tharla gan airgead tirim i mo phóca agam, agus ó tharla go raibh peitreal ag teastáil óm charr – an solas dearg sin ag bagairt orm, an dtuigeann sibh -  sciob mé liom an cárta, ahem, i ngan fhios don Gharraíodóir, agus amach an doras liom.

Ag an ngaráiste, líon mé an carr le peitreal, agus isteach liom go dtí an siopa, áit a raibh leaid óg, taobh thiar den chuntar, ag fanacht le híocaíocht uaim. Shín mé mo chárta breá gorm ina threo, le húdarás mná a raibh a leithéid déanta aici, ahem, míle uair cheana.

Thóg sé an cárta uaim. Chuir sé isteach sa mheaisín POS é, agus dúirt,

Enter your pin number, please.’

Bhuel, baineadh geit nach beag asam, agus d’airigh mé m’údarás ag rith i ndiaidh mo mhuiníne, amach trí dhoras an tsiopa. Ní raibh mé féin in ann bogadh, cé go raibh fonn orm iad a leanúint, ach bhí an peitreal fós le híoc agam, an dtuigeann sibh, agus ní raibh pingin rua i mo phóca agam.

‘I need a pin!’ arsa mé féin. (Ní ceist a bhí ann, a léitheoirí, ach abairt físe, ó tharla an fhírinne á nochtadh féin i m’aigne aineolach.)

‘Indeed you do.’ arsa an leaid óg, agus é ag breathnú orm le trua, nó le seanbhlas, b’fhéidir. Deacair a rá.

Bhuel, rith mé amach go dtí mo charr, le m’fhón póca a fháil, an dtuigeann sibh, chan le héalú, agus ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, le huimhir a chárta a fháil. Thosaigh sé ag gáire fúm, agus d’airigh mé go raibh rúinín den ‘sách maith agat’ sa gháire sin uaidh. Deacair a rá.

Pé scéal é, bhailigh mé m’údarás liom arís, agus isteach liom sa siopa le m’uimhir. Chuir mé na ceithre uimhir isteach, agus bhreathnaigh mé ar an leaid óg, le misneach agus le mórtas.

‘Do you want to put your age on the receipt? a d’fhiafraigh an leaid óg díom, a mhéara os cionn an scipéid airgid, ag fanacht le freagra uaim.

Why would I want to put my age on it! a d’fhiafraigh an Gaillmheach meánaosta seo den Chonallach óg os a comhair; mo mhisneach, mo mhórtas agus m’údarás ag méadú le méid mo dhiomú.

Leis an ngáire céanna ag teacht ón gConallach agus a bhí cloiste agam ón nGarraíodóir ar an bhfón díreach roimhe sin, dúirt an leaid óg,

Not your age, Ma'am…’ arsa sé, agus na deora gáire ag sileadh uaidh,

‘…would you like to put your reg on the receipt.’

5 comments:

Míshásta said...

AGOA :)

Blag na míosa.

(Dála an scéil, Tá an cód rúnda thíos beagnach doléite domsa.)

Réaltán Ní Leannáin said...

ha! tuigim, agus a leithéid déanta agam féin - nach maith mar atá a fhios againn cén taobh tíre a bhfuil tú i do chónaí leis an age/reg!!!

aonghus said...

Ceann maith, cinnte.

John said...

ASG. Scéal iontach.

Mise Áine said...

@ Míshásta

Bhí mé ag ceapadh go mbainfeá sult as, ceart go leor..;-)

Maidir leis na cóid sin, chuirfeadh siad duine soir!

@ Réaltán

Ní hé an chéad uair botúin mar é déanta agam, muise - fiú fós, agus mé i mo chónaí ó thuaidh le blianta fada!

@ Aonghus @ John

Go raibh maith agaibh..:-)