Bhí an tornádó againn i mBun Cranncha cúpla seachtain ó shin, agus bhí an bháisteach againn inné. Ní dóigh liom go bhfaca mé báisteach mar í riamh, ag an am
seo den bhliain, ar aon nós.
Mar nach féidir an aimsir a thaispeáint i bhfocail, seo
thíos an abhainn mar a bhí sí ar chúl tí s’againne inné, agus í sách confach,
…agus, thíos, mar atá sí inniu, agus í i bhfad níos ciúine…fós!
Ní
féidir aimsir an Mheithimh a thrust, is cosúil.
6 comments:
Is maith liom an dá phictiúr! Caithfidh gur callánach a bhí sé inné: an bháisteach ar an díon agus an abhainn ag éirí! Ach is maith liom fuaim an uisce freisin.
@ Ach is maith liom fuaim an uisce freisin.
Mise, chomh maith..:-)
táimid 'contúirteach', dar le Symantec, agus teachtaireachtaí atá mé ag fáil úathu siúd. Seans gurbh fhearr dul sa seans le tuilte Bhn Cranncha!
Tusa 'contúirteach' nó 'i gcontúirt', a Réaltán?
Tá an aimsir socraithe inniu, feictear dom, ach ní féidir í a thrust, mar sin féin - tá sí cosúil leo siúd a bhíonn ag cleasaíocht ar an idirlíon, i ngan fhios dúinn..:-)
Tuilte troma i dtuaisceart Shasana an tseachtain seo freisin, a Áine. In Cumbria, Lancashire agus Yorkshire. Bheadh siad timpeall an leithead céanna daoibhse. De réir na dtuairiscí, thit aon mhí de bhaisteach in aon lá amháin sa cheantar.
@ thit aon mhí de bhaisteach in aon lá amháin sa cheantar.
Chreidfinn é, a John!
Post a Comment