‘After you have heard two eye witness accounts of a car accident, it makes you wonder about history.’
Ní hé go gcuireann daoine an fhírinne as a riocht d’aon turas, b’fhéidir, ach go dtugann daoine nithe éagsúla faoi deara, ar an gcéad bhrath dóibh, le rud beag dá gclaontacht féin san aithris scéil, i ngan fhios dóibh féin.
Ar ndóigh, bíonn daoine ar mhalairt intinne agus ar mhalairt tuairime faoi gach eachtra, is cuma iad i láthair na heachtra nó ná bíodh, mar sin an féidir aon leabhar nó cuntas stairiúil a thrust céad faoin gcéad?
Athfhriotal eile daoibh, a léitheoirí, ceann a fuair mé anseo, ar maidin:
A gloss is a total system of perception and language.
Fírinne nó faoiste fáiste?
5 comments:
N'fheadar.
Gluais de dhíth orm chun meabhair a bhaint as an an nath úd!
Ní nach ionadh, a Aonghuis. Socheolaí (Talcott Parsons) a dúirt an méid sin!
Cén "gloss" atá i gceist, an míniúchán nó an plán mín? ;-)
..:-)
Post a Comment