Ó am go chéile, le lá nó dhó, rinne mé iarracht ar thrácht a fhágáil ar bhlag nó dhó. Níor éirigh liom trácht a fhágáil ar bhlag Néidí, ná ar bhlag Alex, mar shampla, cé gur éirigh liom, théis iarracht nó dhó, tráchtanna a fhágáil ar bhlaganna eile.
Pé scéal é, tá Éire théis úd eile a fháil, anois díreach, sa chluiche rugbaí i gcoinne na hIodáile. Wúhúúúu! Tá foireann na hÉireann chun cinn 26 -6 i láthair na huaire. Iontach!
♫♪♪ Low lie the fields of Athenry…♫♪♪
7 comments:
Bíonn ar Néidí na tráchtanna a cheadú anois, tharlódh gurbh é sin an toisc nach bhfaca tú iad. Tá córas eile ar fad ag Alex; oibríonn sé scaití, briste scaití eile! Agus tá sé iomlán neamhspleách ar Bhlogger. Ach d'éirigh liom trácht a chuir ann díreach anois.
Ar aon nós, ba é an trácht thar úd-líne na n-Iodálach isteach an trácht ba thábhachtaí inniu. :-)
Tá a fhios agam faoin gcóras nua atá ag Néidí, a Aonghuis, ach ní leis sin atá an fhadhb. Bhí an fhadhb chéanna agam leis na blaganna eile, ach amháin gur éirigh liom trácht a fhágáil ar chuid acu, faoi dheireadh. Go raibh maith agat, mar sin féin.
@an trácht ba thábhachtaí inniu. :-)
Aontaím leat, a Fhearghuis!
Ní féidir liom míreanna a fhoilsiú, ach níor fhág aon duine trácht le fada ar mo bhlag!
Seans nach bhfuil siad in ann, a Néidí. Fadhb ann fós le Blogger, sílim.
An fhadhb chéanna agamsa le PCanna, a Áine, ach oibríonn sé ar mo Mhac.
Ní thuigim céard atá ag tarlú, a John, ach tá fadhbanna fós ann, agus níl aon Mhac agam..:-)
Post a Comment