Tharla sé gur luaigh duine acu, Suzanne Browne as Clevamama, agus í ag labhairt, más buan mo chuimhne, ar chíbe smaoineamh nuálach a thiocfadh isteach i do chloigeann, ‘don’t let it land in the junk cupboard.’
Rith an smaoineamh liom gur dóigh go bhfuil prios beagmhaitheasa i mbeagnach chuile teach, a léitheoirí. Is prios é, cheapfainn, ina gcaitear na nithe sin as a mbainfimid úsáid ‘lá éigin’, nithe nach gcaitear amach ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’ go dteastódh siad uainn ‘am éigin amach anseo’.
Agus mé ag breathnú isteach i mo phrios beagmhaitheasa féin anocht, chinn mé go m’fhéidir go bhfuil sé in am dom na nithe atá istigh ann a chaitheamh amach. I ndiaidh gach ní, is nithe beagmhaitheasacha iad.
2 comments:
An bhfuair tú maitheas riamh id' phrios beagmhaitheasa, a Áine? Níl a leithéid agam, faraor, toisc go bhfuil an oiread sin tithe feicithe agam. Ní fhéadfainn rudaí-gan-aon-mhaith a iompar liom gach uair a athraím tí. Bíonn orm leabhair a chaitheamh amach fiú, bhuel a thabhairt go siopaí carthanachta iad. Ní maith a bheith rónéata ach oiread.
@ An bhfuair tú maitheas riamh id' phrios beagmhaitheasa, a Áine?
Ní cuimhin liom go bhfuair!
Gheall mé dom féin, agus mé ag bogadh go Ceann Scríbe, nach dtabharfainn a dhath as an seanphrios liom, agus níor thug.
Faraor, thosaigh mé ag bailiú arís..:-(
Post a Comment