Ón méid atá léite agam, agus más fíor an méid sin, d’fhéadfadh sé go bhfuil idir 22,500 agus 45,000 síceapatach beo beathach sa tír seo. Agus, creid é nó ná creid, a fheara, deirtear gur mó fir ná mná atá ina síceapataigh, an cóimheas eatarthu 6:1.
Agus cén chaoi a mbeadh a fhios agat an bhfuil, nó nach bhfuil, duine ina síceapatach? Bhuel, tá a leithéid de rud ann agus an Hare Psychopathy Checklist-Revised, seicliosta ar a bhfuil 20 slat tomhais a chuideoidh leat na síceapataigh ar d’aithne a aimsiú.
Táim ag roinnt an eolais seo leat, a léitheoir, ar fhaitíos go mbeadh tú ag dul thart agus duine acu i do chomhluadar, i ngan fhios duit féin, an dtuigeann tú, nó, níos measa arís, gur duine acu thú féin, agus, ahem, nach raibh a fhios agat é.
Pé scéal é, tá an seicliosta le léamh anseo. Is é mo thuiscint go dtugtar idir 0-2 pointe ar chuile bhosca ina gcuirtear tic; 4 an scór a bheas ag an ngnáthdhuine, ceapaim, ach má tá scór de 30 nó níos mó ag duine…
6 comments:
Táim cinnte go mbeidh daoine ag géarán faoin alt sin!
Aithníonn ciaróg...
De ghnáth, bíonn sé éasca go leor síceapataigh a aithint i scannáin nó drámaí ar an teilifís. Mar shampla, táim ag baint sult as dráma nua an BBC Case Histories le déanaí. Bíonn comhartha áirithe ann - fir, ciúin, gléasta in éadaí sean-fhaiseanta, singil, uaigneach. Ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh soiléir sin sa ghnáthshaol. Ar a laghad, aithníonn do sheicliosta go bhfuil i bhfad níos mó tréithe ag baint leis, seachas na clichéanna a bhíonn le feiceáil ar an scáileán go rialta.
Ní chuirfeadh sé sin iontas orm, a Néidí.
Deirtear sin, a SFI...:-)
Bheinn féin amhrasach faoi seicliosta ar bith, a John, agus maidir le clichéanna, is léir go bhfuil boscaí chuile áit!
Bhí, agus tá fós aithne agam ar dhaoine a thuillfeadh marc measartha ord agus an liosta sin á fhreagairt acu. Cuma, mar déanta na fírinne, tá siad ar na daoine is suimiúla ar m’aithne.
@ tá siad ar na daoine is suimiúla ar m’aithne.
Tuigim duit!
Post a Comment