Bhuel, tá, agus ní raibh a fhios agamsa a dhath fúithi, go dtí gur chuala mé Joe Duffy á lua, ar a chlár inniu.
Ní raibh ann ach sórt ‘mo chuimhne’ uaidh, ach luaigh sé an phirimid ó tharla é ag labhairt le bean a bhí ag dul ar saoire go Cionn Eitigh i gCo. Uíbh Fhailí, áit ina bhfuil an phirimid tógtha, dar leis.
Caithfidh mé a admháil gur shíl mé féin gur ag magadh a bhí sé, ach bhí sé lán dáiríre, a dúirt sé - leis an mbean a dúirt sé é, chan liomsa, an dtuigeann sibh, cé go raibh mise ag éisteacht, i ngan fhios dó.
Pé scéal é, agus ar fhaitíos nach gcreideann sibh mé, tá scéal na pirimide gaelaí le léamh anseo. Tógadh í idir 1830 agus 1834, agus is mionmhacasamhail de Phirimid Mhór Cheops na hÉigipte í.
Nach iontach na rudaí a chloiseann bean, agus í ag cúléisteacht…
4 comments:
Bhfuil mumaithe aici?
Ar an suíomh, deirtear go bhfuil inti '6 coffins belonging to the Bernards of Kinnity Castle' - d'fhéadfaidís bheith mumaithe, ach m'anam má tá a fhios agamsa!
Nach deas an rud é.
D'fhéadfadh leis an rialtas fostaíocht a chruthú sna tionscail tógála agus turasóireachta lena leithéid de leacht a thógáil timpeall na tíre.
Táim cinnte go gcuirfeadh scéim phirimide deireadh leis an ngéarchéim eacnamaíochta ;)
Gan dabht, a John...:-)
Post a Comment