Monday, November 28, 2016

I gCuimhne

Níl a fhios agam cén uair a thosaigh mé ar an nós ach, le blianta fada anois, tá sé de nós agam, roimh an Nollaig, dul trí na cártaí Nollag ón mbliain roimhe, agus más rud go bhfuair mé cárta ó aon duine a fuair bás idir an dá linn, coinním an cárta sin.

Chuile Nollaig, cuirim na cártaí uilig atá bailithe agam ar an matal sa seomra suite, i gcuimhne ar na daoine sin. Ar an gcaoi sin, airím liom iad nó, ar a laghad, tagann siad chun cuimhne, nuair a léim na beannachtaí a sheol siad chugam.

Faraor, tá líon na gcártaí sin ag méadú, bliain i ndiaidh bliana.

Nós eile atá agam, ná na cártaí Nollag uilig ón mbliain seo caite a choinneáil san áiléir, i mbosca na gcártaí. Is bosca é ina mbíonn na cártaí thuasluaite, agus cártaí Nollag nua glan, cártaí nár úsáideadh riamh, chomh maith le liosta ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a fhaigheann cártaí go rialta uaim, um Nollaig.

Aréir, bhí mé ag cartadh sa mbosca sin, agus tháinig mé ar sheanliosta, liosta a scríobhadh blianta fada ó shin; os cionn deich mbliana ó shin, ceapaim. Baineadh siar asam nuair a chonaic mé ainmneacha ar leith ar an liosta sin; ainmneacha daoine nach bhfuil linn a thuilleadh, faraor, daoine atá imithe ar shlí na fírinne, ó cuireadh an liosta sin le chéile.

Ar bhealach, bím uaigneach nuair a léim a leithéidí. Ar bhealach eile, tá a fhios agam go mbeidh deis agam a mbeannachtaí a léamh arís, i gcuimhne orthu, mar a déarfá. Nuair a bheas an seomra suite maisithe don Nollaig an mhí seo chugainn, beidh na cártaí agus a mbeannachtaí ar an matal.

Más féidir barróg a fháil ó bheannacht, rud a mhothaím, beidh barróga go leor á roinnt.

Friday, November 25, 2016

Comhábhair


An lá faoi dheireadh, chuir Dennis an t-oideas thuas ar fáil dúinn, thall ar an Twittersféar. Mar fheoilséantóir, bhí dúil agam ann (san oideas) ach bhí comhábhar nó dhó nach raibh agam.

Tharla sé go raibh An Garraíodóir san ollmhargadh ar maidin, nuair a chuimhnigh mé go raibh na comhábhair sin ag teastáil uaim. Sheol mé téacs chuige. Fuair mé freagra. Fuair seisean freagra, nó dhó. Fuair mise freagra. Nó, ceist, b'fhéidir. 

Mar a fheicfidh sibh, is léir go bhfuil comhábhar nó dhó eile atá riachtanach, nuair atá, ahem, téarma cúpla scór bliain curtha isteach agat leis an bpáirtí céanna:
...sea, a léitheoirí, siad na comhábhair sin ná réamheolas agus féith an ghrinn!

Thursday, November 24, 2016

Lá an Altaithe

Daoibhse uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá ar dóigh agaibh. 

Más féidir é, ar chor ar bith, caith an pholaitíocht as bhur gcloigne inniu, agus bí ar bhur suaimhneas le bhur gcairde agus le bhur muintir. Cibé áit ina mbeidh sibh, go raibh agaibh síocháin, sonas agus sócúlacht. 

Más mian libh scéilín beag a léamh, faoi m'am féin thall ar Lá an Altaithe, caith súil anseo, a léitheoirí. Táim den bharúil go bhfuil an dream seo, ahem, i bhfad níos fearr ná muidne!

Wednesday, November 23, 2016

Máirtín Ó Dubhghaill; Laoch

An chéad uair ar casadh Máirtín Ó Dubhghaill orm, bhíomar ag Ceolchoirm Ros na Rún. Mar a scríobh mé an t-am sin, cheap mé gur 'fear uasal, fear cairdiúil, fear cuidiúil' a bhí ann, agus go raibh 'áthas orm gur casadh orm é an oíche sin.' Níor athraigh mé m'intinn ó shin.

Ba léir domsa, an oíche úd, ó bheith ag labhairt leis an bhfear uasal seo, agus ón seic le haghaidh €1000 a bhronn lucht Ros na Rún air, go bhfuil an meas ceannann céanna acusan, agus ag go leor daoine eile, ar Mháirtín, mar dhuine ann féin, agus mar dhuine a dhéanann go leor oibre don charthanacht To Children With Love. 

Tá deis againn, i láthair na huaire, ár meas do Mháirtín, agus dá chuid oibre, a thaispeáint  (tá sé ar an ngearrliosta do Laoch an Phobail) trí vóta a chaitheamh dó anseo idir 7 Samhain agus 7 Nollaig.

Mo bhuíochas le lucht Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta, as an bpodchraoladh don agallamh a rinneadar le Máirtín, inné, a roinnt linn. Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh sin anseo, a léitheoirí, nó 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár iomlán, ón 22 Samhain, anseo, le go gcloise sibh faoin gcineál oibre atá ar bun ag Máirtín, agus an fáth go ndéanann sé an obair sin. 

Mo bhuíochas, freisin, ag dul go lucht Better Together as an deis seo a thabhairt dúinne uilig ár meas a thaispeáint do na daoine sin a dhéanann 'an extraordinary contribution to a good cause' trí vóta a chaitheamh do dhuine acu 'once in every 24 hour period' idir anois agus an 7 Nollaig. 

Gheobhaidh an buaiteoir trófaí agus seic €1000 don charthanacht is ansa leis. Ar ndóigh is laochra iad uilig, i mo thuairim.  Go n-éirí go geal leo!

Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. 

Thursday, November 10, 2016

Fíodóir Focal - Jackie MacDonncha

Ceann de na haipeanna a thaitníonn go mór liom ná Podcast Republic. Tá sé ar m'fhón póca agam, rud a thugann deis dom clárú leis na cláir raidió is fearr liom, le go mbeidh mé in ann éisteacht leis na podchraoltaí is ansa liom, am ar bith gur mhian liom, pé áit gur mhian liom. 

Ar na laethanta seo, bím ag éisteacht le podchraoltaí ón gclár Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta. Mar is eol do léitheoiri an bhlag seo, is maith liom focailseanfhoclanuafhocail agus nathanna cainte. Mar gheall air sin, bhí áthas orm nuair a chuala mé, ón Dómhnallach, go mbíonn Jackie MacDonnacha ar an gclár Iris Aniar go rialta anois; an Fíodóir Focal é féin, agus focail dhúchasacha na Gaeilge á roinnt aige linn, mar a fheicfidh sibh anseo ar leathanach Facebook Iris Aniar.

Chuile choicís, ar an Luan, bíonn Jackie le cloisteáil, a léitheoirí. Mura mbíonn sibh in ann éisteacht leis beo ar an aer, is féidir 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár ar an suíomh gréasáin, nó is féidir súil a choinneáil ar an leathanach Facebook

É sin, nó is féidir libh éisteacht leis na podchraoltaí uaidh Jackie agus an láithreoir Eibhlín Ní Chonghaile ar an idirlín anseo. An-mhír go deo. Maith sibh, a chairde na Gaeilge!

Wednesday, November 9, 2016

An Mámh Cinn


Nuair a luaigh mé le cara liom, aréir, go raibh seans maith ann go dtoghfaí Donald Trump ina uachtarán ar Mheiricéa, bhí 'Dia idir sinn agus an drochrud' ar shála a ráitis 'An bhfuil tú iomlán craiceáilte, a chailín!' Ar ndóigh, b'fhéidir go bhfuilim craiceáilte, ach, ar chloisteáil dom faoi na torthaí ar maidin, an t-aon mhearbhall a bhí orm ná go raibh an oiread sin ionaidh ar dhaoine eile faoin toradh. 

B'fhacthas domsa go raibh dóiteacht agus crá croí ar chosmhuintir na tíre, le fada. Cén fáth nár thug an 'establishment' é sin faoi deara, meas tú? Thug an t-uachtarán tofa é faoi deara, go deimhin, agus fuair sé lucht éisteachta dílis dá bharr sin; 'outsider -v- insider' a chonaic mé scríofa áit éigin, agus chuile sheans gurb í an bharúil sin a bhí ag tromlach na vótálaithe nuair a chaith siad a gcuid vótaí inné.  

Meas tú nach é an rud ceanann céanna a tharla le Breatimeacht níos luaithe i mbliana? Le linn na dtoghchán, sa mBreatain agus sna Stát Aontaithe, ní raibh na polaiteoirí uilig, ná go leor daoine sna meáin chlóite agus teilifíse, shílfeá, ach ag éisteacht lena dtuairimí agus lena smaointe féin. Ní fheileann sé sin don té atá ar an ngannchuid. Mar is léir, tá guth an vóta láidir agus tréan, bíodh sé ceart nó mícheart. 

Níl a fhios ag aon duine againn céard atá i ndán dúinn de thoradh na nithe atá ag titim amach in earnáil na polaitíochta i láthair na huaire. Ach, tá a fhios agam an méid seo, níl a dhath le déanamh ach deis a thabhairt don té a thapaigh a dheis an deis sin a thapú, más féidir. 

Beidh le feiceáil.

Monday, November 7, 2016

Fáinne Geal Am Tae

Bhí cuairteoirí linn i gCeann Scríbe. Ina gcuideachta, bhí páistí. Cheannaigh mé bairín breac. Le fáinne ann. Do na páistí, an dtuigeann sibh.

Ghearr mé an bairín le cúram. Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh an fáinne le feiceáil. D'éirigh liom. Ní raibh cosúlacht ar bith air go raibh aon fháinne ann, ach bhí a fhios agam go raibh. Nó bheadh clamhsán ann. Ní bheinn róshásta le lucht déanta an bhairín, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, shuíomar chun boird. Mise, An Garraíodóir, na páistí, a dtuismitheoirí. Thug na daoine fásta deis do na páistí slios den bhairín a ghlacadh ar dtús, ansin thógamar féin slios an duine.

'Go n-éirí go fáinne geal libh!' a bheannaigh mé. Cheap mé féin go raibh sé sin cliste, mar bheannacht. Ní lia duine ná barúil.

Thosaíomar ag ithe. Ciúnas. Tuismitheoirí ag faire ar na páistí, ar fhaitíos go dtachtadh an fáinne aon duine acu. Mar a thuigfeá.

Baineadh geit asainn, nuair a tharla sé.

'I got it!'

Thosaigh sé ag léim timpeall an urláir le ríméad.

'My first time ever!'


Ba léir go raibh díomá ar na páistí eile. Bhí trua agam dóibh. Ach ní raibh a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh faoi, ach a rá leis An Garraíodóir suí síos, agus ciall a bheith aige.

Tá an fáinne ar mo mhéar ó shin. Mar a thuigfeá.

Thursday, November 3, 2016

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2016

Cé nach mbeidh mé féin ann, faraor, ba mhaith liom a chur in iúl daoibh go mbeidh An Chúirt Filíochta ar siúl arís i mbliana, ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, ar an Satharn beag seo, 5 Samhain, ag 1:00 san iarnón. 

Deasghnátha na Cúirte faighte agam, ó mo chara, Proinsias Mac a'Bhaird, eagraí agus, ahem, 'Sirriam Drochghníomhach' na cúirte, agus tá siad á roinnt agam libh, thíos, le deis a thabhairt daoibh iad a fhoghlaim go, ahem, glanmheabhair, sula rachaidh sibh in aice na cúirte. 

Tuilleadh eolais uaim faoin gcraic uilig a bhain leis an ócáid seo, le roinnt blianta anuas, le léamh anseo.

Bainígí sult as an ócáid, a chairde...aireoidh mé uaim sibh! 

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta agus labhairt os ard.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé/sí ag léamh!

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar cad is tubaiste ann. Ní aireofar Brexit, réiteoirí peile sa Ghaeltacht ná Tithe Tábhairne Chorcaí ina dtubaistí náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena c(h)uid fianaise, bronnfar fadfhíseán d’óráidí Donald Trump air/uirthi.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.


Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.