Níl céim chun cinn sa gcos i dtaca.
Sometimes, a step back, a step away, is a step forward.
Sin thuas na smaointe/nuafhocail a rith liom ar maidin, agus mé ag tabhairt chun cuimhne eachtraí na bliana seo, thall is abhus, is ar fud na cruinne.
Tá bliain nua eile romhainn anois; tá 2015 ag cnagadh ar dhoras 2014, agus táimid ar thairseach ré nua shíochánta, tá súil agam. Caithfear a bheith dóchasach, agus is fearr a bheith dearfach. Sin mo rún féin, pé scéal é.
Maidir le beartais eile na bliana nua, seo chugaibh na rúin is coitianta Oíche na Seanbhliana, deirtear.
Cibé rún atá agat féin don bhliain úr, a léitheoir, tá súil agam go mbeidh suaimhneas agus sonas romhat ar chosán na bliana nua; go léime tú, gan stró, thar aon chonstaic nó aon bhac a bheas sa mbealach ort. Níl le déanamh, b'fhéidir, ach an chos i dtaca a sheachaint.
Go n-éirí an bóthar leat!
Wednesday, December 31, 2014
Wednesday, December 24, 2014
Beannachtaí na Féile
Beannachtaí an tséasúir uaimse chugaibhse, a léitheoirí: go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil i rith na féile, a chairde; go ndéana sibh, agus go roinne sibh, cuimhní cinn agus craic le bhur muinitir agus le bhur gcairde; go raibh agaibh smaointe dearfacha amháin, agus go seachnaí sibh daoine diúltacha agus, ahem, póiteanna.
Ceann Scríbe
Bainigí sult as!
Tuesday, December 9, 2014
Wednesday, December 3, 2014
Is fánach an áit...
...a bhfaighfeá soilse na Nollag, ach is istigh i siopa An Spailpín Fánach, ag Ceardlann an Spidéil, a cheannaigh mé soilse na Nollag do Cheann Scríbe. Tá siad éagsúil (na soilse!), agus is maith liom éagsúil.
Cheannaigh mé na cinn sin thuas roinnt blianta ó shin, agus thaitin siad chomh mór sin liom, gur chinn mé na cinn thíos a cheannach, i mbliana.
Nuair a cheannaítear iad, bíonn siad dúnta, mar atá siad thuas, ach....
...tagann siad faoi bhláth...
...nuair a spreaeáiltear iad le huisce.
Tá siad go hálainn, nuair a bhíonn siad tirim, agus lasta.
Ar ndóigh, tá bronntanais agus cártaí na Nollag ar fáil i siopa An Spailpín Fánach, freisin, Is fiú dul i dteagmháil leo anseo, le fáil amach faoin réimse leathan soilse atá acu - tá siad galánta! Na soilse, agus an fhoireann ann.Monday, December 1, 2014
Subscribe to:
Posts (Atom)