Tuesday, July 26, 2011

Sos Beag

Faoin am seo amárach, beidh mé in Madrid - tá súil agam!

Sin an plean, pé scéal é, ach, mar a scríobh mé cheana, tá sé foghlamtha agam nach féidir brath ar inneall ná ar intinn, agus gur fearr a bheith i gcónaí ullamh don ‘eachtra gan choinne’.

Táim ullamh, a léitheoirí, agus má éiríonn liom gan a theacht ar eachtra gan choinne’, beidh mé ar ais libh roimh dheireadh mhí Lúnasa. Tá súil agam.

Idir an dá linn, ná bígí uaigneach i m’uireasa.

Monday, July 25, 2011

Ar Thóir Óide

Daoibhse le suim agaibh i gcluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, b’fhéidir go mbeadh suim agaibh sa chomórtas filíochta The Search for an Ode to the Third Sunday in September’, comórtas atá á reáchtáil ag SuperValu, i gcomhar leis an Colm Hayes Show.

Tá agaibh go dtí an 31 Lúnasa le hóid 10 líne a chumadh. Tá na sonraí uilig le léamh anseo, agus is féidir d’iarratas a sheoladh chucu anseo.

Ní fhaca mé é scríofa in aon áit gur óid Bhéarla amháin atá uathu, agus ó tharla Mícheál Ó Muircheartaigh ar an bpainéal, meas tú nach bhféadfái ceann nó dhó as Gaeilge a chumadh...

Focail Féilire

An bhfaca tú riamh ceannlíne nuachta ‘Bhuaigh Síceach an Crannchur’?

Have you ever seen the headline? ‘Psychic Wins Lottery’.

Dar le dictionary.com, is ionann ‘síceach’ agus duine atá ‘allegedly sensitive to psychic influences or forces’ – meas tú an é an focal sin ‘allegedly’ a bhí ar intinn an té a chum an focal féilire sin thuas, a léitheoirí…

Sunday, July 24, 2011

Meitheal na mBád


Bhí bád s’againne ar cheann de na báid a chuaigh amach ar Loch Súilí tráthnóna inniu, mé féin agus é féin ag iarraidh ár n-iarrachtaí féin a dhéanamh ar mhaithe le Jackie, máthair Sheáin McNair, bean nach bhfuil aithne againn uirthi, ach bean a dúirt,she just wanted her son "out of the water" so she could lay him to rest in Derry.’


Bhí na báid ag dul ó Ráth Maoláin go Bun Cranncha, ón Dún Riabhach go Fathain, gach bád ag dul suas agus síos, anonn agus anall ar an loch, ar thóir chorp Sheáin.
Ar ár bhfilleadh dúinn ar an muiríne i bhFathain, chualamar gur tháinig tumadóirí ar chorp ní ba luaithe, gar go maith don áit a ndeachaigh an leaid bocht amú, taobh leis an gcé i Rath Mhaoláin. Más é corp Sheáin atá ann, beidh faoiseamh, de shaghas, ag Jackie.

Tá sé deacair na mothúcháin a mhothaigh mé agus mé amuigh ar an mbád inniu a mhíniú daoibh, a léitheoirí, ach déarfaidh mé an méid seo - mar mháthair mé féin, bhí mé iontach brónach agus mé ag smaoineamh ar Jackie, gan uaithi ach a mac a fháil amach as an uisce, amach as an bhfarraige fhuar mhíthrócaireach, farraige ar cuma léi grá na máthar.

Focail Liom, Focail Leat


Focail, ó na meáin Ghaeilge, a thug mé faoi deara le mí anuas.

Más rud go bhfuil siad uilig ar eolas agat cheana, a léitheoir, is féidir leat neamhaird a thabhairt ar an mír seo uaim. 

Más rud, fearacht an scríbhneora seo, go bhfuil tú fós ag foghlaim, bhuel, beimid ag foghlaim le chéile, tá súil agam, agus glacfar, le fáilte, roimh cheartúcháin, nó le leaganacha eile de na focail/nathanna seo a leanas:

ag baint solamair as an saol – enjoying life
amhrastach – suspect
an táthán nó an glae – the cement or the glue
antoisceach – extremist
Aonad Diúscartha Buamaí an Airm – Army Bomb Disposal Unit
ar ámharaí an tsaoil – by good fortune
bearta gátair – austerity measures
bheith dubh in éadan – be entirely opposed to
Bille Comhalta Phríobháidigh – Private Member’s Bill
bogásach – smug/self-complacent
bradaí – hacker
buaileam sciath – bragging/empty boasting
cánacha réadmhaoine – property taxes
Comhchoiste Oibreachais – Joint Labour Committee. (JLC)
colbhú – kerbing
Comhaontas an Bhia Mearsheirbhíse – Quick Service Food Alliance
croileagan – naíonra Gaeilge na hAlban
cur ar atráth – adjournment
curtha faoi chré – buried
drúthlann – brothel
earcaíocht – recruitment
faoi lé – open to
fearaistí – equipment
fimíneacht – hypocrisy
fiontraí – speculator
foráil reachtúil – statutory provision
forneart – superior strength, force, violence
gáinneáil ar dhaoine – human trafficking
geandáil ghasta – speed-dating
gearg/uibheacha geirge – quail/quail eggs
glórphost/guthphost – voicemail
go comhuaineach – simultaneously
grúpa bradaíola – hackers
imtheorannú – interment
in araíocht don iascaireacht – suitable for fishing
lachtar – clutch (of eggs)
leithscéal gan chuntar – unconditional apology
lóistíochúil – logistical
mathshlua – congregation/large crowd
oibre éigeantais – forced labour
pábháil – paving
piasún – pheasant
pobalach – populist
pórúchán – breeding
ragobair – overtime
riocht a tholgadh – contracting of disease/condition
rud a áitiú ar dhuine – to persuade someone of something
scabhtaí tallainne – talent scouts
sliosbhóthar – slip road
smál a chur ar chlú duine – tarnish someone’s reputation
stalcaire – stalker
táillí fánaíochta – roaming charges
todóg – cigar
U-chasadh – U-turn

Saturday, July 23, 2011

Iorua Faoi Bhrón

A Mhuintir na hIorua,

Tá sibhse, bhur ngaolta, bhur gcairde, bhur bpáistí, bhur ndream uilig, i mo smaointe, agus i mo phaidreacha, ar maidin.

Ní maith liom bhur dtrioblóid.  

Thursday, July 21, 2011

Na Trí Mhí-ádh

Bhí mé i nGaillimh ó bhí Dé hAoine seo caite ann, é i gceist agam bheith ar ais i gCeann Scríbe tráthnóna Dé Luain, rud nár tharla, go dtí aréir. Chlis mo charr orm ar an Domhnach, an dtuigeann sibh, agus bhí air lá agus oíche a chaitheamh sa gharáiste, sula bhfuair mé é ar ais, le hailtéarnóir nua, ar an Máirt. 

Ach, níorbh é sin mo chéad mhí-ádh.  Sular imigh mé maidin Dé hAoine, bhris mé mo phrintéir. Tharraing mé an páipéar as go róghasta, an dtuigeann sibh - rud nach molfainn, a léitheoirí.

Ar an Satharn, phléasc píblíne an gháis i mo chuisneoir, rud a d’fhág go raibh orm cuisneoir nua a cheannach. Mo chuimhne, mise a chuir poll sa phíblíne chéanna – casúr agus píce beag in úsáid agam, ag iarraidh an t-oighear a bhaint den reoiteoir istigh sa chuisneoir, an dtuigeann sibh - rud eile, ahem, nach molfainn, a léitheoirí.

Ar aon nós, ar m’fhilleadh dom aréir, léigh mé anseo go bhfuil trí chineál ‘ádh’ ann:

1. Constitutional luck, that is, luck with factors that cannot be changed. Place of birth and genetic constitution are typical examples.
2. Circumstantial luck—with factors that are haphazardly brought on. Accidents and epidemics are typical examples.
3. Ignorance luck, that is, luck with factors one does not know about. Examples can be identified only in hindsight.

Deirtear go dtagann trí mhí-ádh le chéile, agus bíodh m’ádh, le seachtain anuas, bunreachtúil, imthoisceach nó go hiomlán de thoradh m’aineolais féin, tá súil agam go bhfuil mo dheachú íoctha agam - an geábh seo!

Monday, July 18, 2011

Cara na Cumarsáide

Ó am go chéile, léim, agus tá léite agam anseo ar an mblagsféar, in Gaelscéal, agus sna meáin trí chéile, tráchtaireachtaí éagsúla faoi labhairt na Gaeilge, agus faoi Ghaeltachtaí.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bíonn sórt bróin orm nuair a léim go bhfuil teorainneacha fós tógtha, agus fós á dtógáil, ag daoine. Osna. Pé scéal é, más fiú a dhath iad, agus mura bhfuil sibh féin tinn tuirseach ag léamh faoin gcraic, seo scéilín agus tuairim uaimse, a chairde.

Anois is arís, téim chun dinnéir le triúr ban; Sasanach, Albanach agus Breatnach, mná ar cairde liom iad. Béarla an teanga coitianta againn. Is de bhunadh na hAlban í an bhean is sine den chomhluadar, agus bím de shíor á ceistiú faoi na gnáthnathanna cainte suimiúla a thagann, go nádúrtha, as a béal:

‘What do you mean by ‘the north wind’ was in your hair? agus
‘What did you mean when you said ‘I’m not haning it?’, mar shampla.

Ní hé nach bhfuil Béarla agam, an dtuigeann sibh, ach níl saibhreas a Béarlasa agam, ó tharla nár tógadh in Albain mé, an áit ónar chuala sise a nathanna cainte dúchasacha, agus í ag fás aníos.

Go deimhin, is minic go gcuireann sise agus na mná eile ceisteanna ormsa faoi mo nathanna cainte dúchasacha féin, na cinn a thagann go nádúrtha as mo bhéalsa. Tá mo shaibhreas cainte féin agam, is dócha, nathanna agamsa nár chuala siadsan cheana, agus thuigfeá sin, ó tharla nár tógadh sna ceantair chéanna muid.   

Nuair a casadh an Sasanach orm, an chéad uair riamh, níor thuig mé focal as a béal, ná níor thuig sise focal as mo bhéalsa. Ní hé nach raibh Béarla againn, an dtuigeann sibh, ach níorbh ionann ár gcanúintí, agus bhí deacrachtaí tuisceana eadrainn, go dtí gur thángamar i dtaithí ar ár gcanúintí éagsúla.

Maidir leis an mBreatnach, níl oiread na fríde de chanúint a háite dúchasaí le brath ar a cuid cainte. Níl a fhios agam an dtabharfá ‘cruinneas cainte’ ar a cuid cainte, nó an dtabharfá ‘Béarla caighdeánach’ ar a leithéid, ach ní dóigh liom go mbeadh deacracht ag Béarlóir ar bith í a thuiscint, mar go bhfuil gach uile fhocal uaithi soiléir, agus cruinn beacht ó thaobh na foghraíochta caighdeánaí de, mar shampla.  

Ní miste liom cé hiad, nó cá háit, ach nuair a thosaíonn duine ag labhairt i nGaeilge liomsa, sin mo Ghaeltacht. Is cuma liom faoi líofacht nó faoi chaighdeán nó faoi chanúint; níl uaim ach go mbeadh cumarsáid thaitneamhach eadrainn, agus go mbeadh muid ag foghlaim óna chéile, le meas agus le foighne, nuair a bhíonn ár dteanga dhúchais á labhairt againn.

Ná lagaítear meas agus foighne cairde na cumarsáide, cibé teanga atá á labhairt acu, agus gura fada uainn na teorainneacha tuirsiúla loiteacha stairiúla.   

Sunday, July 17, 2011

Focail Féilire

Sé do dhíol namhaid amháin, ach ní dóthain céad cara.

'One enemy is too many, and a hundred friends too few.'

Friday, July 15, 2011

Mise Áine, an Hipí

Tá sé de nós agam, go hiondúil, an taobh dearfach de dhrochscéal a fheiceáil, má fhéadaim é ar chor ar bith. Dá dtitfinn, mar shampla, shamhlóinn go raibh an t-ádh orm nár bhris mé mo chois, abair, fiú dá mbeinn i bpian, le gach ball díom brúite.

Pé scéal é, maidin amháin, bhí An Pluiméir ina shuí liom sa chistin, níl sé i bhfad ó shin. Bhí sé ag géarú ar a chosa go mífhoighneach, mar go raibh, dar leis, ‘a full hour of my working day wasted, waiting here for that delivery!’

Bhí an fear bocht gnóthach, an dtuigeann sibh, le lá fada oibre roimhe, ach bhí air fanacht thart go dtiocfadh an veain seachadta le cibé ábhar oibre a bhí ordaithe aige don lá sin. Faoin am sin, bhí an veain chéanna uair a chloig mall, agus ní raibh fear na gcos mífhoighnigh pioc sásta faoin moill sin.

‘Look at it this way…’, a thosaigh mé féin a rá, mé ar tí rud éigin dearfach ar nós ‘…the delay means you got to spend some unexpected quality time with your mother…’  a roinnt leis, ach ní raibh deis agam. Thug sé mo dhreach dearfach faoi deara, agus sula raibh faill agam an abairt a chríochnú, thosaigh sé ag magadh fúm, agus dúirt,

‘Oh, oh…here comes the hippie chat!’

Is cosúil, a léitheoirí, gur hipí atá ionam, i ngan fhios dom féin. Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard a chiallaíonn an focal sin ‘hipí’?

Dar leo anseo, ciallaíonn séone who is aware.’  An gá dom a thuilleadh a rá…

Thursday, July 14, 2011

Lá Dorcha Eile

Mar a léigh mé ar nuacht24 ar maidin, is cosúil gur ‘lá dorcha eile i Stair na hEaglaise Chaitlicigh in Éirinn ’ a thug an Cairdinéal Seán Brady ar thorthaí Thuarascáil Chluana inné.  

Go deimhin, más fíor gur mhol ‘seasamh na Vatacáine’ do na heaspaig  neamhiontas a dhéanamh de na treoirlínte nua dá mbeadh fonn orthu’, cheapfá nach é leas na bpáistí, ná leas na bparóisteach, an chloch ba mhó ar phaidrín na Vatacáine agus an méid sin á rá acu.

Arís is arís eile, tá laethanta dorcha ag teacht sa mhullach orainn sa tír seo, agus, arís is arís eile, is é an gnáthdhuine atá ag íoc go daor as míghníomhartha na ndaoine sin atá in ainm bheith i mbun dea-oibre ar ár son, idir rialtas agus eaglais.     

Mar gheall ar na laeathanta dorcha sin uilig, a léitheoirí, roinnim mo dhán ‘Éire 2011’ anseo libh inniu.

Éire 2011

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Na Fianna ag marcaíocht go seoigh,
lena gcomhluadar giollaí ón Róimh,
lucht eaglaise is rialtais gan chóir,
ag réabadh ár gcine is ár bpóir.

Ba chuma leo stair mílte bliain,
gach fulaingt, gach ionradh, gach pian,
tá an Flaitheas a gealladh ar shiúl,
le gach breab, le gach bréag agus dúil.

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Wednesday, July 13, 2011

Marbh, nó Beo?

Muintir Uí Chordailíní – marbh, ach beo ar bhealach eile, b’fhéidir…


                                                                             WAG


Ag siúl leis an madra.


Ag caint leis an gcúpla.


Ag impí.


Ag bulaíocht...

Miss Piggy

Agus mé amuigh ag siúl ar maidin, chuala mé Mary Mitchell O’Connor ag labhairt le Ray D’Arcy faoin eachtra seo.

Go deimhin, tá ‘Miss Piggy’ cloiste agam, mar leasainm, ar bhean nó dhó thar na blianta. Samhlaím, nuair a chloisim a leithéid, go bhfuil drochmheas á chaitheamh ar an duine, agus ar an nádúr féin, ar bhealach.

Is cuma cén creideamh atá ag duine, is dóigh liom gur thángamar uile isteach sa saol lenár ngéinte réamhshocraithe. Baineann éagasc agus cumas an duine leis na géinte sin, is dócha, ach ní dóigh liom go raibh sé riamh i gceist go mbraithfeadh éagasc ar chumas, ná go mbraithfeadh cumas ar éagasc.

Ach tá saorthoil againn, deirtear, agus is ait an mac an saol.

Tuesday, July 12, 2011

Déanta in Éirinn!

Ó am go chéile, feicim táirge Éireannach a thaitníonn go mór liom, agus bím ag iarraidh an dea-scéal a roinnt le chuile dhuine, ar an bpointe. Bhí mé istigh sa Jewel Casket anseo i mBun Cranncha inniu, agus is ansin a tháinig mé ar an bpeann thuas.

Ceann de na Donegal Pens atá ann, pinn iad atá lámhdhéanta, as adhmaid éagsúla, i nGaeltacht Loch an Iúir, anseo i gCo Dhún na nGall. An rud is suimiúla faoi na pinn ná gurb iad Rónán McGarvey (14) agus a dheartháir, Conor (11), na leaideanna óga atá i gceannas ar an gcomhlacht, agus a dhéanann na pinn iad féin.

Tagann cuid den adhmad ón bportach áitiúil taobh leo, agus b’fhiú go mór súil a chaitheamh ar fhíseán Nationwide anseo, go bhfeice sibh an chaoi a ndéanann Rónán agus Conor a gcuid oibre, ó thus go deireadh.

Más bronntanas Éireannach, agus bronntanas uathúil atá uait, seo an táirge duitse, a léitheoir. Is féidir na pinn uilig a fheiceáil, agus ceann a cheannach, más mian leat, anseo.

Monday, July 11, 2011

Focail Féilire

Más sásamh saoil atá uait, caithfidh tú é a shaothrú. Anois, bí ciúin! Tá siad ar tí uimhreacha an chrannchuir a fhógairt.


‘If you really want something in this life, you have to work for it. Now quiet! They are about to announce the lottery numbers.’
                                          
                                             ******
Dar le m'fhéilire, is ar an lá seo, i 1987, a tharla an Day of Five Billion, ach léim anseo gurb é inniu an:

World Population Day, mar aon le Bowdler's Day: más fíor an méid a léigh mé, tháinig an focal Béarla 'bowdlerize' ó mo dhuine. Is é inniu an Town Crier Day, agus an 7-Eleven Dayagus an National Blueberry Muffin Day, chomh maith.

Creid é nó ná creid, is é inniu an National Cheer Up the Lonely Day, freisin. Léigh mé an liosta 'Cheer Up the Lonely Ideas' ar an suíomh deireanach sin, a léitheoirí, agus táim ag dul ag roinnt an chéad cheann, 'Give someone a heartfelt compliment.' libh anois díreach:

Tá sibh uilig ag breathnú go hiontach inniu, a chairde!

Sunday, July 10, 2011

Mise agus Mamó

Agus mé ag dul tríd mo chóip de Ghaelscéal na seachtaine seo, cé a chonaic mé ag breathnú amach orm, ó leathanach 26, ach Mamó, nó mar is fearr aithne uirthi, Máire Andrews.

Casadh Máire orm, blianta ó shin, nuair a bhí mé ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall. Bhí mé féin agus Sean Mór ag reáchtáil imeachtaí, do Sheachtain na Gaeilge, sna leabharlanna ar fud an chontae, agus, tar éis beagán taighde, chualamar faoi Chompántas Ababú, agus faoi Mháire Andrews.

Bhuel, le scéal fada a dhéanamh gearr, tháinig Máire agus a compántas chuig na leabharlanna éagsúla, agus rinne sí sceitsí beaga iontacha, as Gaeilge, a d’fheil do chuile aoisghrúpa. Thaitin sí go mór liom, mar aisteoir, mar bhean inste scéil, agus mar dhuine.

Ó shin i leith, buailim le Máire ó am go chéile, agus is aoibhinn liom a comhluadar. Léigh mé mo chuid filíochta uair nó dhó sa Chultúrlann i mBéal Feirste, agus bhí Máire ansin, agus a gaolta léi aici go minic, ag bualadh bos go croíúil ar mo shon. Tá sé deacair tacaíocht, agus cairdeas, mar sin a shárú.

Pé scéal é, mura bhfuil sí feicthe agaibh fós, is féidir Máire ilbhuach a fheiceáil ina clár nua ‘Mamó’ a bheas ar siúl ar RTÉ 1, amárach, Dé Luain, ag 8.30 i.n., nó téigh isteach ar an RTÉ Player anseo, agus feicfidh sibh an chéad chlár a craoladh le Mamó, agus le Muintir Uí Chionnaith, ó Chontae an Chabháin.

Thursday, July 7, 2011

Focail Féilire

Murach na bronntanais, b’fhearr éalú.

'If it were not for the presents, an elopement would be preferable.'

Níl Aon Mhúnlann Mar Do Mhúnlann Féin!

Tá lá an fheithimh fhada thart, a léitheoirí! Níl uait, sa lá atá inniu ann, ach BoginaBag.  Sea, Bog in a Bag!

Dar leis na díoltóirí, ar an suíomh anseo,

‘BoginaBag (Bog in a Bag) is a unique portable toilet that is extremely light weight, portable and very robust. It provides the owner with a solution to that age old question of needing to go and having nowhere to go! It folds out as a stool, but when nature calls you then remove the cover insert one of our specially designed degradable bags, relax and relieve yourself.’

Sórt, ahem, R&R de shaghas eile atá i gceist, is dócha.

Ach, mura bhfuil BoginaBag agat, coinnigh do shúile oscailte, agus breathnaigh thart go bhfeice tú an bhfuil, ahemclúdach dúnphoill in aon áit in aice leat - dfhéadfadh sé gur preabmhúnlann a bheadh ann, an dtuigeann tú.   

B'fhéidir gur fearr rith maith ná drochsheasamh...

Wednesday, July 6, 2011

Nathanna Cainte

Le seachtain nó dhó anuas, táim ag freastal ar Chiorcal Comhrá in Sainsburys i nDoire, agus bainim an-sult as mo chupán caife agus as an gcraic le mo chomhroinnteoirí ansin.

An tseachtain seo caite, bhí seachtar againn ann, agus seo thíos cúpla rud a phléamar:

visiting team’ – tá rogha le fáil ar focal.ie: foireann ar cuairt, foireann chuairte, foireann chuarta, ach tá foireann cuairteoirí agus foireann as baile cloiste ó chainteoirí dúchais.

pouring rain’ – tá ag cur de dhíon is de dheora le fáil ar potafocal.com, ach chualamar doirteadh báistí, díle báistí agus gleáradh baistí in úsáid go rialta. Tá tuilleadh faoin aimsir le léamh uaimse anseo, ó Thadhg anseo agus ó Phroinsias anseo agus anseo.

‘riot’círéib an focal a tháinig chugainn, agus é tugtha faoi deara gurb é círéibeacha an leagan iolra den fhocal sin. Ar m’fhilleadh abhaile dom, thug mé féin faoi deara, ar WinGléacht, go bhfuil leaganacha eile den fhocal círéib le fáil – caithréib, cithréib, agus cúiréib.

Maidir le cúiréib, meas tú an bhfuil baint aige leis an mbriathar cúr? Dar le WinGléacht is chastise, punish agus scourge atá i gceist le cúr: an té atá cúrtha cráite, bíonn sé sad and sore, agus, go bhfóire Cia orainn, má tá do chroí cúrtha, tá do heart scourged.

Gura fada uaibh an croí cúrtha, a léitheoirí!  

Focail Féilire

Faigh airgead ar iasacht ó dhoirbhíoch – ní bhíonn sé ag dréim le haisíocaíocht.

'Borrow money from a pessimist – they do not expect it back.'

Ar an lá seo in 1946 a chonacthas an ‘bikini’, le Louis Reard, den chéad uair, ar ardán taispeána i bPáras.

Monday, July 4, 2011

Lá Na Saoirse

Beidh imeachtaí go leor, agus ceiliúradh nach beag, agaibhse thall inniu.

Bainigí sult as bhur lá mór, a chairde!