Friday, March 14, 2025

Seal Le Chéile


Chaith mé maidin thaitneamhach, inné, san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, bhí teacht le chéile agus gearrscannán eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Róise Ní Laifeartaigh. Seachas fear amháin, mná uilig a bhí ann, agus is againn a bhí an chraic agus an comhrá.

  Mé fhéin agus Róise Ní Laifeartaigh

Casadh Róise orm, den chéad uair, nuair a bhí an bheirt againn i mbun céime i Stair agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus is ann a casadh Seán Mór Ó Daimhín orm, freisin. Tháinig Róise mar chomharba ar Sheán mar Oifigeach na Gaeilge leis an gcomhairle, anuraidh. Ach an oiread le Seán Mór, tá a croí istigh i dteanga agus i gcultúr na tíre, agus tá sí mar urlabhraí díograiseach againne, lucht na mbrící lochtacha, chomh maith.  

Mé fhéin agus Bairbre Uí Chathail

Casadh Bairbre Uí Chathail orm ag an Ionad, freisin. Is í Bairbre an Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus is maith ann í. Bíonn sí de shíor ag eagrú ócáidí i nGaeilge do mhuintir na háite - Tráth na gCeist, Clubleabhar, Pop-Up Gaeltacht, cúrsaí don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú - agus is féidir tuilleadh faoina cuid oibre a léamh anseo.

Bean eile a bhfuil an-mheas agam uirthi na Clíona Ní Ghallchóir (féach thuas). Castar orm í, go rialta, ag Oireachtas na Samhna - áit ar bith inar féidir le Clíona teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn, bíonn sí ann, mar sin bhí áthas an tsaoil orm, inné, nuair a chuala mé go bhfuil sí anois fostaithe go lánaimseartha, ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath, mar Aistritheoir Gaeilge. Bheinn den bharúil nach bhfeicfear aon 'praistriúchán' ag teacht ón mbean óg chumasach chairdiúil seo agus í i mbun a cuid oibre leis an gcomhairle. Go n-éirí go geal léi ina post nua!

Maidir leis an ngearrscannán a chonaiceamar inné, An Trucailín Donn, ní raibh sé feicthe agam roimhe, agus ní raibh an scéal sin (cás cúirte) faoi Niall Mac Giolla Bhrighde ar eolas agam. Go deimhin, ní raibh a fhios agam go raibh Pádraig Mac Piarais mar aturnae aige! Ní raibh a fhios agam, ach an oiread, gurb é Niall a scríobh 'The Hills of Donegal' agus 'Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí' - fear fíorshuimiúil agus is féidir tuilleadh faoina shaol a léamh anseo

Táim fíorbhuíoch do Róise as an gcuireadh, agus do na hearnálacha Gaeilge uilig a chuidíonn liomsa, agus le foghlaimeoirí eile, an teanga a aimsiú agus a úsáid ar bhonn rialta. Ní thuigfidh mé, go brách, an gá leis na ciorruithe seo nuair is léir domsa, le blianta fada anuas, go bhfuil an teanga faoi bhláth agus í faoi chúram na ndaoine thuasluaite agus a leithéidí. Nach é Niall a bheadh bródúil as a gcumas, ach níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an bhfear cróga sin faoi na ciorruithe atá beartaithe don teanga sa lá atá inniu ann.

                                  ********

https://vimeo.com/339348227/d3f70ad007

Thursday, March 13, 2025

Neadió Teilifís Áine


Nead na hOifige

Nead na Cistine

Mar a fheicfidh sibh ó mo sheanbhlagmhíreanna anseo agus ó mo chainéal YouTube anseo, tá dhá theachín éan againn anseo i gCeann Scríbe, le blianta fada anuas. Tá ceamaraí sna tithe beaga, ceann atá ceangailte le teilifís na hoifige, agus ceann atá ceangailte le teilifís na cistine. Ar an gcaoi sin, táimid in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht nó obair na n-éan. 

Ní chuireann éin fúthu i gceann amháin nó i gceann eile de na tithe chuile bhliain, agus cé gur thosaigh meantán mór ar nead a thógáil i nead na cistine anuraidh (féach thuas), níor chríochnaigh sí an jab, ar fáth éigin. 

Chomh luath agus a chloisim gáir chúplála an mheantáin mhóir (meantán mór nó meantán gorm a thógann nead iontu, go hiondúil) coinním súil ar na tithe beaga, trí na teilifíseanna. Sin thuas staid na neadacha, ar maidin. Díreach mar a tharla anuraidh, níl dé ná deatach ar aon obair thógála, fós. Go deimhin, ní fhaca muid aon éan sna tithe beaga fós i mbliana. 

É sin ráite, tá an aimsir sách fuar, fós. Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go dtosaíonn imscrúdú na n-éan ar na tithe am ar bith idir Mí Feabhra agus Mí Bealtaine, agus go bhféadfadh éan tús a chur le nead a thógáil am ar bith idir an dá linn. 

Beidh le feiceáil!

Monday, February 10, 2025

Féile Rua agus Stéibh '25

Is gearr uainn Féile Rua, a léitheoirí, agus is fiú go mór súil a chaitheamh ar an suíomh atá curtha le chéile anseo le go bhfeice sibh clár na n-imeachtaí atá beartaithe acu i mbliana, idir 13-16 Feabhra ar an gCeathrú Rua, ag tosú Déardaoin seo chugainn. 

Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar an oíche, ag 7.00i.n. in Ionad an Oireachtais, Casla (H91 XP6E). 

Beidh mé fhéin ann. Tá amhrán nuachumtha liom ar an ngearrliosta don chraobhchomórtas amhránaíochta a bheidh ar siúl oíche Dé Sathairn.

Táim fíorbhuíoch de Méabh Ní Lochnáin, ceoltóir, cumadóir agus fonnadóir óg as Foirnis i Leitir Mealláin, as a bheith sásta m'amhrán a chasadh dom ar an oíche. Casadh orm í ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, cúpla bliain ó shin (23.00 nóiméad) agus bhí mé an-tógtha léi mar chumadóir, agus mar amhránaí.  Go n-éirí go geal léi ar an oíche, agus leis na hiomaitheoirí uilig. 

Mo bhuíochas, freisin, ag dul don Stiúrthóir Ceoil, Brian Terry Mac Donncha, agus do choiste na féile, as an méid oibre atá déanta acu ar son na rannpháirtithe uilig. Murach iad, agus na heagraíochtaí (Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Pobal Rua) a thugann tacaíocht leanúnach do phobal na Gaeilge, ní bheadh féilte mar seo ann. Go raibh céad míle maith agaibh!

Tá tuilleadh eolais le fáil ag pobalrua@gmail.com nó ag 087 2563317, más mian libh dul i dteagmháil leo.  

Feicfidh mé ann sibh, a chairde. 


Tuesday, February 4, 2025

Bréagadóir

Rinne mé rún ag tús na bliana - bhí mé ag dul an cathú a sheachaint, ní raibh mé ag dul ag breathnú ina threo, ní bheinn ag iarraidh aon fhreagra a fhail uaidh, ní chreidfinn unsa uaidh. Bheadh suaimhneas agam i mo shaol, faoi dheireadh, a dúirt mé liom fhéin. Go dtí seo, tá ag éirí liom. An bhfuilim níos suaimhní? Táim. 

Blianta ó shin, chuir Dennis ceist orainne, scríbhneoirí na Gaeilge thall ar Twitter, cén Ghaeilge a bhí againn ar na scálaí sin ar a seasann duine lena meáchan a mheá. Sheol mise freagra ar ais ar an bpointe - bréagadóir. 

An rud faoin mbréagadóir, is féidir breathnú caol díreach san aghaidh air agus gheobhaidh tú toradh, ar an bpointe. Ach, an í an fhírinne atá sa mhéid atá á léamh agat? Má tá sé ag lagú, a chadhnra ag ídiú, mar shampla, ní féidir brath ar an bhfreagra, an féidir? An bréag atá ann mar sin? Bhuel, má tá an toradh ag titim isteach le mianta an léitheora, seans nach ea, bíodh sé fíor nó ná bíodh. 

Ní fhéadfainn a rá gur teoiric chomhcheilge atá ann, ar ndóigh. Níl intleacht dhaonna ag an scála. Níl ann ach córas, bealach le scéal a insint nó toradh a thabhairt, ag brath ar an meáchan a leagtar air. Ach, má tá an córas lag, mura bhfuil sé in ann an fhírinne a mheá mar is ceart, is faoin duine atá sé an toradh a mheas.

Creideann daoine an rud a thiteann isteach lena meon fhéin, go minic. Fiú más i ngan fhios dó fhéin atá sé sin ag tarlú, mura gcreideann duine an méid a léann sé, nó má chreideann sé chuile fhocal a léann sé, seans go bhfuil meon an duine sách solúbtha gur féidir é a lúbadh, bealach amháin nó bealach eile, le go dtite sé isteach lena meon fhéin. Beag beann ar an bhfírinne.


Monday, January 13, 2025

Féile Pan Cheilteach 2025 - An Gearrliosta

Tá an gearrliosta fógartha, agus tá ríméad orm go bhfuil amhrán nuachumtha liom san áireamh arís i mbliana. 

Is í Gráinne Ní Fhátharta a bheas ag casadh an amhráin 'Fágtha gan Freagraí' dom, agus táim fíorbhuíoch dise, do choiste na féile agus do na hurraitheoirí uilig as a gcuid ionchuir - tugann a leithéidí deis domsa, agus do na cumadóirí eile, beatha a thabhairt dár n-amhrán nuachumtha Gaeilge ar an stáitse i gCeatharlach.

Beidh an comórtas le feiceáil beo ar leathanach na féile ar Facebook, chomh maith. Go raibh céad míle maith agaibh, Bríde agus Emma, as an méid oibre a dhéanann sibh ar ár son, le cinntiú go mbeidh oíche den scoth againn san amharclann i rith an chomórtais. 

Buíochas ar leith chuig Ollie Hennessy, stiúrthóir ceoil na féile agus baill den choiste, a thugann tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí uilig, roimh ré agus ar an oíche. 

Cé nach féidir liom bheith i láthair, ó tharla go mbeidh mé thar lear ar an oíche, beidh mo shúile dírithe ar leathanach Facebook ón 8:00 i.n - gúim gach rath ar na hiomaitheoirí uilig! 

Dáta:          Dé Sathairn, 25/1/’25 @ 8i.n.

Ionad:        Amharclann GB Shaw@VISUAL, Ceatharlach.

Moltóirí:    John Spillane, Louise Cantillon agus Shannon Redmond         


                                         Na hAmhráin agus na Cumadóiri:


1.    Damian Mac Gabhann.                    “Aodhla”                             Baile Átha Cliath

2.    Áine Durkin.                                     “Fágtha gan Freagraí”       Conamara/Dún na nGall

3.    Oisín MacCinnéide + micléinn        “B’fhéidir gur Féidir”         GC Ceatharlach

4.    Tony Dunne.                                      “Mise á rá Leat”                   Baile Átha Cliath                    

5.    Paul Kelly.                                        “Ciall agus Réasún”            Baile Átha Cliath

6.    Fergal Canton.                                Banríon Mór Ríoga”            Cill Chainnigh

7.    MJ Mac Pháidín.                            “Ag Fágáil Thú”                     Dún na nGall

8.    Aine Máire Ní Chonchobhair.         “Féileacán”                          An Spidéal, Conamara

9.    Emer O’Flaherty.                            “Stáisiún Traenach”              An Clár

10.  Paul Byrne.                                    “An Biorán 3 Dhath”              Baile Átha Cliath

11.  Éire & Chulainn Ó Faoláin.         “An Gealbhan”                       Loch Garman

12.  Shea Tomkins.                                 “An Áit is Sona”                    Loch Garman

13.  Alanagh Ní Ghríofa.                        “Caill sé féin”                        Conamara

14.  Sharon Ní Chuilbín.                      “Amhrán nad Tonn”                Muigheo   

15.  Caitríona Lane.                              “Ar an Trá Thall”                   Co. na Gaillimhe


Thursday, November 21, 2024

Féile Pan Cheilteach 2025

Preas Eisiúnt

Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2025


Tá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2025 fógartha

agus beidh míle fáilte roimh rogha leathan iarratais.


Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na

hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ‘25. Ní foláir na hamhráin a

bheith as Gaeilge agus is gá na liricí mar aon leis an gceol a bheith nua-chumtha.

Cuireann an comórtas áirithe seo fáilte roimh gach stíl amhráin idir amhráin

traidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac nó rap, snagcheol agus eile.


Ní foláir iarratais a bheith istigh faoi 5i.n. Dé Luain, an 30ú lá de Mhí na Nollag

‘24. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le

canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 25ú Eanair

2025 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal moltóirí ann chun na

hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus cur i láthair. 


Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta.


Bronnfar duais €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an amhrán a roghnóidh na

moltóirí chomh maith le bheith mar iarratas na hÉireann ag an gcomórtas

idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2025 a

bheidh ar siúl i gCeatharlach ón 22ú go 26ú Aibreán an Cháisc seo chugainn. 

Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na

tíortha ceilteacha eile ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an

Chorn agus an Bhriotáin.


Ní foláir iarratais a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com

nó dlúthdhioscaí a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór

Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020

roimh 30ú Nollaig 2024.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach labhairt le Bríde nó Emma ar 087 2857048,

085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com.


Monday, October 7, 2024

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is ócáid bhliantúil í An Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna agus beidh sí ar siúl i gCill Airne arís i mbliana. Tá barántas na bliana seo faighte agam ón Sirriam Gníomhach, Proinsias Mac a'Bhaird, mar a fheicfidh sibh, thíos. 

Aiféala orm faoin moill leis an mbarántas agus le 'Deasghnátha na Cúirte,' ach geallaim daoibh (le cúnamh Bé) go mbeidh Proinsias, Bríd Ní Mhóráin agus mé fhéin ag an gCúirt Filíochta i gCill Airne ar an Satharn, 2 Mí na Samhna, ag 1.30in, mar chualamar go mbeidh neart fíona filí i láthair agus go gcaithfear súil a choinneáil deis a thabhairt dóibh a gcuid dánta a aithris.

I dtaca leis seo, iarrtar oraibh peann a chur le pár, a chairde, agus dán nó dhó a chumadh agus a sheoladh chuig an sirriam gníomhach ag pmacabhaird ag gmail.com, roimh dheireadh na míosa seo, más féidir, le deis a thabhairt dó na socruithe teicneolaíochta a dhéanamh; sin, ar ndóigh, más mian leat go mbeadh do dhán/dánta le feiceáil ar an scáileán taobh thiar díot agus tú i mbun aithrise. 

Ar ndóigh, ní gá cloí le téama na cúirte mar atá luaite sa bharántas, agus ní gá dán a scríobh le cead isteach a fháil; cuirtear fáilte roimh lucht aithrise agus lucht éisteachta, fad is go gcloíonn chuile dhuine leis na deasghnátha (féach thíos.) Ach, má bhíonn fonn aithrise ort, agus gan deis agat an clúdach donn le hairgead dán ann a thabhairt do Phroinsias, roimh ré, fág d'ainm liom fhéin nó le Bríd ag láthair na Cúirte, agus cuirfear d'ainm ar an liosta. 

Ar ndóigh, beidh braon uisce beatha, pinse snaoisín agus duilisc ann do na filí, agus sóláistí ar fáil i ndiaidh na Cúirte. Ní féidir liom tada a chinntiú faoin gcaviar, faoin gcognac ná faoin líne chócaoin, mar ní thabharfaidh an Sirriam cead dom fhéin ná do Bhríd iad a bhlaiseadh dháileadh. 

Ár mbuíochas le Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta, agus le lucht an Oireachtais as a gcuid tacaíochta. Táim ag súil go mór le bhur gcuideachta, a chairde na filíochta!

******************************

                                                                  Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, tá cumhacht ghlór an duine ídithe, Maca Míle agus pobail mhacánta na cruinne den bharúil nach dtugtar ach cluas bhodhar dá dtuairimí, dá n-achainní, dá ngearáin.

Be it known, go bhfuil an domhan á réabadh ag cogadh éagórach, go bhfuil faisistigh dhúchasacha ag éirí inár measc agus go bhfuil céad míle doicheall déanta dár bhfáiltí.

Whereas, muirníonn Éigse Éireann an chóir agus is olc leis an bhréag. Ba ghnás ag dámhchuire Fódla ón chianaimsir anall glór a thabhairt don bhalbhán, misneach a bhronnadh orthu siúd ar easpa dóchais. Cén comhairle chaoin a bhronnfaidh sé anois ar chine Oileán na bhFionn, cén focail mheáite a roinnfidh sé ar Ghaelaibh ársa agus ar Ghaelaibh úra leis an dóchas a mhúscailt iontu an athuair?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an dara lá de mhí na Samhna i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le deachtóireacht, doicheall agus dóchas.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an t-ochtú lá de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Ceathair.  

                                                     PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                             Sirriam (mall)ghníomhach

God Save The King! (agus go maire Camilla)

***********************

Deasghnátha na Cúirte

 Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear polaiteoir ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar díolúintí teanga, tithe saoire sa Ghaeltacht ná ceartúsáid an chlásail choibhneasta ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaelic Ghaoth Dobhaí.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.