Is gearr uainn Féile Rua, a léitheoirí, agus is fiú go mór súil a chaitheamh ar an suíomh atá curtha le chéile anseo le go bhfeice sibh clár na n-imeachtaí atá beartaithe acu i mbliana, idir 13-16 Feabhra ar an gCeathrú Rua, ag tosú Déardaoin seo chugainn.
Éamon Ó Cuív, Uachtarán an Oireachtais, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar an oíche, ag 7.00i.n. in Ionad an Oireachtais, Casla (H91 XP6E).
Beidh mé fhéin ann. Tá amhrán nuachumtha liom ar an ngearrliosta don chraobhchomórtas amhránaíochta a bheidh ar siúl oíche Dé Sathairn.
Táim fíorbhuíoch de Méabh Ní Lochnáin, ceoltóir, cumadóir agus fonnadóir óg as Foirnis i Leitir Mealláin, as a bheith sásta m'amhrán a chasadh dom ar an oíche. Casadh orm í ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, cúpla bliain ó shin (23.00 nóiméad) agus bhí mé an-tógtha léi mar chumadóir, agus mar amhránaí. Go n-éirí go geal léi ar an oíche, agus leis na hiomaitheoirí uilig.
Mo bhuíochas, freisin, ag dul don Stiúrthóir Ceoil, Brian Terry Mac Donncha, agus do choiste na féile, as an méid oibre atá déanta acu ar son na rannpháirtithe uilig. Murach iad, agus na heagraíochtaí (Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta, Pobal Rua) a thugann tacaíocht leanúnach do phobal na Gaeilge, ní bheadh féilte mar seo ann. Go raibh céad míle maith agaibh!
Tá tuilleadh eolais le fáil ag pobalrua@gmail.com nó ag 087 2563317, más mian libh dul i dteagmháil leo.
Feicfidh mé ann sibh, a chairde.
No comments:
Post a Comment