Tá an gearrliosta fógartha, agus tá ríméad orm go bhfuil amhrán nuachumtha liom san áireamh arís i mbliana.
Is í Gráinne Ní Fhátharta a bheas ag casadh an amhráin 'Fágtha gan Freagraí' dom, agus táim fíorbhuíoch dise, do choiste na féile agus do na hurraitheoirí uilig as a gcuid ionchuir - tugann a leithéidí deis domsa, agus do na cumadóirí eile, beatha a thabhairt dár n-amhrán nuachumtha Gaeilge ar an stáitse i gCeatharlach.
Beidh an comórtas le feiceáil beo ar leathanach na féile ar Facebook, chomh maith. Go raibh céad míle maith agaibh, Bríde agus Emma, as an méid oibre a dhéanann sibh ar ár son, le cinntiú go mbeidh oíche den scoth againn san amharclann i rith an chomórtais.
Buíochas ar leith chuig Ollie Hennessy, stiúrthóir ceoil na féile agus baill den choiste, a thugann tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí uilig, roimh ré agus ar an oíche.
Cé nach féidir liom bheith i láthair, ó tharla go mbeidh mé thar lear ar an oíche, beidh mo shúile dírithe ar leathanach Facebook ón 8:00 i.n - gúim gach rath ar na hiomaitheoirí uilig!
Dáta: Dé
Sathairn, 25/1/’25 @ 8i.n.
Ionad: Amharclann
GB Shaw@VISUAL, Ceatharlach.
Moltóirí: John Spillane, Louise Cantillon agus
Shannon Redmond
Na
hAmhráin agus na Cumadóiri:
1. Damian Mac
Gabhann. “Aodhla” Baile
Átha Cliath
2. Áine
Durkin. “Fágtha
gan Freagraí” Conamara/Dún na nGall
3. Oisín MacCinnéide +
micléinn “B’fhéidir gur Féidir” GC Ceatharlach
4. Tony
Dunne. “Mise
á rá
Leat” Baile
Átha Cliath
5. Paul
Kelly. “Ciall
agus Réasún” Baile Átha Cliath
6. Fergal
Canton. “Banríon
Mór Ríoga” Cill Chainnigh
7. MJ Mac
Pháidín. “Ag
Fágáil Thú” Dún na nGall
8. Aine Máire Ní
Chonchobhair. “Féileacán” An
Spidéal, Conamara
9. Emer
O’Flaherty. “Stáisiún
Traenach” An Clár
10. Paul
Byrne. “An
Biorán 3 Dhath” Baile Átha Cliath
11. Éire & Chulainn Ó
Faoláin. “An
Gealbhan” Loch Garman
12. Shea
Tomkins. “An
Áit is Sona” Loch Garman
13. Alanagh Ní
Ghríofa. “Caill
sé
féin” Conamara
14. Sharon Ní
Chuilbín. “Amhrán
nad Tonn” Muigheo
15. Caitríona
Lane. “Ar
an Trá Thall” Co.
na Gaillimhe
No comments:
Post a Comment