Chaith mé maidin thaitneamhach, inné, san Ionad Seirbhísí Poiblí i Leitir Ceanainn. Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2025, bhí teacht le chéile agus gearrscannán eagraithe ag Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, Róise Ní Laifeartaigh. Seachas fear amháin, mná uilig a bhí ann, agus is againn a bhí an chraic agus an comhrá.
Casadh Róise orm, den chéad uair, nuair a bhí an bheirt againn i mbun céime i Stair agus i Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Mhig Aoidh i nDoire, agus is ann a casadh Seán Mór Ó Daimhín orm, freisin. Tháinig Róise mar chomharba ar Sheán mar Oifigeach na Gaeilge leis an gcomhairle, anuraidh. Ach an oiread le Seán Mór, tá a croí istigh i dteanga agus i gcultúr na tíre, agus tá sí mar urlabhraí díograiseach againne, lucht na mbrící lochtacha, chomh maith.
Casadh Bairbre Uí Chathail orm ag an Ionad, freisin. Is í Bairbre an Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus is maith ann í. Bíonn sí de shíor ag eagrú ócáidí i nGaeilge do mhuintir na háite - Tráth na gCeist, Clubleabhar, Pop-Up Gaeltacht, cúrsaí don té atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú - agus is féidir tuilleadh faoina cuid oibre a léamh anseo.
Bean eile a bhfuil an-mheas agam uirthi na Clíona Ní Ghallchóir (féach thuas). Castar orm í, go rialta, ag Oireachtas na Samhna - áit ar bith inar féidir le Clíona teanga agus cultúr na tíre seo a chur chun cinn, bíonn sí ann, mar sin bhí áthas an tsaoil orm, inné, nuair a chuala mé go bhfuil sí anois fostaithe go lánaimseartha, ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gClochán Liath, mar Aistritheoir Gaeilge. Bheinn den bharúil nach bhfeicfear aon 'praistriúchán' ag teacht ón mbean óg chumasach chairdiúil seo agus í i mbun a cuid oibre leis an gcomhairle. Go n-éirí go geal léi ina post nua!
Maidir leis an ngearrscannán a chonaiceamar inné, An Trucailín Donn, ní raibh sé feicthe agam roimhe, agus ní raibh an scéal sin (cás cúirte) faoi Niall Mac Giolla Bhrighde ar eolas agam. Go deimhin, ní raibh a fhios agam go raibh Pádraig Mac Piarais mar aturnae aige! Ní raibh a fhios agam, ach an oiread, gurb é Niall a scríobh 'The Hills of Donegal' agus 'Mo chró beag ag bun Chnoc an Tí' - fear fíorshuimiúil agus is féidir tuilleadh faoina shaol a léamh anseo.
Táim fíorbhuíoch do Róise as an gcuireadh, agus do na hearnálacha Gaeilge uilig a chuidíonn liomsa, agus le foghlaimeoirí eile, an teanga a aimsiú agus a úsáid ar bhonn rialta. Ní thuigfidh mé, go brách, an gá leis na ciorruithe seo nuair is léir domsa, le blianta fada anuas, go bhfuil an teanga faoi bhláth agus í faoi chúram na ndaoine thuasluaite agus a leithéidí. Nach é Niall a bheadh bródúil as a gcumas, ach níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an bhfear cróga sin faoi na ciorruithe atá beartaithe don teanga sa lá atá inniu ann.
********
https://vimeo.com/339348227/d3f70ad007
No comments:
Post a Comment