Sunday, May 27, 2012

Neadió Teilifís Áine

Ó tharla an nead tréigthe ag an meantán gorm, moladh dúinn an tsean-nead a bhaint amach as an teachín éan, le deis a thabhairt d’éan eile theacht ann, am éigin amach anseo. Bhuel, caithfear a bheith dóchasach, an dtuigeann sibh.
Chinn An Garraíodóir go ndéanfadh sé féin an jab. Bhí cara liom réidh le greim a fháil air, ar fhaitíos go dtitfeadh sé isteach san abhainn (an Garraíodóir, chan an teachín éan), agus d’éirigh leis an bhfear, ahem, aclaí seo an nead a fháil...faoi dheireadh.  Seo thíos na grianghraif a thóg mé den nead:

Barr na neide...
Taobh na neide...
Bun na neide...
Jab álainn déanta aici, ach, cibé rud a tharla di, ní fhaca an nead seo aon ubh bheirthe, agus ní fhaca an teachín éan aon éan ó shin.  
Meantán gorm s'againne.

Aoibhneas an tSaoil



Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go bhfuil an ghrian ag scaladh anuas oraibhse, freisin, agus go bhfuil in bhur dtimpeallacht na nithe sin a thabharfaidh aoibhneas croí daoibh.

Saturday, May 26, 2012

An Eoraifís

Mar a scríobh mé cheana, nílim iontach ag roghnú buaiteoirí i gcomórtas na hEoraifíse, ach seo iad na hamhráin a thaitníonn liom - taobh amuigh de Jedward, ar ndóigh. Bhuel, seo iad na hamhráin a d’fhan i mo chloigeann, pé scéal é, ó chonaic/chuala mé iad:

Amhráin na Rúise, na hIodáile, na Sualainne, na hEastóine, na hÚcráine, na hAlbáine, na Ríochta Aontaithe, na Seirbia, agus amhrán na hAsarbaiseáine.

Dá mbeadh orm cúig amhrán a roghnú, ba mhaith liom go mbeadh Éire, an Iodáil, An tSualainn, An Rúis, agus Asarbaiseáin ann, ach ní chuirfeadh sé iontas orm cé a bheadh sa chéad chúig áit, mar seo comórtas na hEoraifíse, agus ní bhíonn a fhios ag aon duine céard a tharlóidh!

Go n-éirí go geal lenár leaids féin – tá siad iontach, is cuma cén vóta a gheobhaidh siad.

♫♪♫♫♪ I am close to the waterline…♪♪♫♫♫


Fonóta: Seo mar a d’éirigh leis na hamhráin a luaigh mé thuas:

Tír                                  Áit

An tSualainn                   1ú
An Rúis                          2ú
An tSeirbia                     3ú
An Asarbaiseáin              4ú
An Albáin                       5ú
An Eastóin                      6ú
An Iodáil                         9ú
Éire                                19ú
An Ríocht Aontaithe        25ú

Friday, May 25, 2012

Diacritically, is leatsa É!

An bhfuil a fhios agat an difríocht idir ‘Bhí an-chraic aige’ agus, ahem, ‘Bhí an-chráic aige,’ a léitheoir?

Bhuel, tá a fhios ag Rossa Ó Snodaigh agus Míchéal Ó Domhnaill, beirt a chuaigh ar thóir ár síntí fada agus a chuir an foclóir nua, Our Fada, le chéile, ar mhaithe le séantóirí na síntí fada.    

Agus é i gcomhrá le John Murray an lá cheana (chan i gcomhra le John Murray, an dtuigeann sibh), thug Rossa Ó Snodaigh sampla nó dhó eile as an bhfoclóir, agus is féidir an comhrá sin a chloisteáil anseo.

Tá timpeall 3000 sampla eile tugtha sa leabhar, atá ar fáil anois. Our Fada, foilsithe ag Coiscéim, €10.  

Thursday, May 24, 2012

Focail Féilire

Imithe as mo mheabhair. Ar ais i gceann chúig nóiméad.

Out of my mind. Back in five minutes.

Ag roinnt an ceann seo leat, a léitheoir, mar gur bhain sé gáire asam féin ar maidin, nuair a léigh mé é ar m’fhéilire. Go mba hé duit!

Go mba hé duit an gáire, an dtuigeann tú, chan an t-imeacht as do mheabhair…

Wednesday, May 23, 2012

Athfhriotal

Dá mhéad m'aineolas, is mó mo thóir ar eolas.

Sin athfhriotal Gaeilge a tháinig chugam agus mé ag iarraidh ceann Béarla ‘My ignorance often astounds others, but it never surprises me at all.'  a chumadh - nó ceann cosúil leis, ach na focail chuí a aimsiú!

Chruthaigh úsáid an fhocail sin ignorance díospóireacht i mo chloigeann; agus díospóireacht le cara liom, bean a cheap go mbainfeá úsáid as an bhfocal ignorance dá mbeadh tú ag caint faoi dhuine dúr neamhghoilliúnach, b’fhéidir, ach ní faoin duine aineolach.  

I gcomhthéacs an athfhriotail as Béarla thuas, an féidir an focal ignorance a úsáid don té nach mbeadh chomh knowledgeable agus ba mhaith leo, mar a déarfá, ach nach bhfuil dúr, neamhghoilliúnach, mar go bhfuil a fhios acu, go rómhaith, nach bhfuil siad go hiomlán eolach ar chuile ábhar beo!?  

Tuesday, May 22, 2012

Caife Machnaimh


Arú inné, anseo in Inis Eoghain, bhí maidin caife ag bean ar m’aithne. Le bliain anuas, tar éis di radaiteiripe a fháil i gcoinne ailse bhrollaigh i nGaillimh, tá níos mó ná oíche amháin caite aici in Inis Aoibhinn, áras lóistín atá lámh leis an ospidéal ansin.

Dar léi, tá sise, agus daoine eile atá i ngleic le hailse, in ann an turas a dhéanamh, ón taobh seo tíre go Gaillimh, i mionbhus a ceannaíodh as deontais a tugadh go flaithiúil i siopa carthanachta i Leitir Ceanainn, áit a ndíoltar éadaí srl., chun an bus a choinneáil ar an mbóthar.

Tá seisear tiománaithe acu don mhionbhus, daoine a dhéanann an tiomáint go deonach, a dúirt sí liom. Tá bus níos mó ag teastáil anois, mar sin cuir scairt orthu, nó glaoigh isteach, más feidir leat cuidiú leo, a léitheoir. Tá siad lonnaithe ar Bhóthar an Chalafoirt i láthair na huaire.

Is ar mhaithe le hInis Aoibhinn a bhí mo chara ag bailiú airgid Dé Domhnaigh.  Is áit í Inis Aoibhinn inar féidir le hothair fanacht, saor in aisce, bricfeasta agus dinnéar a fháil ann, saor in aisce, dóibh féin agus dá gcompánach, más gá; gan an turas fada abhaile a tharraingt orthu féin, go mbeidh siad láidir go leor, tar éis an radaiteiripe a fháil. Mar a scríobh bean amháin ar shuíomh idirlín sin Inis Aoibhinn:

‘When I think back to Inis Aoibhinn, I remember it not as the place I was when I was sick; but the place where I began to get well.’

Nuair a shroich mé teach mo chara don mhaidin caife, bhí an áit plódaithe le daoine – balúin bhándearga ar fud na háite, cácaí agus borróga bándearga, a tugadh go deonach, ina gcéadta ann; fir agus mná ag comhrá agus ag gáire go croíúil; mo chara agus a beirt iníonacha ag líonadh cupán le tae agus le caife; an bosca síntiús ag an doras, le go mbeadh muid in ann deontas a fhágáil, dá mba mhian linn. Ba mhian. Bailíodh €2000.

Ritheann sé liom, go minic, go bhfuil an tír seo bun os cionn mar gheall ar dhaoine a chaith airgead na tíre gan cheart gan chúram, ach go bhfuil an t-ádh linn in Éirinn, mar go bhfuil daoine sa tír seo le croíthe móra fiala, daoine a thabharfaidh cúnamh agus airgead go flaithiúil; pobal a thuigeann go bhfuil gá le carthanacht, flaithiúlacht agus féile, go háirithe in am an ghátair. 

Mo chuimhne, a léitheoirí, ná déanaigí dearmad ar an dáta seo, le bhur dtoil.