Monday, October 7, 2024

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2024

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is ócáid bhliantúil í An Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna agus beidh sí ar siúl i gCill Airne arís i mbliana. Tá barántas na bliana seo faighte agam ón Sirriam Gníomhach, Proinsias Mac a'Bhaird, mar a fheicfidh sibh, thíos. 

Aiféala orm faoin moill leis an mbarántas agus le 'Deasghnátha na Cúirte,' ach geallaim daoibh (le cúnamh Bé) go mbeidh Proinsias, Bríd Ní Mhóráin agus mé fhéin ag an gCúirt Filíochta i gCill Airne ar an Satharn, 2 Mí na Samhna, ag 1.30in, mar chualamar go mbeidh neart fíona filí i láthair agus go gcaithfear súil a choinneáil deis a thabhairt dóibh a gcuid dánta a aithris.

I dtaca leis seo, iarrtar oraibh peann a chur le pár, a chairde, agus dán nó dhó a chumadh agus a sheoladh chuig an sirriam gníomhach ag pmacabhaird ag gmail.com, roimh dheireadh na míosa seo, más féidir, le deis a thabhairt dó na socruithe teicneolaíochta a dhéanamh; sin, ar ndóigh, más mian leat go mbeadh do dhán/dánta le feiceáil ar an scáileán taobh thiar díot agus tú i mbun aithrise. 

Ar ndóigh, ní gá cloí le téama na cúirte mar atá luaite sa bharántas, agus ní gá dán a scríobh le cead isteach a fháil; cuirtear fáilte roimh lucht aithrise agus lucht éisteachta, fad is go gcloíonn chuile dhuine leis na deasghnátha (féach thíos.) Ach, má bhíonn fonn aithrise ort, agus gan deis agat an clúdach donn le hairgead dán ann a thabhairt do Phroinsias, roimh ré, fág d'ainm liom fhéin nó le Bríd ag láthair na Cúirte, agus cuirfear d'ainm ar an liosta. 

Ar ndóigh, beidh braon uisce beatha, pinse snaoisín agus duilisc ann do na filí, agus sóláistí ar fáil i ndiaidh na Cúirte. Ní féidir liom tada a chinntiú faoin gcaviar, faoin gcognac ná faoin líne chócaoin, mar ní thabharfaidh an Sirriam cead dom fhéin ná do Bhríd iad a bhlaiseadh dháileadh. 

Ár mbuíochas le Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta, agus le lucht an Oireachtais as a gcuid tacaíochta. Táim ag súil go mór le bhur gcuideachta, a chairde na filíochta!

******************************

                                                                  Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, tá cumhacht ghlór an duine ídithe, Maca Míle agus pobail mhacánta na cruinne den bharúil nach dtugtar ach cluas bhodhar dá dtuairimí, dá n-achainní, dá ngearáin.

Be it known, go bhfuil an domhan á réabadh ag cogadh éagórach, go bhfuil faisistigh dhúchasacha ag éirí inár measc agus go bhfuil céad míle doicheall déanta dár bhfáiltí.

Whereas, muirníonn Éigse Éireann an chóir agus is olc leis an bhréag. Ba ghnás ag dámhchuire Fódla ón chianaimsir anall glór a thabhairt don bhalbhán, misneach a bhronnadh orthu siúd ar easpa dóchais. Cén comhairle chaoin a bhronnfaidh sé anois ar chine Oileán na bhFionn, cén focail mheáite a roinnfidh sé ar Ghaelaibh ársa agus ar Ghaelaibh úra leis an dóchas a mhúscailt iontu an athuair?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an dara lá de mhí na Samhna i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le deachtóireacht, doicheall agus dóchas.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an t-ochtú lá de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Ceathair.  

                                                     PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                             Sirriam (mall)ghníomhach

God Save The King! (agus go maire Camilla)

***********************

Deasghnátha na Cúirte

 Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear polaiteoir ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar díolúintí teanga, tithe saoire sa Ghaeltacht ná ceartúsáid an chlásail choibhneasta ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaelic Ghaoth Dobhaí.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

No comments: