Monday, April 1, 2024

Gaeilge Éigeantach

Is gearr uaim aois an phinsin mar sin ní raibh mé ag súil go bhfaighinn tairiscint ar obair ag an tráth seo de mo shaol. Ach tháinig glaoch fóin agus, go gairid ina dhiaidh, tháinig litir; tá an conradh faighte agam. Conradh bliana. Tá cinneadh le déanamh agam agus ní mór gach deis a thapú nuair atá an tseanaois ag breith suas ort le luas lasrach. Ar a laghad, caithfear dianmhachnamh a dhéanamh faoin deis atá curtha ar fáil duit, sílim.

Nuair a fheicim an focal ‘Feidhmeannach’ i dteideal oibre ar bith, samhlaím tábhacht ar leith ag baint leis an bpost, dá bhrí sin bhí mé meallta ar an bpointe. Ach, caithfear a bheith cúramach faoi theidil aon phost (rud a mholfainn do chuile dhuine agaibh, a léitheoirí) agus léigh mé an cháipéis a seoladh chugam ina hiomláine, le bheith cinnte nach raibh aon rud idir na línte a chuirfeadh dallamullóg orm nó nár thuig mé i gceart. Ó tharla go bhfuil intleacht shaorga (IS) in úsáid go fairsing agus go rialta na laethanta seo, is fearr a bheith aireach, ceapaim fhéin.

Chuaigh mé tríd an gcáipéis agus níor thug mé faoi deara aon intleacht shaorga ag feidhmiú inti. Go bhfios dom, ar aon nós. Ar an taobh eile den scéal, an féidir meabhair chinn an phinsinéara-le-bheith a thrust, meas tú? Déanaim iarracht coinneáil suas le saol na teicneolaíochta ach bíonn lucht na cumadóireachta an-chliste agus bíonn sé deacair cos a choinneáil leo.

Pé scéal é, de réir mar a thuigim, is é an jab a bheadh le déanamh agamsa mar fheidhmeannach ná deimhin a dhéanamh de go bhfuil,

a.     Gaeilge d’ardchaighdeán ag na feidhmeannaigh sheachtracha faoi mo chúram 

b.    Gaeilge amháin á labhairt acu sa mbaile agus go sóisialta 

      c.    Gaeilge amháin in úsáid acu ar na meáin shóisialta

      d.    leabhair i nGaeilge á léamh acu chuile mhí, go háirithe i Mí Feabhra.  

Níl a fhios agam fúibhse, a léitheoirí, ach ní hé an sórt duine mise a cheapann go bhfuil mo chuid Gaeilge fhéin sách maith le breithiúnas a thabhairt ar Ghaeilge labhartha ná scríofa aon duine eile. Chomh maith leis sin, is duine príobháideach mé fhéin agus níor mhaith liom go mbeadh orm mo shrón a shá isteach i saol príobháideach aon fheidhmeannach agus é/í sa mbaile, nó amuigh go sóisialta, nó ar an idirlíon. Mhothóinn mar a bheadh stalcaire ann.

Ar maidin, théis roinnt mhaith ama caite agam ag dul anonn is anall leis an scéal, rinne mé mo chinneadh. Cé go bhfuilim buíoch go bhfuil eagrais ann atá fós sásta deiseanna a thabhairt do mo leithéidí, táim den bharúil nach bhfeilfeadh an post mar Fheidhmeannach na bhFeidhmeannach Seachtrach (FFS) domsa. Má tá aithne agat ar aon duine a bheadh sásta tabhairt faoin bpost, nó dá mbeadh suim agat fhéin ann, is féidir do chuid suime agus do chuid sonraí a chur in iúl i ríomhphost chuig feidhmeannachnanamadánaibreáin@gmail.com.  

Bainigí sult as an lá, a chairde.

2 comments:

Amadán ceart said...

Lán cháilithe!!

Mise Áine said...

Tapaigh do dheis, a chara!