Thursday, March 21, 2024

Nósanna

Níl a fhios agam cén uair a thug mé an nós áirithe seo faoi deara, ach chomh luath agus a thug mé faoi deara go raibh mé á dhéanamh, rinne mé cinneadh gurbh fhearr liom gan é a dhéanamh arís. Nílim gan locht, an dtuigeann sibh. Glacaim leis go ndéanaim botúin, go bhfuilim lag scaití, go mbím neamhchinnte scaití, go mbrisim nós, go bhfuil mo nóisin fhéin agam (mar atá againn uilig, seans) gur féidir liom bheith dána nó maith (mar is eol do Shantaí), go bhfuil m’fhéiniúlacht fhéin agam. Ní lia duine ná tuairim, ar ndóigh, ach is minic go mbíonn mé fhéin agus mo choinsias ar aon tuairim nuair a thagann ár smaointe le chéile. Bíodh mé ceart nó mícheart, leanaim ar aghaidh leis na nósanna lena bhfuilim compordach; na nósanna a réitíonn le mo chuid smaointeoireachta fhéin.   

B’fhéidir go leanann daoine ar aghaidh lena gcleachtas mar gur gnáthnós atá ann dóibhsean; an rud a chonaic siadsan déanta ag an nglúin a chuaigh rompu, déanann siad fhéin é gan mórán smaoineamh a dhéanamh faoi. Go minic, leanann siad a dtréad agus nósanna a dtréad mar nach bhfuil sé de nós acu nós a bhriseadh ná nós nua a dhéanamh; freastalaíonn siad ar na heaglaisí céanna, caitheann siad vóta mar a chaith a ndream rompu, tugann siad ainmneacha a sinsear do naíonán nuabheirthe agus, go minic, sloinnte na bhfear amháin a bhíonn ar a bpáistí. Ach, ní bhaineann na cearta sin go baileach leis an scéal seo.

Nuair a thagann cuireadh ó dhlúthchara liom, nó duine de mo lucht aitheantais, is minic ainm mo pháirtí san áireamh ar an gcuireadh, cé go bhfuil seans ann nár casadh fear an tí seo orthu riamh. Is minic cártaí faighte agam ó sheanchara agus é sínithe aici ‘le grá’ uaithi, óna páirtí agus óna bpáistí. Tá daoine nár casadh orm riamh i mo shaol ag seoladh grá chugam! I ngan fhios dóibh fhéin, seans.

Maidir leis an gcuireadh chun bainise, is minic go dtugtar cuireadh don chara móide páirtí agus, in amanna, móide a bpáistí. Ciallaíonn sé sin go mbíonn go leor daoine ag an bpósadh acu nach bhfuil aithne ag an lánúin orthu, gan trácht ar an gcostas sa bhreis a bhíonn i gceist le strainséirí ag teacht chuig an mbainis. Ach, ní bhaineann na cearta sin go baileach leis an scéal seo.

Bíodh beannacht nó cuireadh i gceist, nuair a chuireann cara ainmneacha daoine eile ar chárta, daoine nach raibh riamh páirteach sa chaidreamh a bhí aici nó aige leis an té a gheobhaidh an cárta, an bhfuil nósmhaireacht i gceist, nó an é go gcuirtear an cairdeas a thosaigh ‘duine le duine’ go leataobh agus go ndéantar spleáchas den neamhspleáchas?

*************************

Is é Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha le Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir Súil Thart. Beidh leagan den alt seo le léamh sna nuachtáin Donegal News, Strabane Chronicle, Ulster Herald agus Dungannon Herald an tseachtain seo. 

No comments: