Sunday, April 14, 2024

Cúrsaí

Táimse i mo chónaí in áit ar an dtugtar Bun Cranncha. Is éard atá sa ‘Crannach’ ná ainm na habhann ar a bhfuil ainm na háite bunaithe; agus tháinig ainm na habhann, seans, ó líon na gcrann atá chaon taobh di agus í ar a bealach chun na farraige.

Ar thug sibh faoi deara, riamh, nach caol díreach a bhíonn cúrsa aon abhainn? De réir mar a thuigim ó mo chuid taighde, b’fhearr leis an abhainn an cúrsa díreach, ach bíonn baic ar a bealach i dtreo na farraige, agus bíonn uirthi lúbadh agus casadh de réir mar a bhuaileann sí leis na baic éagsúla ar a turas go ceann scríbe.

Go nádúrtha, ritheann abhainn léi ar an gcosán is feiliúnaí di fhéin ach nuair a bhuaileann sí le bac ar bith, brúitear an t-uisce le fórsa agus le forneart anonn go dtí an taobh eile den bhruach, rud a chuireann lúb ina turas. Leanann an lúb sin uirthi ag lúbadh de réir mar a bhrúitear í ó thaobh amháin go taobh eile. Má lúbann an abhainn ar ais uirthi fhéin, cruthaítear lúbloch san áit sin, ach leanann an abhainn léi ag rith.  Ar an gcaoi sin, cé go bhfágann sí loch ina diaidh, tá an abhainn ar ais ar an gcosán is sciobtha a thabharfas chun na farraige í. Le luas, ar ndóigh, tarlaíonn creimeadh agus athraíonn an tírdhreach dá réir sin; lúb i ndiaidh lúibe, casadh i ndiaidh casaidh.

Ní bhíonn cúrsaí an tsaoil caol díreach don duine ach an oiread. Is iomaí lúb, cor agus casadh ar chosán an tsaoil agus an duine ag gluaiseacht i dtreo cheann scríbe; slí chorrach cham a bhíonn inti, go minic. Sa chás sin, samhlaím lúbloch mar a bheadh lorg ann, lorg atá fágtha ina dhiaidh ag an duine a thosaigh amach ar chosán amháin ach a chríochnaigh ar ais san áit inar thosaigh siad; ladhar bóthair sroichte arís aige, ach lorg a chuid fánaíochta fágtha ina dhiaidh aige ar dhromchla an tsaoil.

Nuair a bhíonn cinneadh le déanamh againn, ní bhíonn an tslí i gcónaí soiléir, go háirithe má bhíonn baic le sárú. I ndeireadh an lae, cibé foinse a thugann beatha dúinn, maith nó olc, is fúinn fhéin a bhíonn sé an cosán is fearr a aimsiú, nuair is féidir linn. Nuair a bhuaileann duine le constaic, is faoin duine atá sé an bealach is fearr a fháil thart ar an gconstaic sin, gan mórán dochair a dhéanamh do dhaoine eile. Fágtar loirg. Mura féidir linn forneart, lámh láidir agus iomarcaíocht dhaoine eile a sheachaint, ar a laghad bíodh sé le rá againn gur sheas muid an fód ina gcoinne le neart ár ndaonnachta.

*************************

Beidh leagan den bhlagmhír seo le léamh ins an Donegal News, Dungannon Herald, Strabane Chronicle, agus Ulster Herald a bhuí le heagarthóireacht Sheáin Uí Dhaimhín ar an leathanach 'Súil Thart' sna nuachtáin sin. 

No comments: