Wednesday, April 27, 2011

Adiós!

Faoin am seo amárach, beidh mé i mBarcelona, tá súil agam.

‘Tá Barcelona go hálainn!’ a dúradh liom, arís is arís eile, ó luaigh mé le daoine go raibh mé ag dul ann. Bhuel, is gearr go mbeidh an fhianaise os mo chomhair, a léitheoirí, agus táim ag dúil go mór leis an áit a fheiceáil, caithfidh mé a rá.

Ní bheidh mo ríomhaire glúine liom agam, ó tharla gur gheall mé do mo chara, mo chompánach taistil, nach dtabharfainn liom é. Tá An Garraíodóir den bharúil nach mairfidh mé gan é. Is dóigh gurb é, ahem, an ríomhaire glúine atá i gceist aige, chan é féin, an dtuigeann sibh. Sea.  

Cé go mbeidh mé i bhfad ó bhaile, ní bheidh mé i bhfad as baile. Tá súil agam nach mbeidh sibh uaigneach i m’uireasa, a léitheoirí, ach tá an bhean seo ag dul ag Rambláil

Monday, April 25, 2011

Gnáthfhuaimeanna Tí

Mar atá ráite agam, cheana, is aoibhinn liom nuair a bhíonn cuairteoirí agam sa teach, mar atá i láthair na huaire.

Ar maidin, gan duine ná deoraí ina suí ach mé féin, thug mé faoi deara na fuaimeanna a chloisim, agus iarracht á dhéanamh agam gan aon torann a dhéanamh, an dtuigeann sibh – gíoscán an staighre agus na ndoirse, mar shampla.

Rith an smaoineamh liom gurb é a mhalairt a tharlaíonn, is dócha, nuair a bhíonn gnáthchónaitheoir as baile; sé sin le rá, ní chloistear a ngnáthfhuaimeanna maidine – coiscéimeanna ar an urlár, bricfeasta á réiteach sa chistin, an raidió ar siúl, agus mar sin de.  

Chaithfeadh sé go mbíonn a leithéidí sin de chiúine iontach crua ar an té a chailleann gnáthfhuaimeanna mar iad go brách, arsa mé féin liom féin.

Leis an smaoineamh sin, ghabh mé buíochas le cibé Cé nó Céard atá freagrach as mo bheannachtaí ar maidin, agus d’iarr mé sólás don té atá uaigneach sa chiúnas.

Saturday, April 23, 2011

Éire 2011

B’fhéidir go gceapann tú, a thacaí na Gaeilge, nach bhfuil tú in ann filíocht a scríobh, ach chuirfinn geall leat go mbeadh tú in ann, abair, ceithre líne, ar a laghad, de dhán den teideal ‘Éire 2011’ a chur le chéile, don chomórtas seo. Go deimhin, is féidir leat suas le 20 líne a scríobh, más mian leat, deirtear.

Cé nach luaitear na focail ‘Éire 2011’ in aon áit, táimse den bharúil go mbeadh sé go deas dá ndéanfadh duine nó dhó, nó triúr, nó ceathrar againn iarracht ar pheann a chur le pár, agus dán an duine, as Gaeilge, a sheoladh chucu ag poetrycompetition@rte.ie.

Is ionann ‘Éire 2011’ agus ‘Ireland 2011’, nach ea?

Tá na rialacha uilig ar an suíomh sin thuasluaite, nó ar shuíomh an John Murray Show anseo. Tá agaibh go dtí an 13ú Bealtaine le dán a sheoladh chucu, más mian libh.

Cara nó Namhaid?

Tharla sé go raibh mé ag útamáil liom istigh san áis iontach sin, Pota Focal, nuair a thug mé faoi deara rud ann, rud nár thugas faoi deara roimhe seo.

Is dócha go raibh an t-eolas ann an t-am ar fad agus nach bhfaca mise é, ó tharla gur minic mé faoi dheifir-nach-bhfuil-gá-ar-chor-ar-bith-leis, ach, ag bun an leathanaigh ann, thug mé faoi deara go dtugtar ‘ord minicíochta’ an fhocail don chuardaitheoir.

Chinn mé cuardach a dhéanamh ar na focail ‘cara’ agus ‘namhaid’, le haghaidh ‘an chraic’, an dtuigeann sibh, go bhfeicfinn cé acu focal is minice in úsáid ag lucht na Gaeilge - sin sibhse agus mise, agus ár leithéidí, is dócha, a léitheoirí.

Dar le Pota Focal, is é ‘cara’ an ‘294ú focal is minice úsáid sa Ghaeilge, é ag teacht chun cinn ‘uair amháin i ngach 3,703 focal’, gan ‘namhaid’ ach sa 2,305ú’ áit, é ag teacht chun cinn ‘uair amháin i ngach 131,640 focal’.

Meas tú an gciallaíonn sé sin go bhfuilimid iontach cairdiúil, a léitheoirí, nó an gciallaíonn sé go gcoinnímid ár naimhdeas i bhfolach?  Hmmm…

Wednesday, April 20, 2011

Cás Cuairte

Tháinig mé ar an ngléas thuas inné, nuair a bhí mé ag útamáil liom sa phrios. Anois, tá a fhios agam go bhfuil sibh ann agus beidh a fhios agaibh, láithreach bonn, cén úsáid a bhainfeadh duine as a leithéid, ach ní raibh a fhios agamsa, an chéad lá a tugadh dom é.

Fuair mé é mar bhronntanas roinnt blianta ó shin, nuair a bhí mé ar laethanta saoire sa Ghearmáin. Go deimhin, bhí ar an mbronntóir feidhm an ghléis a mhíniú dom. Tá go maith, arsa mé féin liom féin ag an am, bainfidh mé úsáid as sin gan dabht, ó am go chéile.  

Nuair a bhí mé ag fáil réidh don turas eitleáin abhaile ón nGearmáin, chuir mé an gléas isteach i mo chás cábáin, ar fhaitíos go mbeadh sé ag teastáil uaim i rith an aistir, an dtuigeann sibh. Bhí go maith, agus ní raibh go holc, go dtí go raibh orm dhul tríd rannóg shlándála an aerfoirt, áit a dtéann paisinéirí, agus a mbagáiste, tríd an bpróiseas scanta.

Chuir mé mo chás cábáin suas ar an gcrios iompair, agus d’imigh sé leis, tríd an inneall x-ghathaithe, mar is gnách. Bhí scata fear as Éirinn sa scuaine taobh thiar díom, iad ar a mbealach abhaile ó chóisir na stumpaí, rud ba léir óna ngeansaithe, ar a raibh ‘John’s Last Stand’,  nó rud éigin mar sin, scríofa. 

Pé scéal é, rinneadh scanadh orm féin freisin, mar is iondúil, agus bhí mé i mo sheasamh, ar an taobh eile den inneall scanacháin, ag fanacht go foighneach le mo chás, le go dtabharfainn liom é, isteach ar an eitleán. Bhí sé mall go leor ag teacht tríd an bpróiséas, shíl mé.

Faoin am sin, bhí na fir uilig scanáilte, iad ag fanacht go bhfaighinn mo chás, le go mbeadh siad in ann a mbagáiste féin a fháil ar ais. Faoi dheireadh, chonaic mé mo chás ag teacht i mo threo. Díreach agus mé ar tí é a chrochadh liom as an mbealach, stop an garda slándála mé, agus dúirt liom,

Would you mind opening your case, please?’

Thug mé faoi deara go raibh an garda, agus a chomhghleacaí, cineál amhrasach ag breathnú, rud a chuir amhras ormsa, freisin, caithfidh mé a admháil. D’oscail mé mo chás, go deas réidh. Bhí mé ag breathnú, go himníoch, ar na gardaí os mo chomhair, agus bhí siadsan ag coinneáil súil ghéar ormsa.

Agus an cás oscailte agam, thosaigh duine de na gardaí ag útamáil, go cúramach, tríd an stuif ann. Chúlaigh an garda eile beagán, shíl mé, é fós ag coinneáil a shúile dírithe ormsa, mar a bheadh sé ag fáil réidh d’ionsaí ganfhiosaíochta. Nílim cinnte cé ba mhó a bhí ‘i nganfhios’, eisean nó mise, ach bhí seisean faoi réir, pé scéal é, cibé fúmsa.   

An chéad rud eile, céard a thóg an garda eile amach as an gcás ach mo ghléas. Cibé callán agus comhrá a bhí ag dul ar aghaidh sa scuaine taobh thiar díom roimhe sin, stop sé, chomh luath agus a chonaic fir chóisir na stumpaí mo ghléas i lámh an gharda.

Leag an garda an gléas, go cúramach, ar an mbord os mo chomhair, agus chúlaigh sé, coiscéim nó dhó. Ní raibh focal le cloisteáil ó na fir sa scuaine. Go deimhin, de réir mar a chúlaigh na gardaí slándála uaimse agus ón ngléas, is amhlaidh is gaire díom a tháinig na fir ar mo chúl, iad uilig ag géarú a gcluasa, iad uilig ag díriú a súile ormsa, agus ar mo ghléas.

Would you mind telling me what that is, please?’ a dúirt an garda slándála liom, le húdarás.

Phioc mé suas mo ghléas, agus thosaigh mé á oscailt. Chúlaigh na gardaí coiscéim nó dhó eile uaim. Tháinig na fir ar mo chúl níos gaire díom.

Jayus, this’ll be interesting…’ a chuala mé ó fhear amháin acu.

Ansin, ciúnas.

Ní raibh focal á labhairt, ná fiú anáil á tarraingt. D’oscail mé mo ghléas go hiomlán. Tháinig easanálú iontais ó na fir uilig timpeall orm, ar fheiceáil mo bhanana dóibh, banana a bhí fós go deas úr, agus slán sábháilte, istigh ina chás beag féin. 

Tuesday, April 19, 2011

20 Coiscéim


An mise an t-aon duine amháin nach dtuigeann cén fáth nár éirigh leis na daoine - na daoine ar leo na buidéil fholmha sa ghrianghraf thuas, agus a d’fhág na buidéil chéanna ina ndiaidh ar an mbord picnice i Swan Park ar maidin – an mise an t-aon duine amháin nach dtuigeann, ar chor ar bith, cén fáth sa diabhal nár éirigh leo an fiche coiscéim a shiúl ón mbord picnice go dtí an bosca bruscar, atá le feiceáil go soiléir in aice an bhoird, agus na buidéil fholmha a chaitheamh isteach ann?

Saturday, April 16, 2011

Fonn Pósta Ort?

Thosaigh mé ag léamh an stórchiste Roget’s Thesaurus, lá amháin an tseachtain seo caite. Beannacht do bhainis a bhí á cumadh agam, agus chuaigh mé go leathanach 893-895, áit ina bhfuil na nathanna cainte a bhaineann le ‘marry’ agus ‘wed’ le fáil.

Anois, tá a fhios agam nach bhfuil sa leabhar ach samplaí de ‘coined words and expressions’ ach, mar sin féin, rith an smaoineamh liom gur suimiúil na nathanna cainte atá ann d’ócáid an phósta.

Tá ‘give up one’s freedom’ agus ‘take the plunge’ ann,  agus tá ‘make an honest woman of’ ann, cé nach bhfuil ‘make an honest man of’ ann, ar chor ar bith.

Agus, dá mba rud é go raibh bean chéile uait, ní bheadh le déanamh agat ach ‘take a wife’, cé go gcaithfeá a dhul ar thóir d’fhear céile, agus ‘find a husband’ a dhéanamh, rud nach mbeadh éasca, bíodh a fhios agat, mura mbeadh ‘renounce bachelorhood’ déanta aige, roimh ré.  

Meas tú nach í an bhean chéile an ‘better half’, mar sin…ó tharla í cneasta, an dtuigeann sibh…

Saturday, April 9, 2011

Cearc Ar Gor

Tháinig an chearc thuas chugam sa phost an tseachtain seo caite, mar bhronntanas ón Bhean Neamhspleách, do Lá na Máithreacha. Tá an chearc ag breith léi ó shin, agus táim, ahem, ar gor ag fanacht leis na huibheacha uaithi, Domhnach na Cásca.

Tháinig sí, sa phost, i mbosca, agus bhí go leor páipéir dhoinn timpeall uirthi, le hí a choinneáil sábháilte, is dócha. Cibé scéal é, thosaigh mé ag baint an pháipéir den bhosca le cúram, le nach stróicfinn é, le go mbeinn in ann an páipéar donn a chur i dtaisce, an dtuigeann sibh, le go mbeinn in ann é a úsáid arís, am éigin amach anseo.

Rith an smaoineamh liom, agus mé á dhéanamh sin, an sean-nós é páipéar, prócaí suibhe, seanntuáillí, boscaí folmha srl., a shábháil, agus a chur i dtaisce, le go mbainfear feidhm eile astú arís, nó an é go gceannaítear chuile ní as an nua sa lá atá inniu ann?

Thursday, April 7, 2011

An Daonáireamh agus Na 'Biting Irish'

Ní hea, a léitheoirí, ní de dhaonáireamh an Domhnaigh seo chugainn atáim ag tagairt anseo, ach den daonáireamh malartach atá curtha le chéile ag clár Ray D’Arcy.  Sórt ‘stand up comedy version’ den daonáireamh atá ann, dar leo, é mar aidhm acu an ‘real Ireland’ a aimsiú, an dtuigeann sibh.

Tá ceisteanna fearacht ‘Have you ever smoked cannabis?’, ‘Did you ever laugh so much, you peed in your pants’, agus ‘Do you remember your dreams?’ curtha san áireamh ar an daonáireamh, mar shampla, le go mbeidh Ray agus a fhoireann in ann ‘real Ireland’ s'againne a aimsiú. Sea.

Tá agaibh go dtí meán lae Dé hAoine an daonáireamh a líonadh isteach, agus beidh na torthaí le cloisteáil ar chlár Ray D’Arcy, Dé Luain seo chugainn. 

Tá sé líonta isteach agam féin cheana, ó tharla gur, ahem, saoránach dílis atá ionam, bíodh a fhios agaibh. Nuair a bhí mé críochnaithe leis, thug siad cúpla sampla dom d’fhreagraí atá faighte acu, ar cheist nó dhó, go dtí seo.

Maidir leis an gceist ‘Do you remember your dreams?’, scríobh 81% de na rannpháirtithe go raibh cuimhne acu ar  a mbrionglóidí, cé go raibh 66% nach mbeadh cuimhne acu ar a dhath,  más fíor a bhfreagraí ar an gceist ‘Did you ever black out from drink?’

Agus, cé mhéad duine ‘ever bit someone’ anseo in Éirinn, bhur mbarúil? Creid é nó ná creid, is cosúil go ndearna 62% a leithéid, ag am éigin ina saol. Na ‘Biting Irish’, gan dabht.

Wednesday, April 6, 2011

Is Toil

Fadó, ahem, nuair a phós mise, mar shampla, dá mba rud é gur mhian le duine a shaol a chaitheamh ina chónaí in éineacht lena pháirtí, nó dá mba mhian le daoine páiste a bheith acu, mar shampla, glacadh leis go mba chóir go mbeadh an lánúin pósta, sula ndéanfaidís a leithéidí.

Ar ndóigh, ní mar sin a tharla i gcónaí, mar is eol dúinn, agus is iomaí duine a d’íoc go daor as, go mothúchánach, nó trí spíonadh intinne, nuair nár lean siad córas coimeádach a n-eaglaisí. Ba chórais iad lenar thacaigh an rialtas, agus ba chórais iad a lean tromlach an phobail. Ní hé sin le rá gur aontaigh chuile dhuine leis na córais a bhí ann ag an am, an dtuigeann sibh, ach ní raibh sé de nós ag daoine dul ina gcoinne, ar fhaitíos na bhfaitíos, is dócha.

Pé scéal é, bhí saoirse de shórt ag fir agus mná, mar go raibh cead acu a rogha duine a phósadh, agus 'Is toil.' a rá dá mba mhian leo, rud a rinne mé féin, tar éis titim i ngrá leis féin. An méid sin ráite, bhí daoine ann, an fear a thit i ngrá le fear, nó an bhean a thit i ngrá le bean, agus ní raibh an tsaoirse, ná an rogha, sin acu. Cé gur ionann an cineál grá a roinn siadsan lena chéile agus an grá a roinn fear le bean, abair, ní ligfeadh an faitíos dóibh labhairt ar a ngrá, gan trácht ar labhairt ar phósadh.

Inné, phós an lánúin Barry Dignam agus Hugh Walsh i mBaile Átha Cliath. Phós said taobh amuigh de chóras na heaglaise, ach taobh istigh de chóras an stáit; córas atá fós sách lochtach, mar nach dtugann sé na cearta céanna dóibhsean agus a bheadh ag lánúin heitrighnéasach, mar shampla.

Anything which is not equality is not equal,’ a dúirt duine acu inné, agus aontaím leis. Nár fada uainn an lá go mbeidh na cearta céanna againn uilig.

Tuesday, April 5, 2011

An Focal Scríofa

An cuimhin libh gur scríobh mé faoi mblagálaí, Phyllis Green, sé mhí ó shin? Ag an am sin, bhí Phyllis faoi chúram ospíse, agus bhí sí an-tinn. Mar sin féin, d’éirigh léi tús a chur lena blag http://wedeb90.blogspot.com i Mí Dheireadh Fómhair 2010.

Bhí a breithlá ann an mhí sin, an dtuigeann sibh, mí ar shroich sí aois a ceithre scór go leith. Mo chuimhne, más mian libh míniú a fháil ar an seoladh sin aici, ‘wedeb90’, b’fhiú a céad bhlagmhír, A First Hello, a léamh. Scéilín an-deas, ceapaim féin.

Mar a scríobh mé fúithi ag an am, is de thimpiste a tháinig mé ar a blag, ach chroch mé mo hata ar a crochadán, mar a rinne go leor daoine eile romham, agus thug mé cuairt ar a blag, go rialta.

Le roinnt míonna anuas, thug mé faoi deara nach raibh aon fhocal uaithi, agus tar éis na dtráchtanna ar a blagmhír dheireanach a léamh inné, fuair mé amach go bhfuair an bhean uasal bás, sé seachtainí ó shin, ar an 24 Feabhra. Tá a cuid fulaingthe thart, a pianta curtha dí aici. Go raibh suaimhneas síoraí ag a hanam álainn.

Ise a dúirt liom, i dtrácht uaithi geábh, ar an mír Wede I be, ‘Please call me Phyllis...we are all friends, here.’ Agus, sin mar a d’airigh mé, mar chara ar cuairt, cé nár casadh an bhean riamh orm.

‘Sé an smaoineamh a rith liom ar maidin, agus mé ag machnamh ar an bpléisiúr a bhain mé as focal na mná sin a léamh, ná go bhfuil críochnaitheacht ag baint leis an mbás, ar go leor bealaí, ach maireann an focal scríofa go brách. I bhfocail Phyllis, agus í ag labhairt faoina blagáil, ar an bhfíseán seo,

‘I just hope that I’ve made enough of an impact that they think of me fondly when I’m gone….’

Táim den bharúil gur éirigh léi. Go mba hé duit, a scríbhneoir.  

Monday, April 4, 2011

Ronan Kerr - Mo Cheist


I Mí Lúnasa 1998, sheas mise i dtrí theach faire anseo i mBun Cranncha, ag iarraidh ciall a dhéanamh den uafás a bhí théis titim sa mhullach ar thuismitheoirí, ar ghaolta agus ar chairde na dtriúir leaids óga a bhí ina luí, marbh, sna cónraí os mo chomhair.

Buamáil na hÓmaí a d’fhág sínte ar chlár iad. Bhí scamaill dhorcha an dóláis ar fud na háite, anseo agus trasna na teorann, mar sciobadh 29 duine ó theaghlaigh éagsúla, ón dá thaobh, an lá tubaisteach úd. Ach, ní teorainn amháin a bhí i gceist. Sciobadh daoine ón Spáinn uainn, freisin, scoláirí a tháinig anseo go Bun Cranncha, mar a rinne na céadta scoláire ón Spáinn rompu, le blianta fada; cuid acu a d'fhan i mo theach féin, dlúthchairdeas agam lena dtuismitheoirí anois.  

Aréir, agus mé ag éisteacht leis an bhfíseán thuas, agus leis an méid a bhí le rá ag máthair Ronan Kerr, chuala mé láidreacht na máthar ar Lá na Máithreacha, ach d’airigh mé, arís eile, an t-uaigneas, an bhuairt, an brón, an croitheadh agus crá croí; na mothúcháin sin uilig breactha ar aghaidh Nuala Kerr, b’fhacthas dom, agus ar aghaidheanna deartháireacha and deirfiúr an fhir óig uasail, Ronan Kerr.  

Arís eile, cuirim an cheist chéanna a chuir mé an lá úd a sheas mé i dtithe James, Oran agus Seán – cén fáth?

Saturday, April 2, 2011

Nathanna Cainte

Cá gcaithfeadh sibh an luaith ón tine fadó?’ a d’fhiafraigh mé féin de Mhac, cara liom as Conamara, fear gur cainteoir dúchais é.

Is ón gceist sin a fuair mé amach gurb í An Iothlainn an garraí ba ghaire den teach acu, agus Mac ag fás aníos.  Mo chuimhne, is mar ‘olainn’ a d’fhuaimnigh sé an focal ‘iothlainn’, rud a thuigfidh duine ar bith le canúint Chonamara a deir an phaidir, Ag Críost an Síol, paidir ina bhfuil an líne ‘in iothlainn Dé go gcastar sinn.’

Tá focail éagsúla Béarla aimsithe agam don iothlainn. Ina measc tá haggard, rickyard, stackyard, a granary, a barn agus a threshing floor, Fágfaidh mé fúibh féin é cé acu focal is fearr a fheileann d’iothlainn Dé.

Pé scéal é, is cosúil go mbíodh balla mór láidir ard timpeall na hiothlainne fadó, le nach mbeadh na beithígh in all dul isteach ann, an dtuigeann sibh, mar is ansin a bhíodh na cocaí féir coinnithe. Cé nach bhfuil a fhios agam an ionann cruach fhéir (stack of hay), agus coca féir (cock of hay), garraḋ na gcruaċ’ ag foclóir Lane O’Neill (735) ar an rud is haggardstackyard ann.

Is léir, ón méid seo uaidh, ‘ioṫla ċruaċaċ ḋeineann duine uaiḃreaċ’ go gceapann foclóir McCionnaith (lch. 574) go mbeadh duine uaibhreach dá mbeadh a iothlainn cruachach, cé go bhfuil foclóir Uí Dhónaill (lch. 731) den bharúil go mbeadh duine in dire straights, dá mbeadh sé, abair, in iothlainn an anró.

Agus, cá mbeadh duine agus é, nó í, i mbuailiḃ báis agus i n-ioṫlannaiḃ éaga (Dinneen Lch. 616)? Bheadh sé nó sí i mbuailte báis agus in iothlainneacha éaga sa lá atá inniu ann, is dócha, nó, mar a scríobh Dinneen, bheadh an duine in the enclosures of death and the threshing floors of fate– i bhfocail eile, bheadh an té sin ar na battle fields.

                                        ***********
Tuilleadh Nathanna Cainte uaim anseo agus anseo.

Friday, April 1, 2011

Céim Soir

Chaith mé an lá ar an mbóthar inné, ar mo bhealach go Baile Átha Cliath, agus Áras an Uachtaráin, áit ar fhan mé aréir, i seomra álainn ann, ó tharla cuireadh faighte agam bheith i láthair ag ócáid mhór a bheas ar siúl sa teach stairiúil seo, inniu.

An tseachtain seo caite a tháinig an cuireadh oifigiúil sa phost. Bhí sé scríofa ar chárta órchiumhsach, agus thosaigh sé leis na focail ‘Ba mhór ag an Uachtarán Uasal, Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus a fear, Máirtín, cuireadh a thabhairt do 'Áine agus Sióg' bheith i láthair ag ócáid bhronnta na gcéimeanna, An Cat is Craiceáilte in Éirinn' agus ag an gceiliúradh ina dhiaidh sin i dTeach Farmleigh,  ar an Aoine seo, 1 Aibreán.'

Ar ndóigh, ní amadán mise, bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, agus céard eile a dhéanfainn, ach Sióg a chaitheamh sa charr, agus an bóthar soir a bhualadh. Cé nach cat é Sióg a dtaitníonn ócáidí callánacha leis, mura n-eagraíonn sé féin iad, tuigeann sé tábhacht an lae mhóir seo, agus táim den bharúil go mbainfimid beirt sult as.

Go mba hé daoibh, cibé áit ina mbeidh sibh inniu, a amadáin chairde.