Wednesday, April 6, 2011

Is Toil

Fadó, ahem, nuair a phós mise, mar shampla, dá mba rud é gur mhian le duine a shaol a chaitheamh ina chónaí in éineacht lena pháirtí, nó dá mba mhian le daoine páiste a bheith acu, mar shampla, glacadh leis go mba chóir go mbeadh an lánúin pósta, sula ndéanfaidís a leithéidí.

Ar ndóigh, ní mar sin a tharla i gcónaí, mar is eol dúinn, agus is iomaí duine a d’íoc go daor as, go mothúchánach, nó trí spíonadh intinne, nuair nár lean siad córas coimeádach a n-eaglaisí. Ba chórais iad lenar thacaigh an rialtas, agus ba chórais iad a lean tromlach an phobail. Ní hé sin le rá gur aontaigh chuile dhuine leis na córais a bhí ann ag an am, an dtuigeann sibh, ach ní raibh sé de nós ag daoine dul ina gcoinne, ar fhaitíos na bhfaitíos, is dócha.

Pé scéal é, bhí saoirse de shórt ag fir agus mná, mar go raibh cead acu a rogha duine a phósadh, agus 'Is toil.' a rá dá mba mhian leo, rud a rinne mé féin, tar éis titim i ngrá leis féin. An méid sin ráite, bhí daoine ann, an fear a thit i ngrá le fear, nó an bhean a thit i ngrá le bean, agus ní raibh an tsaoirse, ná an rogha, sin acu. Cé gur ionann an cineál grá a roinn siadsan lena chéile agus an grá a roinn fear le bean, abair, ní ligfeadh an faitíos dóibh labhairt ar a ngrá, gan trácht ar labhairt ar phósadh.

Inné, phós an lánúin Barry Dignam agus Hugh Walsh i mBaile Átha Cliath. Phós said taobh amuigh de chóras na heaglaise, ach taobh istigh de chóras an stáit; córas atá fós sách lochtach, mar nach dtugann sé na cearta céanna dóibhsean agus a bheadh ag lánúin heitrighnéasach, mar shampla.

Anything which is not equality is not equal,’ a dúirt duine acu inné, agus aontaím leis. Nár fada uainn an lá go mbeidh na cearta céanna againn uilig.

3 comments:

Dennis King said...

Faoi dheireadh thiar thall!

Mise Áine said...

Nach bhfuil a fhios agam é, a chara...:-)

ormondo said...

Faoi mar a deirtí fadó: a luaithe a thógtar an brú as an gciteal, ní bhítear ag feadaíl a thuilleadh.

Agus is amhlaidh go bhfuil an brú i gciteal na heaglaise téaltaithe go hiomlán faoi seo.

Feictear dom áfach, go bhfuil réabhlóid choimeádach ar bun sna blianta beaga. An féidir le héinne luachanna na réabhlóide seo a mhíniú dom?