Saturday, April 16, 2011

Fonn Pósta Ort?

Thosaigh mé ag léamh an stórchiste Roget’s Thesaurus, lá amháin an tseachtain seo caite. Beannacht do bhainis a bhí á cumadh agam, agus chuaigh mé go leathanach 893-895, áit ina bhfuil na nathanna cainte a bhaineann le ‘marry’ agus ‘wed’ le fáil.

Anois, tá a fhios agam nach bhfuil sa leabhar ach samplaí de ‘coined words and expressions’ ach, mar sin féin, rith an smaoineamh liom gur suimiúil na nathanna cainte atá ann d’ócáid an phósta.

Tá ‘give up one’s freedom’ agus ‘take the plunge’ ann,  agus tá ‘make an honest woman of’ ann, cé nach bhfuil ‘make an honest man of’ ann, ar chor ar bith.

Agus, dá mba rud é go raibh bean chéile uait, ní bheadh le déanamh agat ach ‘take a wife’, cé go gcaithfeá a dhul ar thóir d’fhear céile, agus ‘find a husband’ a dhéanamh, rud nach mbeadh éasca, bíodh a fhios agat, mura mbeadh ‘renounce bachelorhood’ déanta aige, roimh ré.  

Meas tú nach í an bhean chéile an ‘better half’, mar sin…ó tharla í cneasta, an dtuigeann sibh…

8 comments:

Dennis King said...

Má théann an fear bocht “faoi chuing an phósta” beidh sé i “wedlock” (cosúil le “headlock” i ngleacaíocht?) agus más Cockney é, beidh “trouble and strife” (.i. “wife”) aige ansin.

John said...

Céard faoi na henpecked husbands? Nár bhfuair tú ceann sa phost go fóill?!

Anonymous said...

Más moladh uait faigh bás, cáineadh pós.

Mise Áine said...

@ Dennis

Chuala mé na cinn sin, freisin. Luaigh Walter 'to get a ball and chain' liom thall in Facebook, ach is cosúil gur fear a bheadh á dhéanamh sin, agus ní an bhean! Hmmm...:-)

@ John

Ní aithneoinn a leithéid, dá mbeadh a leithéid de rud ann, ar ndóigh..;-)

@ Bob

Bhuel, sin bealach amháin leis an bpósadh a sheachaint, is dócha...:-)

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Ceann deas a chloisim ó am go céile:
"Chuir mé snaidhm le mo theangaidh nach scaoilim le mo chár!"

Mise Áine said...

Agus, a Phroinsias, ar chuala tú an ceann seo...

'Pós bean oileáin agus pósfaidh tú an t-oileán ar fad'

...:-)

Néidí said...

Is uaigneach an níochán nach mbíonn léine ann!

Mise Áine said...

Ceann maith, a Néidí...;-)