Tuesday, April 19, 2011

20 Coiscéim


An mise an t-aon duine amháin nach dtuigeann cén fáth nár éirigh leis na daoine - na daoine ar leo na buidéil fholmha sa ghrianghraf thuas, agus a d’fhág na buidéil chéanna ina ndiaidh ar an mbord picnice i Swan Park ar maidin – an mise an t-aon duine amháin nach dtuigeann, ar chor ar bith, cén fáth sa diabhal nár éirigh leo an fiche coiscéim a shiúl ón mbord picnice go dtí an bosca bruscar, atá le feiceáil go soiléir in aice an bhoird, agus na buidéil fholmha a chaitheamh isteach ann?

4 comments:

stwidgie said...

Mise ach oiread, a hÁine. Ceacht mhaith le Seachtain an Dhomhain.

John said...

Mise leat. Ó cuireann an oiread bruscair caite ar na bóithe sa mbaile racht feirge orm. Agus is léir ón mbruscar céanna gur daoine áitiúla atá á dhéanamh. Fuair mé nuachtán lasmuigh den tigh inné. Tarlaíonn sé sin go minic. Tabloids i gcónaí.

Míshásta said...

Is léir, a Áine, gurb é an rud nach dtuigeann tú, ná gur saothar ealaíne cruthaitheach atá ann, ag léiriú folmhacht an tsaoil chomhaimseartha dúinn. Súil agam nár scrios tú é.

Mise Áine said...

@ Ceacht mhaith le Seachtain an Dhomhain.

Táim den bharúil nach mbeadh suim dá laghad acu ina leithéid, a Kharen!

@ daoine áitiúla.

Nílim cinnte an daoine áitiúla a d'fhág ann iad, a John, mar bíonn cuairteoirí sa pháirc sin go minic. Mar sin féin, ní hé an chéad uair a leithéid feicthe agam ann, faraor

@ 'saothar ealaíne cruthaitheach atá ann'

ASG!

Ar ndóigh, a Mhíshásta, tuigim go rómhaith nach fúm atá sé léiriú ar bith ar fholmhacht an tsaoil seo a scriosadh...;-)