Thursday, April 7, 2011

An Daonáireamh agus Na 'Biting Irish'

Ní hea, a léitheoirí, ní de dhaonáireamh an Domhnaigh seo chugainn atáim ag tagairt anseo, ach den daonáireamh malartach atá curtha le chéile ag clár Ray D’Arcy.  Sórt ‘stand up comedy version’ den daonáireamh atá ann, dar leo, é mar aidhm acu an ‘real Ireland’ a aimsiú, an dtuigeann sibh.

Tá ceisteanna fearacht ‘Have you ever smoked cannabis?’, ‘Did you ever laugh so much, you peed in your pants’, agus ‘Do you remember your dreams?’ curtha san áireamh ar an daonáireamh, mar shampla, le go mbeidh Ray agus a fhoireann in ann ‘real Ireland’ s'againne a aimsiú. Sea.

Tá agaibh go dtí meán lae Dé hAoine an daonáireamh a líonadh isteach, agus beidh na torthaí le cloisteáil ar chlár Ray D’Arcy, Dé Luain seo chugainn. 

Tá sé líonta isteach agam féin cheana, ó tharla gur, ahem, saoránach dílis atá ionam, bíodh a fhios agaibh. Nuair a bhí mé críochnaithe leis, thug siad cúpla sampla dom d’fhreagraí atá faighte acu, ar cheist nó dhó, go dtí seo.

Maidir leis an gceist ‘Do you remember your dreams?’, scríobh 81% de na rannpháirtithe go raibh cuimhne acu ar  a mbrionglóidí, cé go raibh 66% nach mbeadh cuimhne acu ar a dhath,  más fíor a bhfreagraí ar an gceist ‘Did you ever black out from drink?’

Agus, cé mhéad duine ‘ever bit someone’ anseo in Éirinn, bhur mbarúil? Creid é nó ná creid, is cosúil go ndearna 62% a leithéid, ag am éigin ina saol. Na ‘Biting Irish’, gan dabht.

2 comments:

John said...

Nach bhfuil comhthéacs ag teastáil anseo a Áine? An greim throdach nó rómánsúil atá i gceist? ;)

Ó, airím an 'saorántacht dílis' uaim. B'fhéidir gur chóir dom ticéad taistil a cheannach i gcomhair an Domhnaigh...

Mise Áine said...

@ 'An greim throdach nó rómánsúil atá i gceist?'

Cé ag atá a fhios!

B'fhéidir go mbeidh daoine ann a bheas ag freagairt na gceisteanna malartacha ina mbealaí malartacha féin...;-)